Bhí neart le plé ag Oireachtas na Samhna i mbliana: ceist na tithíochta, an meanapás, botaí comhrá, cé a bhainfeadh Corn Uí Riada, agus cá raibh an manglam ba shaoire ar fáil.
Is mór an siúl a bhí ar Bhóthar Mhucrois i gCill Airne, Ciarraí, an tseachtain seo caite nuair a tháinig na mílte Gael le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas a gcultúir ag Oireachtas na Gaeilge, féile mhór na Gaeilge, sa Ríocht.
Meastar go raibh breis agus 12,000 duine i láthair ag na hócáidí i gCill Airne, áit a raibh corradh agus trí scór comórtas ar siúl agus níos mó ná míle iomaitheoir páirteach iontu.
Ba í Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, a sheol an tOireachtas ag ócáid speisialta in Óstán an Gleneagle Dé Céadaoin. Bhí ceol, amhránaíocht agus damhsa mar chuid den imeacht fíorspeisialta.
Thógfadh sé d’anam ag amharc ar líon na bpáistí óga a bhí ag glacadh páirt i ngach comórtas.
Bhí an-spórt ann oíche Dé Céadaoin, ach faoi mhaidin Déardaoin bhí na comórtais faoi lán seoil. Bhí t-léinte buí chriú an Oireachtais le feiceáil mar splancanna agus iad ag rith ó dhoras go doras, ag treorú daoine chuig na comórtais ardáin ba mhó a raibh suim acu iontu.
Thógfadh sé d’anam ag amharc ar líon na bpáistí óga a bhí ag glacadh páirt i ngach comórtas. Is cinnte gur mór an laoch a bheidh ann mar Pháidí Ó Flaithearta as Scoil na Maighdine Muire gan Smál, Camus, Contae na Gaillimhe nuair a chuaigh sé ar ais i ndiaidh bhriseadh na Samhna óir is é a bhuaigh an chéad áit i gcomórtas an rapcheoil lena amhrán fán mheas atá aige ar a bhaile dúchais féin, Camus.
Bhí caighdeán ard i gcomórtas lúibíní na ndaoine fásta agus ba iad Áine Ní Bhreisleáin agus Suzanne Ní Ghallachóir, as Gaoth Dobhair, a bhain an chéad áit amach lena lúibín fán mheanapás. Bhí neart le rá acu chomh maith faoi Mary Lou agus an chuma shnasta atá uirthi le tamall anuas, chomh maith le Gráinne Seoige agus an chaoi ar éirigh léi i saol na polaitíochta.
Bhí ardchaighdeán amach agus amach sna comórtais amhránaíochta. Chan Gráinne Ní Fhátharta as Baile na hAbhann go hálainn i gcomórtas na mban, agus thug sí an Corn siar léi. D’éirigh go rímhaith le beirt Ultach sna comórtais cháilithe chomh maith, agus beidh Róise Ní Mhurchú agus Róise Nic Corraidh i lár an aonaigh an bhliain seo chugainn i bpríomhchomórtas na mban.
Bhí an lámh in uachtar ag na fir i gCorn Uí Riada oíche Shathairn, agus ba leo na chéad trí áit sa chomórtas. Ba é Rónán Ó Conghaile as Leitir Móir na Coille i gCamus a thug leis Corn Uí Riada i mbliana, ghnóthaigh Aodán Ó Ceallaigh an dara háit agus Evan Ó Gríofa an tríú háit, agus é tuillte go maith acu.
Cé go raibh neart comórtas ar siúl i rith na hama, bhí neart oibre idir lámha sna seomraí sna hóstáin ar imeall leo. Is beag seomra nach raibh meitheal oibre agus seastáin agus taispeántais ar siúl ann.
Rinneadh ceist na tithíochta sa Ghaeltacht a phlé agus a chíoradh ag tionól Tinteán tráthnóna Dé hAoine.
Rinneadh plé ar pháipéar polasaí a d’fhoilsigh taighdeoirí ó Choláiste na Tríonóide i gcomhpháirtíocht le hOifigigh Pleanála Teanga Thobar Dhuibhne maidir le géarchéim na tithíochta a bheith ag bagairt ar inmharthanacht na Gaeilge i gCorca Dhuibhne. Léirigh an taighde difríocht shuntasach idir teacht isteach na ndaoine agus praghsanna na dtithe sa cheantar.
Dúirt bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, John Prendergast, nach raibh sé d’acmhainn ag pobal áitiúil Chorca Dhuibhne teach a cheannach mar go bhfuil an gnáthphraghas ar theach sa cheantar os cionn €600,000, de réir an taighde.
Léirítear sa pháipéar go bhfuil easpa tithe buanchónaithe de bharr go bhfuil an oiread tithe samhraidh agus tithe ar cíos gearrthréimhseach ann.
Dúirt Prendergast gur cheart “foráil shonrach Ghaeltachta” a chur isteach sa Bhille um Ligin Ghearrtéarma agus Turasóireachta.
Luaigh sé chomh maith cás na Spáinne: “I gceann dhá bhliain ní bheidh aon Airbnb i mBarcelona. Mar sin, cad atá á dhéanamh againn mar thír go bhfuil muid ag ligint do na comhlachtaí móra seo todhchaí na Gaeltachta a thachtadh agus a chúlú.”
Ag labhairt dó ar 7LÁ ó fhéile an Oireachtais, dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, gurb í an sprioc atá ag an Údarás ná cur chun cinn na Gaeilge agus todhchaí na Gaeltachta a thabhairt slán.
I dtaca le cúrsaí tithíochta, dúirt Ó Síocháin gur ról tánaisteach atá ag an Údarás chomh fada agus a bhaineann sé le tithe sa Ghaeltacht:
“Ciallaíonn sé go bhfuil an Stát ar fad trí chéile ag obair le chéile. Cad is brí leis sin? Tá talamh againn, tá áiseanna, cur i gcás uisce, infreastruchtúr, acmhainní in áiteanna ina bhfuil daoine ag cur fúthu cheana féin.”
Dúirt sé i gcás amháin i nGaoth Dobhair go bhfuiltear réidh le cur isteach ar chead pleanála le roinnt tithe a fhorbairt i bpáirtíocht leis na húdaráis áitiúla agus le comhlachtaí tithíochta ar bhonn píolótach agus go bhféadfaí seo a thriail in áiteanna eile chomh maith.
Beidh Údarás na Gaeltachta ag cur tacaíocht agus áiseanna ar fáil i dtreo na dtithe, a dúirt sé, trína bheith ag cur talún ar fáil agus ag baint úsáid as an mhaoiniú atá an Stát agus an Roinn ag cur ar fáil cheana féin.
Ag cruinniú de bhord Fhoras na Gaeilge le linn Oireachtas na Samhna ceadaíodh caiteachas os cionn €5.4 milliún do na sé Cheanneagraíocht Ghaeilge do 2026.
I measc ghníomhaíochtaí eile Fhoras na Gaeilge ag an Oireachtas tugadh nuashonrú ar an obair atá ar bun le bliain anuas agus atá beartaithe sa bhliain romhainn ar na foclóirí éagsúla atá idir lámha ag Rannóg Foclóireachta an Fhorais.
Tháinig deireadh leis an obair agus leis an cheiliúradh maidin Dé Domhnaigh, agus d’imigh carranna de Bhóthar Mhucrois i ngach treo. Bhí coirn ag cuid acu sna suíocháin chúil, agus mianta ina gcroí ag cuid eile go mbeadh deis acu dul san iomaíocht an bhliain seo chugainn.
Foclóir:
neart = plenty
comórtas = competition
lámh in uachtar = upper hand
cruinniú = meeting
ar bhonn píolótach = on a pilot basis
mianta = wishes
Source: The Irish Times · Michelle Nic Pháidín
At a glance
- Topic
- World
- Country
- 🇮🇪 IE
- Publisher language
- EN
- Added to Allnira