Agus muid uilig ag dréim go mór leis an deireadh seachtaine atá romhainn, tá lucht TG4 ag dréim le ceiliúradh a dhéanamh ar chloch mhíle shuntasach a bhainfidh siad amach Oíche Shamhna.
Beidh mórócáid cheiliúrtha ar siúl ag Oireachtas na Samhna oíche Shathairn, 31 Deireadh Fómhair, 30 bliain is an lá ó thosaigh TnaG ag craoladh. I measc buaicphointí an cheiliúrtha sin, seolfar TG4+, leagan nua agus athdheartha de Sheinnteoir TG4, chomh maith leis an an dara sraith de CRÁ, sraith dhrámaíochta a raibh éileamh ollmhór uirthi ar fud an domhain.
Den chéad uair riamh, craolfar mórchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós Corn Uí Riada beo ar chainéal teilifíse TG4 agus mar sin tabharfar deis do dhaoine nach mbeidh in ann freastal ar an fhéile sult a bhaint as an aicsean uilig sa bhaile. Craolfar Steip Beo 2026 ar TG4 níos luaithe ar an Satharn fosta.
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, nach bhfuil “áit ar bith níos oiriúnaí ná Oireachtas na Samhna chun breithlá TG4 a cheiliúradh, i measc phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Le seoladh TG4+, craoladh beo Chorn Uí Riada ar TG4 agus seoladh shraith 2 den tsraith choirdhrámaíochta CRÁ, táimid ag ceiliúradh na rudaí is tábhachtaí a bhaineann le TG4, is iad sin ár gcruthaitheacht, ár dteanga, ár gcultúr agus ár bpobal, pé áit a bhfuil siad.”
Aip an Oireachtais beo anois
Seolfar aip oifigiúil an Oireachtais inniu, áit a mbeidh gach uile eolas ar fáil faoi imeachtaí na féile agus torthaí na gcomórtas.
Tá daoine in ann an aip a úsaid le sceideal pearsanta a leagan amach dóibh féin do gach lá na féile, chomh maith le heolas a fháil faoi na hiomaitheoirí a bheidh ag glacadh páirt sna comórtais éagsúla agus roinnt eolais eile faoi na ceardlanna, Aonach an Oireachtais, seoltaí leabhair agus imeachtaí do pháistí.
Tá an aip ar fáil ar an aipmhargadh anois nó is féidir í a fháil ag www.onas.antoireachtas.ie. Costas €5 atá uirthi.
Ceiliúradh Oíche Shamhna faoi lán seoil i nDoire
Tá an fhéile Oíche Shamhna is mó san Eoraip faoi lán seoil ar shráideanna Dhoire an tseachtain seo, agus na mílte turasóirí ag tarraingt ar an chathair le sult a bhaint as clár lomlán imeachtaí agus taispeántas. Tá an Chathair Mhúrtha aitheanta fud fad an domhain mar cheann scríbe den chéad scoth an t-am seo bliana agus meastar go dtugann níos mó ná 100,000 duine cuairt ar an chathair gach aon bhliain.
Is í seo an 40ú bliain den fhéile agus mar sin beidh an ceiliúradh níos mó agus níos scanrúla ná riamh! Déanfar conair scáfar scanrúil as ballaí na cathrach ón oíche amárach ar aghaidh agus beidh na foirgnimh is sine agus is aitheanta sa chathair ar lasadh le draíocht le linn seónna soilse. Má bhíonn ocras ar bith ort le linn na féile, tá Cearnóg Halla na Cathrach lán le stainníní bia agus ceol beo ón lá inniu ar aghaidh agus cuid de na díoltóirí is fearr agus is blasta sa chathair le feiceáil ann.
Tiocfaidh an fhéile chun críche oíche Dé Sathairn le paráid Oíche Shamhna a dhéanfaidh a bealach tríd an chathair óna 7pm ar aghaidh, le scoth na taibhealaíne, drumadóirí, flótaí, taibheoirí ar chosa croise agus feistis scanraitheacha. Cuirfidh taispeántas tinte ealaíne clabhsúr leis an fhéile ag 8.15pm, agus lasfar an Feabhal agus spéir na hoíche le réimse iontach dathanna.
Is féidir súil a chaitheamh ar chlár na féile 2026 ag www.derryhalloween.com.
Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Hector Ó hEochagáin
Níl dabht ar bith go bhfuil Hector ar dhuine de na Gaeilgeoirí is aitheanta sa tír seo. Tá sé ag taisteal an domhain ar TG4 agus ag spalpadh na Gaeilge thar lear le níos mó ná 20 bliain anuas, agus is gearr go mbeidh a tríú leabhar, Irish Words for Every Occasion, ar na seilfeanna.
Is é seo an leabhar deireanach sa tríológ Ghaeilge atá ag Hector. Bhain a chéad leabhar, The Irish Words You Should Know, duais don Leabhar Éireannach is Fearr a Foilsíodh in Éirinn ag Gradaim Leabhar na hÉireann 2024. Dhírigh an leabhar sin ar na frásaí is áille agus is úsáidí sa Ghaeilge, agus dhírigh an dara leabhar sa tríológ, An Irish Word a Day, ar ghnáthfhocail Ghaeilge a úsáidtear ó lá go lá, cosúil le gallúnach agus uibheacha bruite.
Tabharfar an tríú leabhar spreagadh do dhaoine na focail agus na frásaí sin a úsáid. Mar a dúirt Hector é féin, “thug an chéad dá leabhar na focail duit, anois an t-am na focail sin a chur le chéile!”
Beidh Hector ag dul ar camchuairt ag tús na míosa seo chugainn leis an leabhar a phlé agus a chur chun cinn. Tá eolas faoi na himeachtaí sin ar fáil ar na meáin shóisialta @hectorirl_. Seolfar Irish Words for Every Occasion an 29 Deireadh Fómhair, agus is féidir an leabhar a réamhordú anois ar líne.
Source: The Irish Times · Áine Ní Dhonnaile
At a glance
- Topic
- World
- Country
- 🇮🇪 IE
- Publisher language
- EN
- Added to Allnira