Cé gur ar na comórtais, an ceol, an spraoi agus an chraic is mó a dhírítear ag Oireachtas na Samhna, baineann maithe agus uaisle shaol na Gaeilge leas as an ócáid chun tionscadail, deontais, breis maoinithe agus tograí eile a fhógairt.
Ba é an fógra ba mhó i mbliana plean straitéiseach nua cúig bliana Údarás na Gaeltachta, a sheol Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, Déardaoin seo caite. Tá Straitéis 2026–2030 dírithe ar chaighdeán na fostaíochta sa Ghaeltacht a ardú, ar cheannaireacht na n-óg a chothú agus inmharthanacht phobail na Gaeltachta a neartú.
Chomh maith leis sin ainmneofar an Ghaeltacht ina Limistéar Nuálaíochta Náisiúnta mar chuid den straitéis. Tá feachtasóirí ag éileamh le fada go mbeadh ról níos lárnaí ag Údarás na Gaeltachta i dtithíocht sa Ghaeltacht agus cuirfear an cheist faoi luach na nuálaíochta mura bhfuil pobal ann le tabhairt faoi.
D’fhógair an Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn cloch mhíle eile i scéal na Gaeilge agus níos mó ná €20 milliún caite ag comhlachtaí poiblí ar fhógraíocht i nGaeilge den chéad uair riamh. Caitheadar €20.7m ar fhógraíocht i nGaeilge anuraidh as ar caitheadh €6.3m ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge, méadú 19 faoin gcéad ar 2024, an bhliain roimhe.
Faoi alt 10A (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí, lena n-áirítear ranna rialtais, údaráis áitiúla agus forais oideachais, 20 faoin gcéad dá bhfógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge agus 5 faoin gcéad a chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge.
Ag cruinniú boird Fhoras na Gaeilge ar an Aoine, ceadaíodh caiteachas de bhreis agus €5.4 milliún do na sé Cheanneagraíocht Ghaeilge don bhliain seo chugainn.
Orthu sin tá Conradh na Gaeilge (€997,576), Cumann na bhFiann (€775,136), Gael Linn (€776,460), Gaeloideachas (€849,346), Glór na nGael (€1,292,157) agus Oireachtas na Gaeilge (€744,733).
Bhí díomá ar earnáil na Gaeilge i mbliana nuair nár fógraíodh ach ardú níos lú ná €1 mhilliún sa bhuiséad don bhliain seo chugainn.
Beidh ar na heagrais díriú anois ar an ngad is gaire don scornach agus fuineadh de réir na mine.
- Beidh tuairisc ar an Oireachtas le léamh amárach i Scéal na seachtaine seo.
Source: The Irish Times · Éanna Ó Caollaí
At a glance
- Topic
- World
- Country
- 🇮🇪 IE
- Publisher language
- EN
- Added to Allnira