Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?
Aurora Divine: Is cuimhin liom nuair a chuala mé Smells Like Teen Spirit den chéad uair. Déarfainn go raibh mé 11 nó 12. Ní raibh mé in ann an chumhacht a chreidiúint. Aisteach go leor, is ar fhógra éigin ar TG4 a chuala mé é agus bhí tionchar ollmhór aige orm ó shin, toisc gur spreag sé mo spéis i gceol punc. Rinne mo dhaid cnuastéip dom agus sheinn mé gan stad é.
Sparkling Spitfire: Moulin Rouge, cinnte. Bhí mé gafa le feistis na n-aisteoirí agus an tarraingteacht.
Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?
Aurora Divine: An stiúrthóir Meiriceánach, John Waters. Bhí an-tionchar aige ar mo shaothar féin ó chonaic mé Pink Flamingos den chéad uair agus mé ag déanamh staidéar ar an scannánaíocht san ollscoil. Chruthaigh sé spás d’ealaíontóirí a bhí lasmuigh den bhosca agus bíonn tionchar láidir aige fós ar mo chuid buirlisce.
Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén tallann chruthaitheach ba bhreá leat a bheith agat?
Sparkling Spitfire: Aisteoireacht. Ba bhreá liom staidéar a dhéanamh uirthi.
Aurora Divine: Leanúint ar aghaidh leis an oiliúint le bheith i mo scannánóir. Sin an bhrionglóid mhór a bhí agam ó thús ach ar chúis amháin nó ar chúis eile, chuir cúinsí an tsaoil isteach air.
Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?
Sparkling Spitfire: Ár dtaispeántas ag Oíche Chultúir Baile Átha Cliath. Bhí sé dochreidte cabaret a dhéanamh i lár na cathrach le slua nua.
Aurora Divine: Ba mhór an deis é fosta a bheith páirteach sa Dublin Fringe i mbliana. An t-éacht a ritheann liom áfach ná nuair a tugadh cuireadh dom páirt a ghlacadh san fhéile Nasty Burlesque in Treviso na hIodáile. Tá an fhéile idirnáisiúnta sin ar cheann de na cinn is mó le rá san Eoraip ar fad. Ba mhór an onóir dom a bheith thuas ar an stáitse sin.
Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?
Aurora Divine: Hot Fuzz, Father Ted, agus Dracula.
Sparkling Spitfire: Grey’s Anatomy, Lord of the Rings: Return of the King (Extended Edition), agus Assassin’s Apprentice.
An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?
Aurora Divine: Bhí múinteoir Gaeilge den scoth agam agus mé ar an meánscoil, Ms. Cairns. Bhí sí díograiseach agus paiseanta faoin teanga, cé nach scoil lán-Ghaeilge a bhí inti. Spreag sí go mór mé agus cinnte, bhí tionchar aici ar an gcaoi ar roghnaigh mé tabhairt faoi shaol na Gaeilge tar éis dom an scoil a fhágáil.
Sparkling Spitfire: Is iad mo chomhoibrithe na múinteoirí is fearr a bhí agam riamh. Tugann siad inspioráid dom an t-am ar fad agus cabhraíonn siad liom go mion minic.
Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?
Aurora Divine: Is ealaíontóir iontach í mo Mham agus mar gheall air sin bheinn i gcónaí timpeall ealaíontóirí éagsúla. Spreag mo Mham an tréith chruthaitheach sin ionam.
Sparkling Spitfire: Ní raibh tada ann seachas mé féin agus mo bhosca éadaí bréige.
Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?
Aurora Divine: Táimse gafa le Viagra Boys. Is stíl nua faoi leith punc atá acu. Chonaic mé beo iad i Learpholl agus bhí siad dochreidte.
Sparkling Spitfire: D’fhreastail muid ar fhéile iontach, an fhéile bhuirlisce, Heart of Ireland.
Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?
Sparkling Spitfire: Tá an t-ádh dearg orainn in Éirinn mar bíonn an caighdeán an-ard. Bím i gcónaí ag féachaint timpeall orm ar na taibheoirí éagsúla sa phobal buirlisce le gliondar agus meas.
Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?
Aurora Divine: Tá tuairim ann nach bhfuil ach stíl amháin burlesque ann. Feictear domsa go bhfuil an-chuid cosúlachtaí idir buirlisc agus taibhealaín toisc go mbíonn an bhéim ar chorp an duine agus ar an gcumhacht a bhaineann leis. Thig le buirlisc a bheith gnéasúil, a bheith greannmhar, aisteach, nó brónach fiú. Bíonn iontas i gcónaí ar dhaoine nuair a théann siad chuig seó buirlisce den chéad uair agus go ngníomhaíonn sé mar scáthán ar a saol féin. Ag seónna buirlisce, feictear féiniúlachtaí éagsúla, gach cineál coirp, inscne agus daoine ó chúlraí éagsúla agus creidim go bhfuil seo ina chuid láidir agus tábhachtach de. Is spás fáilteach é do gach duine.
Sparkling Spitfire: Go minic, smaoiníonn na céadta daoine go mbíonn an obair uilig déanta agat ar an stáitse amháin, ach mar is eol do chách, déanann tú an chuid is mó den obair nuair nach mbíonn tú ar an stáitse; ag cur isteach ar fhéilte éagsúla, ag cruthú éadaí agus srl. Caithfidh tú a bheith i do chuntasóir, i do chóiréagrafaí, i do léiritheoir agus i do dhearthóir.
Cén cineál áite a spreagann thú?
Sparkling Spitfire: Nuair a bhím ag caint le mo dheirfiúr. Bean mhór smaointe is ea í.
Aurora Divine: Aisteach go leor, spreagann an t-am seo den bhliain, gar d’Oíche Shamhna, mé. Toisc gur rugadh mé i rith na Samhna, mothaím ar bharr mo chumhachta, ar nós caillí, ag an am seo den bhliain.
Cad iad do thuairimí faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?
Sparkling Spitfire: Mothaím go bhfuil sé níos suntasaí le daoine óga sa lá atá inniu ann. Agus is léargas iontach iad na healaíona ar a bhfuil ar siúl acu.
Aurora Divine: Tá dul chun cinn maith le feiceáil. Níorbh as cúlra Gaeilge mé. Chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú, bhí orm plé le meáin trí Ghaeilge, nár léirigh ach íomhá nó féiniúlacht amháin den Ghaeilge féin. Chuir sin frustrachas orm toisc go raibh mé ag iarraidh píosa ealaíne a fheiceáil a raibh píosa díom ann mar dhuine óg, píosa a bhí mé in ann a aithint. Ach sílim anois go bhfuil sé i bhfad níos éasca do dhaoine óga sin a bhaint amach. Sin ceann de na fáthanna ar thug muid faoi Chabáiste Cabaret a chur ar an bhfód. Ní fhaca muid seó mar sin a cheangail buirlisc, cuaille, cabaret agus Gaeilge le chéile agus ó shin i leith, sin an sprioc atá againn.
Foclóir:
ealaíontóirí oirfideacha = entertaining artists
damhsa cuaille = pole dancing
ollmhór = huge
brionglóid = dream
paiseanta = passionate
féiniúlacht = identity
Source: The Irish Times · Una Mullally
At a glance
- Topic
- World
- Country
- 🇮🇪 IE
- Publisher language
- EN
- Added to Allnira