Oíche amárach i gCill Airne bronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026 ag searmanas a thionóltar go speisialta chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ardchaighdeán agus ar an tsárobair atá curtha i gcrích in earnáil na meán Gaeilge i rith na bliana. Is ócáid í seo atá ar cheann de mhórócáidí Oireachtas na Samhna. San iomlán tá 13 chatagóir ar chlár na nGradam Cumarsáide. Gan amhras beidh stiúrthóirí clár, láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse i gcoitinne, go bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas ar son na teanga, ag tabhairt aird ar thorthaí na hoíche.
Pé duine a bhuann na gradaim seo, bronnann ainmniúchán ar an ngearrliosta aitheantas tábhachtach orthu féin, ar na hardáin Ghaeilge agus ar na stáisiúin ar fad a bhíonn ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla ach a thugann tacaíocht don teanga, a chothaíonn cláracha Gaeilge agus a chinntíonn go bhfuil tráchtaireacht na Gaeilge mar chuid rialta de sceideal na seachtaine. Is aitheantas é go bhfuil tábhacht ag baint leis na cláir Ghaeilge, go bhfuil lucht éisteachta na stáisiún éagsúil ag cur suim sa teanga agus go bhfuil an stáisiún é féin báúil di.
Ach, a léitheoir shéimh, tá sé deacair gan bheith claonpháirteach! Tá mé féin agus mo dheirfiúr, RoseAnn Foley, ainmnithe…
“Is cúis mhór bróid agus áthais dúinn spotsolas a lonrú arís ar na ceannródaithe cruthaitheacha agus na sárchraoltóirí atá ag saothrú gan staonadh in earnáil na cumarsáide Gaeilge,” a deir Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Léiríonn Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026 an t-ardchaighdeán, an díograis agus an fhís chruthaitheach atá ag tiomáint na meán Gaeilge chun cinn gach aon lá. Tréaslaím go huile is go hiomlán leo siúd uile atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo agus muid ag tnúth le teacht le chéile chun bhur n-éachtaí a cheiliúradh i gCill Airne, Co. Chiarraí i mbliana.”
Deir an láithreoir raidió Cormac Ó hEadhra go dtugann na gradaim chumarsáide “sprioc duit le caighdeán iriseoireachta/craoltóireachta níos airde a bhaint amach agus, má bhíonn an t-ádh leat, an t-aitheantas nuair a éiríonn leat obair mhaith a dhéanamh go leanúnach. Tá taitneamh le baint as an iomaíocht, ionracas ag baint leis an bpróiseas agus ríméad ag baint le gradam a bhuachan”. Agus, arsa sé, “tá mórmheas ar na gradaim sa tionscal”.
Ach, a léitheoir shéimh, tá sé deacair gan bheith claonpháirteach! Tá mé féin agus mo dheirfiúr, RoseAnn Foley, ainmnithe sa chatagóir a aithníonn an clár Gaeilge is fearr a craoladh i rith na bliana ar raidió tráchtála. Tá an-bhród orainn a bheith in ann a rá go bhfuil ár gcomhlacht beag féin, An Corsaiceach, atá lonnaithe i nGaeltacht na nDéise, ainmnithe do chlár a rinneamar mar chuid de shraith a craoladh níos luaithe i mbliana ar stáisiún Phort Láirge, WLR FM. Beimid i láthair i gCill Airne ag freastal ar bhronnadh na ngradam, i measc na n-ainmnithe eile ag fuireach go foighneach ag súil le duais a bhuachaint!
Trí stáisiún san iomlán atá in iomaíocht lena chéile don ghradam áirithe seo - Radio Kerry, Highland Radio, atá lonnaithe i nDún na nGall agus atá ainmnithe faoi dhó ar an ngearrliosta, agus WLR, an stáisiún i bPort Láirge.
Bean Ghaeltachta, Siobhán Uí Mhathúna, gur cainteoir nádúrtha í, atá le cloisteáil sa chlár againne. Sa chlár cloistear í ag caint mar gheall ar a saol – a hóige ag fás aníos i nGaeltacht na nDéise, a clann, a tuismitheoirí, a laethanta ar scoil, a dúil sa lúthchleasaíocht, a gairm mar chócaire agus an gnó rothaíochta atá aici lena fear chéile, Tony O’Mahony i nDún na Mainistreach, an bruachbhaile atá taobh le Dún Garbhán. Cé go bhfuil sí ina cónaí sa Ghalltacht le blianta fada, is léir ón gclár go bhfuil meas agus grá aici don Ghaeilge, go maireann an nasc sin de shíor ina saol agus go bhfuil tábhacht ag an dteanga ina teaghlach. Is é an chéad chlár a chuaigh amach ar an aer ónár sraith, Gaeilge sa Ghalltacht 2. Ag éisteacht le Siobhán, is léir gur rud saibhir, lárnach agus spioradálta fiú é sealbhú agus úsáid a teanga dúchais.
Anseo san oirdheisceart, tá an t-ainmniúchán tar éis aitheantais speisialta, gan choinne, a bhronnadh orainn féin mar chruthaitheoirí ábhar – ar mo dheirfiúr mar eagarthóir sraithe agus ormsa mar agallóir. Agus tá sé tar éis aitheantas a bhronnadh ar an stáisiún raidió cathrach as an dtacaíocht atá léirithe acu do chláracha Gaeilge agus go hindíreach don Ghaeltacht in iarthar an chontae.Tá bród agus sceitimíní ar stiúrthóir stáisiún WLR, Michael Byrne, faoi. Ag éisteacht le WLR, is cinnte go mbíonn an Ghaeilge le cloisteáil ar an stáisiún go rialta. Bíonn seónna agus cláracha á gcraoladh gach seachtain go bhfuil an Ghaeilge mar mheán cumarsáide iontu – mar shampla bíonn Tóg go Bog É le Bróna Coleman ann ar feadh uair an chloig gach Satharn agus craoltar Ceolta Déise le Micheál Ó Drisleáin ar feadh dhá uair an chloig gach Satharn. Fiú bíonn giotaí ar chlár laethúil na seachtaine chomh maith agus an láithreoir Damien Tiernan go minic ag plé leabhar nua Gaeilge nó ag cíoradh cheist na teanga.
D’fhógair An tOireachtas an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026 ag tús na míosa. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla – seachas an catagóir do Réalta Óg na Bliana a roghnófar ar bhonn vóta poiblí. Gan amhras, bíodh bronnadh na mbuanna agus na ngradam orthusiúd is tuillteanaí. Táimid ar bís!
Déanfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026 a shruthú beo ar www.antoireachtas.ie agus www.tg4.ie ó 8in amárach, Dé Céadaoin an 28 Deireadh Fómhair.
Foclóir:
searmanas = service
aitheantas = recognition
Source: The Irish Times · Catherine Foley
At a glance
- Topic
- World
- Country
- 🇮🇪 IE
- Publisher language
- EN
- Added to Allnira