Le breis agus scór bliain, níor bhuaigh aon fhoireann Craobh Shinsir Peile Thír Eoghain dhá bhliain as a chéile. Cluiche ceannais ar leith a bhí ann coicís ó shin, agus Éadan na dTorc ag iarraidh an corn a thabhairt abhaile leo den chéad uair riamh. Bua aon chúilín amháin a bhí acu. An deireadh seachtaine céanna, i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe, bhí deireadh an chluiche chomh drámatúil leis an gceann ó thuaidh. D’éirigh le Bóthar na Trá - Cnoc na Cathrach cúl dochreidte a aimsiú gan ach fiche soicind fágtha sa chluiche agus corn Frank Fox buaite acu den chéad uair le ceithre bliana déag. Dhá bhua dhrámatúla, a bhuí le scóranna móra in am na cinniúna!

Ba iad Aireagal Chiaráin rogha láidir na n-údar i dTír Eoghain agus iad sa tóir ar an tríú teideal taobh istigh de chúig bliana. Ach, don dara bliain as a chéile, tá Craobh Shinsir Peile an chontae buaite ag foireann den chéad uair. Lean Éadan na dTorc seaimpíní na bliana seo caite, Loch Mhic Ruairí, a bhuaigh a gcéad chluiche ceannais freisin. Ba é Niall Morgan laoch Éadan na dTorc in aghaidh Aireagal Chiaráin. Ba é a scór deireanach a chinntigh an chéad teideal riamh sa Chraobh Shinsir don chlub. Bhí Aireagal Chiaráin aon phointe amháin chun cinn tar éis do Peter Harte a chúigiú scór a fháil chun iad a chur chun tosaigh agus 62 nóiméad caite. Ach d’aimsigh Morgan cic saor iontach ó 45 mhéadar in am cúitimh gortaithe chun an bua a thabhairt dóibh.

Ba léir go raibh tionchar ag taithí idirchontae ar an gcluiche agus bhí Darren McCurry ar fheabhas agus é ag aimsiú 1-06. Fuair sé ceithre chúilín ón imirt sa chéad cheathrú den chluiche. Fuair Pádraig McGirr cúl d’fhir Aireagal Chiaráin ach chríochnaigh Éadan na dTorc an chéad leath go láidir, ag scóráil 1-3 gan freagra. Leagadh Luke Ferguson agus sheas McCurry suas chun an cic pionóis a chur i gcúl na heangaí. Bhí Éadan na dTorc chun tosaigh ag leath ama, 1-8 in aghaidh 1-6, ach chruthaigh Harte go láidir agus le dhá scór eile ón iar-réalta idirchontae, bhí na foirne cothrom arís.

Bhí laoch inspioráideach dá gcuid féin ag Naomh Maolmhaodhóg, Éadan na dTorc i lár na cosanta: Ben Cullen, a d’aimsigh dhá phointe an-tábhachtach. Bhí tionchar mór ag Ruairí Canavan, a tháinig isteach mar ionadaí agus chuir sé beocht in ionsaí Aireagal Chiaráin. Scóráil sé cúpla cúilín chun an cluiche a chur idir dhá cheann na meá. Ba é a dheartháir céile, Peter Harte, a scóráil an pointe a chuir Aireagal Chiaráin chun tosaigh sa 62ú nóiméad.

Ach chreid Éadan na dTorc iontu féin. Bronnadh cic saor ar Con Kilpatrick ar an líne 45 mhéadar agus nuair a bhí an crú ar an tairne, sheas Morgan, cúl báire Thír Eoghain, an fód agus bhuail sé an liathróid go muiníneach thar an trasnán, don dúbailín! An scór deireanach a bhí ann ná Éadan na dTorc 1-14 Aireagal Chiaráin 1-13. Ní dhéanfaidh na himreoirí ná lucht leanúna an chlub dearmad ar an ngliondar croí a mhothaigh siad nuair a séideadh an fheadóg dheireanach agus an duais mhór buaite ag Éadan na dTorc den chéad uair ó bunaíodh an club 94 bliana ó shin.

Ní dhéanfaidh na himreoirí ná lucht leanúna an chlub dearmad ar an ngliondar croí a mhothaigh siad nuair a séideadh an fheadóg dheireanach…

Maidir le Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe, bhuaigh Bóthar na Trá - Cnoc na Cathrach an cluiche ceannais don cheathrú huair i stair an chlub, tar éis críoch fhíordhrámatúil i bPáirc an Phiarsaigh. Ba é an cúl cinniúnach ag deireadh an chluiche a chinntigh an bua dóibh den chéad uair le 14 bliana. Ba iad Maigh Cuilinn a bhí i gceannas ar an gcuid is mó den chéad leath. Choinnigh Peter Cooke agus Niall Walsh seilbh ar an liathróid timpeall na líne leatosaí agus bhí Dessie Conneely an-chruinn go deo. Ó thaobh Bhóthar na Trá - Cnoc na Cathrach de, ba rud suntasach é nár scóráil Rob Finnerty, príomhscórálaí na craoibhe i nGaillimh, ar chor ar bith sa chluiche. Bhí 5-28 scóráilte aige roimh an gcluiche ceannais ach choinnigh Eoghan Kelly súil ghéar air.

Bhí Bóthar na Trá - Cnoc na Cathrach chun tosaigh 0-06 in aghaidh 0-04 ag leath ama, tar éis dóibh imirt leis an ngaoth láidir ar a ndroim. Bhí an chuma orthu go raibh siad beagnach imithe as an gcluiche cúig nóiméad roimh leath ama agus iad ag streachailt leis an gcéad scór a fháil. Bhí sé cinn d’iarrachtaí curtha ar fóraoil acu agus níor éirigh leo leas a bhaint as an ngaoth. Ach bhí tionchar mór ag Tomó Culhane, a tháinig sé isteach in áit Robert Walzer tar éis 21 nóiméad, in aiséirí Bhóthar na Trá – Cnoc na Cathrach. D’aimsigh Culhane dhá phointe chun an bhearna a laghdú go cúilín amháin agus cic saor ina dhiaidh sin leis na foirne a chothromú.

Bhí an chuma ar an scéal sa dara leath go mbeadh an lá le seaimpíní na bliana seo caite, Maigh Cuilinn, nuair a d’aimsigh an fear lár páirce, Peter Cooke, dhá chúilín, ceann sa dara nóiméad agus ceann eile sa nóiméad deireanach d’am cúitimh gortaithe. Ach bhí ionsaí amháin eile ag Bóthar na Trá - Cnoc na Cathrach. Rug an fathach lár páirce John Maher ar an gcic amach, sheol sé pas isteach chomh fada le Matthew Thompson, agus ba é an laoch Culhane a d’aimsigh an cúl go cruinn agus go híseal leis an mbua drámatúil a bhaint amach. Chríochnaigh Culhane le 1-06 agus an chéad teideal ag Bóthar na Trá - Cnoc na Cathrach ó 2012. An scór deireanach ná Bóthar na Trá - Cnoc na Cathrach 2-12 Maigh Cuilinn 1-14.

Tá Éadan na dTorc agus Bóthar na Trá - Cnoc na Cathrach ag súil leis an gcéad chéim eile a thógáil anois sa chraobhchomórtas peile.

Foclóir:

dochreidte = unbelievable

seaimpíní = champions

críoch fhíordhrámatúil = dramatic finish

chun tosaigh = ahead

fathach = giant

Source: The Irish Times · Máire Ní Bhraonáin

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira