Fógraíodh na hainmniúcháin do ghradaim Réaltaí Pheil na mBan TG4 2026 i lár mhí Mheán Fómhair agus ní fada uainn anois go bhfógrófar na buaiteoirí agus sár-imreoirí na bliana.

Is in Óstán an Bonnington i mBaile Átha Cliath a bheidh an searmanas bronnta ar siúl Dé Sathairn seo chugainn. Is ócáid fhíorthaitneamhach í oíche na nGradam. Bíonn deis ann i gcónaí súil siar a chaitheamh ar chluichí cinniúnacha na bliana agus ar bhuaicphointí an tséasúir sna físeáin a thaispeántar le linn na hoíche. Tugtar aitheantas do shár-imreoirí na tíre, mná a raibh tionchar dearfach acu ar pháirc na himeartha i gcaitheamh na bliana.

Rud suntasach is ea é go bhfuil ainmniúchán faighte ag Sarah Ní Loingsigh na Gaillimhe agus Niamh Ní Chonchúir Chiarraí. Ainmníodh an bheirt chéanna cheana in 2024 nuair a d’éirigh le Ciarraí an lámh in uachtar a fháil ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann. Ach ba iad mná an iarthair a bhí ag ceiliúradh i mbliana agus Corn Bhreandáin Uí Mháirtín buaite ag Gaillimh den chéad uair ó 2004.

Is iomaí gaisce atá bainte amach ag Cora Staunton, bean a raibh an-tionchar aici ar an spórt a fhad is a bhí sí ag imirt.

Tá ceithre ainmniúchán déag faighte ag imreoirí na Gaillimhe, beirt sa bhreis ar Chiarraí. De ghnáth, bíonn níos mó ainmniúchán ag an bhfoireann bhuacach ná mar a bhíonn ag aon fhoireann eile agus ní haon eisceacht iad ainmniúcháin na bliana seo.

Bronnfar trí ghradam eile Dé Sathairn: imreoir sóisir, idirmheánach agus sinsir na bliana. Tá na gradaim seo speisialta mar is iad na himreoirí iad féin a roghnaíonn imreoirí na bliana. Is iad Olivia Divilly na Gaillimhe, captaen Chiarraí, Síofra O’Shea, agus laoch Ard Mhacha, Aimee Mackin, atá ainmnithe d’imreoir sinsir na bliana. Tá Saoirse Wynne (Ros Comáin), Eimear Smyth (Fear Manach) agus Anna Jones (An Iarmhí) ainmnithe d’imreoir idirmheánach na bliana. Bhuaigh Aontroim Craobh Shóisir na bliana agus tá duine de phríomhscórálaithe na foirne, Maria O’Neill, ar an ngearrliosta sa ghrád sin. Is iad imreoirí Cheatharlach, Róisín Bailey agus Sarah Doyle, an bheirt eile atá ainmnithe d’imreoir sóisir na bliana.

29 March 2026; Niamh Ní Chonchúir of Kerry during the Lidl Ladies National Football League Division 1 Round 7 match between Kildare and Kerry at Manguard Plus Kildare GAA Centre of Excellence in Kildare. Photo by Piaras Ó Mídheach/Sportsfil

29 March 2026; Niamh Ní Chonchúir of Kerry during the Lidl Ladies National Football League Division 1 Round 7 match between Kildare and Kerry at Manguard Plus Kildare GAA Centre of Excellence in Kildare. Photo by Piaras Ó Mídheach/Sportsfile *** NO REPRODUCTION FEE ***

Is iomaí gaisce atá bainte amach ag Cora Staunton, bean a raibh an-tionchar aici ar an spórt a fhad is a bhí sí ag imirt. Bhí sí lárnach le linn ré órga Mhaigh Eo agus bronnfar gradam saoil ar Cora ag oíche na Réaltaí i mbliana. D’imir Cora a céad chluiche sinsir le Maigh Eo in 1995, nuair nach raibh sí ach trí bliana déag d’aois! Shamhlóinn nach dtarlódh a leithéid sa lá atá inniu ann. Cailín óg a ghlac a háit ar an bpáirc pheile na bunscoile nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois agus a lean ar aghaidh ag imirt le foirne na mbuachaillí i mBaile an Róba. Deich mbliana ina dhiaidh sin, bhuaigh Cora Craobh Shinsir na hÉireann le Maigh Eo den chéad uair agus í seacht mbliana déag d’aois. D’imir sí leis an gcontae ar feadh breis is scór bliain. Bhuaigh sí ceithre Chraobh Uile-Éireann, 11 ghradam sár-imreora TG4 agus sé Chraobh Shinsir Uile-Éireann lena club, Ceathrú na gCon. Bhí Cora ina captaen ar an bhfoireann nuair a bhuaigh Ceathrún na gCon Craobh Shinsir Peile na gClubanna den chéad uair in 2002 agus ba í a bhí ina captaen an uair dheireanach a bhuaigh siad arís é in 2017. Cuireadh ceist uirthi roinnt mhaith blianta ó shin faoi bhuaicphointe a saoil peile. An rud ab ansa léi agus ba ghiorra dá croí, a dúirt sí, ná an rath a bhí aici lena club féin.

Maidir le sár-imreoirí Chumann Lúthchleas Gael, bronnadh na gradaim pheile agus iománaíochta ar an 21 Deireadh Fómhair ag searmanas speisialta san RDS i mBaile Átha Cliath. Fógraíodh na buaiteoirí peile cúpla lá roimh ré ach b’éigean do na hiománaithe fanacht go dtí an oíche í féin sular fógraíodh réalta iománaíochta 2026.

Ní mar a chéile iad na córais atá ag na fir agus ag na mná maidir leis na buaiteoirí a fhógairt ar an oíche. Tá sé de nós ag CLG na peileadóirí atá tar éis gradam sár-imreora a bhuachaint a fhógairt cúpla lá roimh ré bliain amháin, agus na hiománaithe a fhógairt roimh ré an chéad bhliain eile. Aisteach go leor, an bhliain seo caite, bronnadh na gradaim do Pheil na mBan agus don Chamógaíocht an oíche chéanna ach ní san áit chéanna! Bhí searmanas ar siúl in Óstán an Bonnington i mBaile Átha Cliath do Pheil na mBan agus bronnadh na Réaltaí camógaíochta ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh. I mbliana, bronnfar Gradaim Chamógaíochta 2026 ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh, Dé Sathairn an 21 Samhain.

Bhí trí mhóreagraíocht na gcluichí Gaelacha le cónascadh faoin mbliain 2027 ach tá an cheist tar éis a bheith i mbéal an phobail le tamall anuas agus amhras faoin spriocdháta anois. Bhí iarUachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, ina cathaoirleach ar an gcoiste stiúrtha a bunaíodh le maoirseacht a dhéanamh ar an gcónascadh idir Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Pheil na mBan agus an Cumann Camógaíochta, ach d’éirigh sí as an gcúram sin ag tús na míosa seo caite, ar chúiseanna éagsúla. Thug sí le fios nach raibh sí sásta gur athraíodh sprioclaethanta maidir leis an gcónascadh agus cháin sí freisin coiste bainistíochta CLG atá páirteach sa phróiseas. Táthar ag súil go ndéanfar dul chun cinn sna míonna agus na blianta amach romhainn, ach ní léir fós cén leagan amach nó cur chuige a bheidh i gceist d’oíche na ngradam nuair a bheith an cónascadh curtha i gcrích.

Foclóir

searmanas bronnta = awards ceremony

fíorthaitneamhach = very enjoyable

gaisce = feat

lárnach = central

buaicphointe = pinnacle/highlight

cónascadh = amalgamation

amhras = doubt

Source: The Irish Times · Máire Ní Bhraonáin

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira