Tá Nollaig na nGael buailte linn faoi dheireadh thiar thall! Idir seo agus deireadh na seachtaine, beidh na mílte Gael ó chian agus ó chóngar ag bualadh an bhóthair go Cill Airne le freastal ar mhórfhéile chultúrtha na Gaeilge, Oireachtas na Samhna 2026.

Is cinnte go bhfuil a sáith le déanamh ag Ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha, an tseachtain seo ach deir sí go bhfuil na hullmhúcháin “ag dul ar aghaidh go maith” agus “rudaí san áit ar cheart dóibh a bheith”.

“An rud is tábhachtaí domsa i mo ról féin ná cur le fealsúnacht Liam Uí Mhaolaodha go bhfanann na comórtais taibhealaíon mar chroí-imeachtaí na féile i gcónaí,” arsa Máirín.

Móglaí Bap agus DJ Próvaí de chuid Kneecap ag tabhairt faoi mholtóireacht ar an gcomórtas rapcheoil ag Oireachtas na Samhna 2025

Móglaí Bap agus DJ Próvaí de chuid Kneecap ag tabhairt faoi mholtóireacht ar an gcomórtas rapcheoil ag Oireachtas na Samhna 2025

“Tá chuile iomaitheoir chomh tábhachtach lena chéile, bíodh siad faoi 8, faoi 18 nó faoi 80, ag dul ar an stáitse den chéad uair nó den tríochadú huair. Tá sé tábhachtach dúinne go mbíonn an t-ómós agus an meas céanna á fháil ag chuile iomaitheoir a théann suas ar an ardán.”

I measc na n-iomaitheoirí a bheidh ag tabhairt faoi ardán an Oireachtais an tseachtain seo tá Domhnall Ó Braonáin as an Teach Mór in Indreabhán, Contae na Gaillimhe.

Bíonn muid mar a bheadh teaghlach mór amháin ann. Cuireann sé go mór le do chuid féiniúlachta…

—  Clíona Ní Ghallachóir

“Duine ar bith a bhfuil aithne acu orm, tá a fhios acu go bhfuil clann mhór sa teach s’againne. Thug Mama riail isteach sa teach nach bhféadfadh muid dul chuig an Oireachtas mura raibh muid ag cur isteach ar na comórtais mar go raibh sé chomh costasach sin an oiread sin againne a thabhairt ann,” arsa Domhnall.

“Chuir mé isteach ar chomórtas amhránaíochta nuair a bhí mé thart ar 14 nó 15 bliana d’aois agus thug mé liom an duais an bhliain sin. Spreag sé sin mé leanacht ar aghaidh leis. Thaitin sé go mór liom, agus nuair a bhí mé ag canadh bliain i ndiaidh bliana agus ag foghlaim amhráin nua, thosaigh mé ag cur an-suim sna focla. Thit mé i ngrá leis ó shin i leith.”

Is iomaí duais atá bainte ag Domhnall ag Oireachtas na Samhna ó shin. Bhain sé Comórtas Amhránaíochta na bhFear faoi 35 in 2019 agus thug sé corn Shean-Nós na bhFear siar go Conamara leis in 2022 agus in 2024. Ní ón ghaoth a thóg sé é – is í Caitlín Ní Chualáin a mháthair, amhránaí iomráiteach a bhain Corn Uí Riada sa bhliain 2016.

Domhnall Ó Braonáin as an Teach Mór in Indreabhán, Contae na Gaillimhe, lena mháthair Caitlín Ní Chualáin, a bhuaigh Corn Uí Riada sa bhliain 2016.

Domhnall Ó Braonáin as an Teach Mór in Indreabhán, Contae na Gaillimhe, lena mháthair Caitlín Ní Chualáin, a bhuaigh Corn Uí Riada sa bhliain 2016.

“An chéad bhliain agamsa i gCorn Uí Riada in 2023, bhí m’uncail Micheál agus mo dheirfiúr Adhna cáilithe le cur isteach air freisin, agus bhí Mama á rá go mbeadh sé go deas don cheathrar againn a bheith in ann an stáitse sin a roinnt lena chéile,” a dúirt Domhnall.

“Ba rud é sin a rinne muid do Dhaideo, mar is mar gheall air féin a bheadh muid ag dul suas ann. Bhuaigh Daideo, Máirtín Pheaits Ó Cualáin, Corn na bhFear nuair a bhí sé 79 agus mar sin níor chuir sé isteach ar Chorn Uí Riada go raibh sé 80 bliain d’aois. Ní raibh mórán ag Daideo le fágáil againne ach thug sé an bronntanas is mó a d’fhéadfadh a bheith againn i ndáiríre, an sean-nós. Tá sé san fhuil againn buíochas le Dia.

Clíona Ní Ghallachóir - Buaiteoir Sean Nós na mBan 2025

Clíona Ní Ghallachóir - Buaiteoir Sean Nós na mBan 2025

“Tá sé de phribhléid agamsa casadh ag Corn Uí Riada agus tá mé an-mhórtasach as sin. Tugann sé stádas áirithe don sean-nós nach bhfaigheadh sé murach na comórtais sin a bheith ann. Cuireann sé os comhair an phobail é.”

Duine óg eile a thuigeann luach agus saibhreas an traidisiúin is ea Clíona Ní Ghallachóir as Mín an Chladaigh i nGaoth Dobhair. Thug sí léi corn Shean-Nós na mBan i mBéal Feirste anuraidh chomh maith leis an Agallamh Beirte a bhaint lena leathbhádóir Niamh Ní Dhubhgáin.

Frithghiniúint nádúrtha a bhí i gceist leis na blianta sin ar shlí mar bhí suas le hocht nduine dhéag in aon seomra amháin!

—  Aodh Ó Coileáin

“Bíonn sé iontach deas páirt a ghlacadh i gcomórtas nuair a bhíonn duine eile leat mar bíonn craic ar dóigh ag baint leis na hullmhúcháin agus bíonn craic ansin agat ar an ardán fosta,” a mhínigh Clíona.

“Is í an amhránaíocht bun agus barr mo shaoil. Is sprioc ann féin é domsa a bheith i gCorn Uí Riada. 10 mbliana ó shin bhí mé istigh sa chomórtas faoi 18 agus á rá liom féin, ‘nár dheas a bheith ar an ardán sin lá inteacht?’ Anois tá an lá sin chóir a bheith tagtha!

“Tá sé tábhachtach ionadaíocht a dhéanamh do mo cheantar agus do mo chontae ag leibhéal náisiúnta. Níl ach beirt as Cúige Uladh cáilithe do Chorn Uí Riada i mbliana agus is éacht mór é sin domsa.”

Deir Clíona go gcuireann Oireachtas na Samhna go mór lena féiniúlacht mar Ghael óg agus go gcuireann an fhéile spás ar fáil do mhuintir na Gaeltachta teacht le chéile in aon áit amháin.

Domhnall Ó Braonáin as an Teach Mór in Indreabhán, Contae na Gaillimhe, lena mháthair Caitlín Ní Chualáin, a bhuaigh Corn Uí Riada sa bhliain 2016.

Domhnall Ó Braonáin as an Teach Mór in Indreabhán, Contae na Gaillimhe, lena mháthair Caitlín Ní Chualáin, a bhuaigh Corn Uí Riada sa bhliain 2016.

“D’fhreastail mise ar an Oireachtas den chéad uair nuair a bhí sé i Leitir Ceanainn. Thuig mé den chéad uair ansin go raibh páistí eile ó na Gaeltachtaí eile sa bhád chéanna liomsa, gur tógadh iad díreach mar a tógadh mise,” a dúirt sí.

“Spiorad pobail, brí, bród, ceiliúradh, caomhnú teanga, tá siad sin uilig ann. Bíonn muid mar a bheadh teaghlach mór amháin ann. Cuireann sé go mór le do chuid féiniúlachta, sílim, mar go mbíonn muid uilig ansin ar son na cúise amháin.

“Bhí bliain ann agus chaith muid an oíche uilig sa lobaí ag ceol. Bhí muintir Chonamara ar thaobh amháin agus muintir Ghaoth Dobhair ar thaobh eile, caithfidh go raibh coimhlint ag dul ar aghaidh idir an dá dhream! Bhí muid ag ceol agus ag damhsa go maidin, agus dúirt muid ansin go raibh sé chomh maith dúinn dul isteach fá choinne bricfeasta!

Mícheál Ó Confhaola, Muiceanach Idir Dhá Sháile, Casla, Co. na Gaillimhe, Buaiteoir Corn Uí Riada

Mícheál Ó Confhaola, Muiceanach Idir Dhá Sháile, Casla, Co. na Gaillimhe, Buaiteoir Corn Uí Riada

“Chuaigh muid isteach agus bhí bricfeasta againn lena chéile agus chuaigh muid uilig a luí ansin. Bhí muid scriosta ach bhí sé go deas go raibh oíche go maidin déanta againn i gcuideachta a chéile.”

Is sa bhliain 1982 a thosaigh Aodh Ó Coileáin, Léachtóir sna Meáin in Ollscoil na Gaillimhe, ag freastal ar Oireachtas na Samhna.

“Is cuimhin liom ag Oireachtas áirithe a bheith ag bord an bhricfeasta le Michael Mháire Ghabha as Carna, a bhí ag ól a chuid tae agus ag ithe leis. Chuir sé síos a scian agus forc, chuimhnigh sé ar véarsa agus dúirt sé an véarsa amach don seomra ar fad. Níorbh fhada gur leag gach duine a gcuid sceana agus forc agus gur thosaigh véarsa eile ag teacht ón taobh eile den seomra! Ba gheall le opera é! Maireann na rudaí sin i mo cheann go dtí an lá atá inniu ann,” arsa Aodh.

“Ollchruinniú daoine atá i gceist leis an Oireachtas. Is deis é do na mairbh agus daoine atá beo a bheith ag rince le chéile ar aon urlár amháin ar feadh cúpla oíche, neart óil a dhéanamh, éisteacht le seanamhráin na Gaeilge, a bheith ag cuimhneamh ar na daoine atá imithe romhainn agus a n-oidhreacht a chleachtadh. Sin é an rud is tábhachtaí, go bhfuil an oidhreacht ag leanúint ar aghaidh agus á tabhairt go dtí an chéad ghlúin eile.”

Fearghas Mac Lochlainn & Éamon Ó Donnchadha sa Chomórtas Lúibíní do Dhaoine Fásta, Oireachtas na Samhna, 2025.

Fearghas Mac Lochlainn & Éamon Ó Donnchadha sa Chomórtas Lúibíní do Dhaoine Fásta, Oireachtas na Samhna, 2025.

Ar ndóigh, tá nasc an-láidir ag Aodh le mic léinn na Gaillimhe agus síleann sé gur rud “suntasach” atá sa slua mór daoine óga a bhíonn ag tarraingt ar an Oireachtas gach bliain. Seolfar comórtas úrnua, Croí-Choláiste na Féile, ag Oireachtas na bliana seo le rannpháirtíocht na mac léinn sna comórtais agus sna himeachtaí éagsúla a ardú.

“Is iad na daoine óga a dhéanann rud ar leith as an bhféile ar feadh na Samhna. Cuireann an tOireachtas ar bhóthar ar leith iad. Tugann sé dúil sa cheol dóibh, dúil sa steip, dúil san ól b’fhéidir! Tarlaíonn na gnáthrudaí a tharlaíonn nuair a thagann mic léinn le chéile ag an Oireachtas agus sin iad na rudaí a gcuimhníonn siad orthu fiche bliain níos faide anonn,” arsa Aodh.

“Is cuimhin liom féin a bheith ag roinnt seomra in óstán beag bídeach ag an Oireachtas blianta ó shin. Frithghiniúint nádúrtha a bhí i gceist leis na blianta sin ar shlí mar bhí suas le hocht nduine dhéag in aon seomra amháin! Bhí an chraic agus an chaint ar feadh na hoíche ann agus ag dul a chodladh le héirí na gréine!”

Ní hí an chraic amháin a spreagann na Gaeil óga ag Oireachtas na Samhna. Beidh glúin nua de scríbhneoirí óga á cothú ag an Oireachtas i mbliana agus deir Máirín Nic Dhonnchadha go gcuireann na Comórtais Liteartha spreagadh ar leith ar fáil dóibh dul i mbun pinn.

“Tagann údair óga agus údair sheanbhunaithe le chéile ar aon ardán amháin. Is iontach an deis é d’údar óg atá ag scríobh den chéad uair stáitse a roinnt le sárscríbhneoirí a bhfuil cáil agus iomrá orthu – leithéidí Alan Titley, Micheál Ó Conghaile agus Áine Ní Ghlinn, atá mar Uachtarán an Oireachtais i mbliana. Is spreagadh iontach é sin gan dabht,” arsa Máirín.

Pólca 4 ag Club na Féile, Oireachtas na Samhna, 2025.

Chomh maith leis sin, tiocfaidh tithe foilsitheoireachta ó cheann ceann na tíre le chéile ag Aonach an Oireachtais lena saothar a chur i lámha mhórphobal na Gaeilge. Is cinnte go bhfuil Sinéad Ní Scolaí, bean óg as Baile Átha Cliath, ag súil go mór leis an deireadh seachtaine agus a céad leabhar do pháistí, Fite Fuaite san Fharraige, le seoladh aici agus ag LeabhairCOMHAR maidin Dé hAoine.

“Bíonn sé tábhachtach na healaíona Gaeilge a chur chun cinn, go háirithe agus muid in iomaíocht leis an mBéarla ar bhealach. Tá sé thar cionn go bhfuil imeachtaí mar seo againn le spreagadh a thabhairt dá chéile chun saothair chruthaitheacha a roinnt agus a cheiliúradh,” arsa Sinéad.

“Bíonn an tOireachtas i ndialann gach aon duine gach aon bhliain agus bíonn sé go hálainn bualadh lena chéile don deireadh seachtaine mór. Ceapaim go gcaithfidh tú dul chuig an Oireachtas chun é a thuiscint i gceart, mar is cuma cé mhéad uair a dhéanann duine éigin iarracht cur síos a dhéanamh ar an bhféile, ní féidir é sin a dhéanamh go dtéann tú ann tú féin! Tá sé speisialta.”

Foclóir:

ó chian agus ó chóngar = from far and wide

a sáith le déanamh = her hands full

iomaitheoir = competitor

léachtóir = lecturer

scian = knife

dialann = diary

Source: The Irish Times · Áine Ní Dhonnaile

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira