Tá straitéis úr Údarás na Gaeltachta cáinte go géar ag urlabhraí BÁNÚ, á rá gur chuir sé iontas air go raibh bord Údarás na Gaeltachta (ÚnaG) sásta an straitéis nua a cheadú gan aon cheo suntasach ráite ann faoin méid a d’fhéadfadh an tÚdarás a dhéanamh le feabhas a chur ar sholáthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, ‘Tá Muid Leat: Straitéis 2026-2030,’ Déardaoin ag Oireachtas na Samhna.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Is é croí na straitéise seo líon na ndeiseanna cainte Gaeilge a mhéadú agus cur le hinmharthanacht na bpobal Gaeltachta. Ní féidir todhchaí na Gaeilge a scaradh ó thodhchaí eacnamaíoch agus shóisialta na Gaeltachta.

“Trí infheistíocht sa teanga, san aos óg, sa nuálaíocht, sa phobal agus san fhostaíocht, táimid ag leagan bunchloch láidir don chéad ghlúin eile agus ag cinntiú go mbeidh an Ghaeltacht ina háit bhríomhar chun cónaí, obair agus gnó a dhéanamh inti.”

Dúirt urlabhraí BÁNÚ Donncha Ó hÉallaithe gur cúis díomá dó nach bhfaca sé go raibh aon rud sa straitéis a thabharfadh le fios go raibh aon fhonn ar Údarás na Gaeltachta dul ag plé le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Cé go mba é easpa tithíochta sa nGaeltacht is mó a bhí luaite ag daoine le linn an phróisis comhairliúcháin agus ag eagraíochtaí, níor tugadh mórán airde air sin agus an straitéis á cur le chéile.

“Deirtear sa straitéis nach bhfuil i gceist ag an Údarás ach ‘léirithe spéise a lorg ar shuíomhanna an Údaráis a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach do thithíocht’. Cé uaidh a bheas ‘léirithe spéise’ á lorg? Ó eagraíochtaí nach é a gcúram an Ghaeilge a chaomhnú sa nGaeltacht?”

Dúirt Ó hÉallaithe go bhfuil sé dhá bhliain ó gealladh go mbeadh plean tithíochta á ullmhú ag Údarás na Gaeltachta ach nach bhfuil a fhios aige cad a tharla don phlean sin mar nach bhfeiceann sé aon tagairt dó sa straitéis.

Dúirt Ó hÉallaithe go bhfuil géarghá le toghchán le comhaltaí úra a roghnú ar Bhord an Údaráis: “Teastaíonn comhaltaí a chur ar an mBord ó na pobail Ghaeltachta a bheas in ann fuadar a chur faoin mbainistíocht le dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht. Ní leor go mbeadh an tÚdarás ag seasamh siar ag súil go mbeidh dreamanna eile sásta an fhadhb tithíochta sa nGaeltacht a réiteach.”

Faoi straitéis cúig bliana an Údaráis dúradh go mbeadh 30 comhlacht “ar cheannn na nuálaíochta” á gcruthú ina mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre iontu.

Tá 9,716 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis agus díreoidh an straitéis ar chaighdeán na bpost sin chomh maith lena líon.

Tá sé i gceist faoin straitéis go mbeidh béim ar leith ar tháirgiúlacht na gcomhlachtaí sin, go mbeidh teacht aniar iontu agus go mbeidh siad seasmhach i ndomhan atá de shíor ag athrú.

Beidh deis tógáil ar bhuntáistí agus acmhainní nádúrtha na Gaeltachta in earnálacha a bhfuil fás i ndán dóibh, ar nós fuinneamh in-athnuaite, teanga, teicneolaíocht agus taighde.

Beidh béim ar thacaíocht do chomhlachtaí iad féin a ullmhú do dhúshláin na todhchaí. Ardófar ráta úsáide na mol digiteach go 70% agus tacófar le 50 printíseach in aghaidh na bliana go dtí 2030.

Tá sé mar aidhm ag an straitéis nua Ceannaireacht na nÓg a chothú, inmharthanacht phobail na Gaeltachta a neartú, agus caighdeán na fostaíochta sa Ghaeltacht a ardú.

Dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary: “Is sampla den scoth é Campas Íosagáin i mBaile Bhuirne den mhéid is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn gníomhaireachtaí an Stáit as lámha a chéile.

“Beidh ról lárnach ag na háiseanna seo agus áiseanna Gaeltachta dá leithead sna blianta amach romhainn ag freastal ar riachtanais oiliúna agus foghlama an cheantair, na seirbhíse poiblí agus phobal na Gaeltachta.”

Source: The Irish Times · Michelle Nic Pháidín

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira