Ar mhaith leat an chéad chéim a ghlacadh isteach i ndomhan na podchraoltóireachta? An bhfuil tú sa tóir ar dheis chun foghlaim ó shaineolaithe na hearnála agus taithí phraiticiúil, saor in aisce a fháil? Bhuel, seo do sheans!
Beidh dianchúrsa podchraoltóireachta saor in aisce ar siúl in Áras Raidió Fáilte i mBéal Feirste Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh 14-15 Samhain. Gheobhaidh na rannpháirtithe deis ar leith bualadh le beirt a bhfuil taithí ar leith acu ar láithreoireacht agus léiriúchán podchraolta, is iad sin Emma Ní Chearúil agus Ainle Ó Cairealláin ón phodchraoladh clúiteach Rebel Matters. Roinnfidh Emma agus Ainle a gcuid saineolais ar an phróiseas podchraoltóireachta agus taispeánfaidh siad don ghrúpa an dóigh is fearr le húsáid éifeachtach a bhaint as trealamh don phodchraoltóireacht.
Tá stiúideo Raidió Fáilte suite ar 30 Sráid Dhubhaise, Cathair Bhéal Feirste. Beidh na ranganna ar siúl idir 11am-4pm ar an dá lá. Má tá tú ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil nó clárú don chúrsa saor in aisce seo, is féidir teagmháil a dhéanamh le Pól ag traenail@raidiofailte.com.
Gearrliosta fógartha do Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana
Beidh litríocht na Gaeilge i lár an aonaigh ag Gradaim Leabhar na hÉireann de chuid An Post arís i mbliana, agus cúig leabhar san iomaíocht do ‘Ghradam Love Leabhar Gaeilge: Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana’ urraithe ag Foras na Gaeilge.
Ar an ghearrliosta do Ghradam Love Leabhar Gaeilge tá Faraor Géar nár Cailleadh Mé le Micheál Ó Conghaile arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht, Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht, Eoghan Béal le Darach Ó Scolaí, arna mhaisiú ag Alé Mercado agus arna fhoilsiú ag Leabhar Breac, An Cláirseoir le Diarmuid Johnson arna fhoilsiú ag Leabhar Breac agus Sí le Seán Ó Muireagáin arna fhoilsiú ag Éabhlóid.
Chomh maith leis sin, den dara huair riamh i stair Ghradaim Leabhar na hÉireann, tá leabhar Gaeilge ainmnithe ar an ghearrliosta i gceann de phríomhchatagóirí na ngradam. Tá An Peata is Fearr le Patricia Forde, arna mhaisiú ag Phillip Cullen agus arna fhoilsiú ag Futa Fata, ar ghearrliosta Leabhar na Bliana do Pháistí (Sóisear).
Deir Love Leabhar Gaeilge gur éacht “suntasach” é seo do litríocht na Gaeilge, agus gur “aitheantas tábhachtach é do chaighdeán agus do chruthaitheacht na leabhar Gaeilge atá á bhfoilsiú do pháistí in Éirinn. Léiríonn an t-ainmniúchán seo go bhfuil áit tuillte ag leabhair Ghaeilge i measc na leabhar páistí is fearr sa tír, agus cruthaíonn sé deis iontach litríocht na Gaeilge a chur os comhair lucht léitheoireachta níos leithne.”
Tá an vótáil phoiblí oscailte do na catagóirí uilig anois agus is féidir do vóta a chaitheamh do na leabhair is fearr leat ag anpostirishbookawards.ie. Fógrófar na buaiteoirí an 1 Nollaig.
Off the Scéal: scéalaíocht, filíocht, ceol agus greann ilteangach
Is imeacht cruthaitheach ilteangach é Off the Scéal a thugann spás do dhaoine an t-ardán a roinnt, naisc a chothú agus iad féin a chur in iúl. Oíche maidhc oscailte atá ann ina spreagtar daoine filíocht a chur i láthair, scéalta a rá, ceol a sheinm nó dreas grinn a dhéanamh in aon teanga faoin spéir.
Is iad Ola Majekodunmi agus Daniel Patrick Flynn a bhunaigh Off the Scéal agus é mar aidhm acu naisc a spreagadh idir pobail éagsúla, deis a thabhairt d’fhilí agus do sheanchaithe a saothair féin a chur os comhair lucht féachana chomh maith le héagsúlacht guthanna a tharraingt le chéile in aon áit amháin.
Tá ag éirí go hiontach leis na himeachtaí seo go dtí seo agus beidh an chéad imeacht Off the Scéal eile, leis an aoi speisialta Louisa Ní Éideáin, ag titim amach i nDrioglann Teeling’s i mBaile Átha Cliath an Domhnach beag seo, 8 Samhain. Imeacht saor in aisce agus 18+ a bheidh ann ach ní mór clárú roimh ré ar Eventbrite.
Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Cúán de Búrca
Fear cumasach, cliste, cruthaitheach is ea Cúán de Búrca a bhfuil go leor leor buanna aige i ndáiríre. Bhí seachtain den scoth ag Cúán ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an tseachtain seo caite, áit ar thug sé leis an Gradam Cumarsáide do Chruthaitheoir na Bliana chomh maith leis an chéad áit san Agallamh Beirte lena leathbhádóir Caoimhe Ní Mhaolaí.
Bíonn Cúán ag scríobh filíochta agus dánta, ag glacadh páirt sa seó grinn GaelGáirí, bíonn sé le feiceáil ar TG4 mar láithreoir Aperitíf agus le cluinstin mar láithreoir an phodchraolta Dúchas. Ní hamháin sin ach tá ag éirí go geal lena chuid ceoil “hip-hap Gaelach buachaillbhóach rógaireach”, agus bhain sé féin agus hHH ‘Amhrán Dátheangach na Bliana’ ag Gradaim NÓS na bliana seo leis an amhrán I Shot a Man in Carna. Is beag rud nach bhfuil Cúán ábalta a dhéanamh!
Is féidir teacht ar Chúán ar na meáin shóisialta @cuan.deburca, agus tá tuilleadh eolais faoina chuid gigeanna ar fáil @craobh1916 ar Instagram.
Source: The Irish Times · Áine Ní Dhonnaile
At a glance
- Topic
- World
- Country
- 🇮🇪 IE
- Publisher language
- EN
- Added to Allnira