Tá comhphobal agus comhchruthaitheoirí ag croílár chleachtas Róisín Ní Haicéid agus a togra banríon. Ar chlúdach an albaim nua Untarnishing tá péintéireacht de chuid an ealaíontóra Paddy Critchley.

“Leithscéal a bhí ann bunsaothar le Critchleya fháil!” a deir Róisín le gáire geal. “Is aoibhinn liom an píosa ealaíne, tá sé chomh speisialta. Sheol mé an t-albam chuige agus dúirt Paddy gur tháinig an phéintéireacht uaidh agus é ag éisteacht leis. Bhí sé foirfe, díreach mar a bhí ar intinn agam.”

Tá ealaín de chuid Megan Luddy in íomhánna na singlí freisin, caidrimh fadbhunaithe: “rinne Megan an ealaín ar fad do mo chéad EP in 2020 - bhí sí i gcónaí ann ón tús.”

Tá an comhoibriú le sonrú i ngach gné den albam.

“Mothaíonn sé mar cheann de na rudaí is tábhachtaí, ní hamháin don ealaín ach do gach rud. Is aoibhinn liom ceol mar bhealach le comhoibriú le daoine. Fiú nuair a mhíníonn tú do smaoineamh faoi vibe albaim nó an chuma atá air, is bealach suimiúil é sin le foghlaim fút féin.”

Agus an tréimhse sin curtha i dtaisce an albaim seo, tá ré úr órga roimh Róisín, atá díreach théis bogadh ó Londain go Luimneach…

Tá tacaíocht mhothúchánach ann freisin: “tá mo chuid muiníne faoin cheol fós saghas lag, ach nuair a thaispeántar ceol nó amhrán do dhuine nua, agus tá siad tógtha faoi, is féidir glacadh leis go dáiríre ansin. Is aoibhinn liom an chuid sin de.”

Ba le Diarmuid O’Connor - “rinne sé gach rud go bunúsach: an léiriúchán ar fad, giotár agus dord, canadh, taifead, meascadh!” - Lile Donohue, Cosmo Clarke agus Henry Earnest a d’oibrigh Róisín ar an albam seo. Glacann Untarnishing an t-éisteoir istigh faoina bhaclainn mar a bheadh barróg ann. Taisceadán íomhánna, seanghrianghrafanna mar a bheadh iontrálacha dialainne ann agus ina bhfuil móitífeanna a bhaineann le grá, baile, agus ómós áite.

“Bhí cineál athrú dhá bhliain ó shin. Bhris an banna suas in 2024, an samhradh sin, agus ag an am céanna bhí mé ag déanamh cónaitheachta san Aithin, i m’aonar, in árasán ollmhór le síleálacha arda. Rinne mé cúrsa scríbhneoireachta le Adrianne Lenker ar líne. B’shin an chéad uair dom smaoineamh faoi scríbhneoireacht ceoil a fhoghlaim go gníomhach, agus na huirlisí a bhaineann leis. Ní hé gur bhog mé ón indie-rac ach bhog mé i dtreo níos mó spáis a bheith agam a bheith séimh.”

Ba shaothar oibre baile é an chéad singil ar an albam, Roseland, a dhéanann cur síos ar theach teaghlaigh in Éirinn, ach a bhfuil foshruth de cheisteanna ár linne ag ritheacht faoi: ‘They’ve got a medium-sized house on the shoreline / I reckon the sea’ll take it in my lifetime’.

Róisín Ní Haicéid

Róisín Ní Haicéid

Míníonn Róisín gur “thug Adrianne amhrán John Prine - Far From Me - mar theimpléid den ‘descriptive imagery vs confessional things’. Déanann sí é sin an t-am ar fad ina ceol - íomhánna fileata agus ansin tagann sí isteach le focain hearbreak revelation ag an deireadh! Ach is teimpléad é sin atá chomh húsáideach.”

Tá an bua seo ag Róisín féin. Mealltar éisteoirí isteach i seomra nó suíomh ar leith inar féidir a bheith compordach, sula mbuailtear le tonn mothúchán nó tuisceana thú.

D’eascair teideal an albaim Untarnishing ó dhráma de chuid Isadora Epstein a raibh páirt ag Róisín ann. “Dearmad cló a bhí ann. Scríobh mé an t-amhrán Ór do mo charachtar, Gold, mar gur ‘léiriú cruthanta ar an ór’. Bhí sciathlúireach órga le cíocha ollmhóra agam - mhothaigh mé iontach! Níor liomsa iad ach ghlacfainn leo! Scríobh mé ‘untarnishing’ seachas ‘untarnishable’ ach thaitin sé liom go mór - dá mbeadh rud éigin ‘tarnished’ d’fhéadfá teacht ar ais uaidh sin.”

Feidhmíonn Untarnishing mar thaisceadán ama do thréimhse 2022-2024. Is fada an bóthar atá siúlta ag Róisín leis an gcnuasach seo ina glac aici ó taifeadadh é i bhFeabhra 2025.

“An t-am sin, bhí sé ar nós… aláram maidine a chloisteáil! Ní raibh me in ann éisteacht leis níos mó. Anois táim ag breathnú siar le cion agus paisean dom féin. Tá cineál snáithe ann: amhráin faoi thitim i ngrá, teacht isteach i m’aiteacht féin, an stuif sin, ach baineann sin leis an am sin. Tá ciall leis an gcuid sin de mo shaol a pháirceáil ansin.”

Agus an tréimhse sin curtha i dtaisce an albaim seo, tá ré úr órga roimh Róisín, atá díreach théis bogadh ó Londain go Luimneach, áit a bhfuil sí ar bís tabhairt faoi chaithimh aimsire nua ar nós damhsa seit agus “leadrán a bheith orm!”, ar sí le gáire eile. “Ceapaim go gcruthaím níos fearr nuair atá leadrán orm. Tá spás agam anseo dó sin. Ní hé go bhfuil sé leadránach i Luimneach, ach tá spás i mo shaol sóisialta fós! Táim sceitimíneach faoi spás a bheith agam a bheith ag spraoi. Seoré nua, go háirithe agus an t-albam ag teacht amach.”

Foclóir:

comhchruthaitheoirí = co-creators

foirfe = perfect

comhoibriú = co-operate

dord = bass

compordach = comfortable

ré úr órga = new golden age/period

damhsa seit = set dancing

sceitimíneach = excited

Source: The Irish Times · Emma Ferrari

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira