Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?

An scannán, Amélie. Thaitin an suíomh liom agus na ceachtanna a bhí ar fáil sa scannán. Bhí mé uafásach gafa lena lán leabhar sa seánra Bildungsroman ag an am freisin; Last Chance, Peaches agus The Last Art of Keeping Secrets. Bhí na leabhair sin uilig faoi chailíní óga agus iad ag fás aníos agus ag aimsiú a ngutha féin.

Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?

Is aoibhinn liom obair Dhoireann Ní Ghríofa. Bhí sise ar cheann de na fáthanna ar bhog mé ar ais go Baile Átha Cliath tar éis tréimhse fhada thar lear. Léigh mé a leabhar A Ghost in the Throat agus d’fhoghlaim mé faoi Éirinn, fúm féin, faoin gcultúr inar fhás muid aníos. Ó thaobh na n-amharc-ealaíona de, b’fhéidir Tracey Emin. Tá a cuid oibre an-tromchúiseach uaireanta ach, ag an am céanna, tá a lán le foghlaim faoi chorp agus saol na mban. Is aoibhinn liom an compántas THISISPOPBABY chomh maith, go háirithe an seó Wake agus obair Emer Dineen - chonaic mé 0800 Cupid faoi dhó. Chuaigh mé faoi dhó go seó Aoife Sweeney O’Connor, An Evening with Wee Daniel, leis agus thaitin sé sin go mór liom. Is breá liom obair mo pháirtí tí, Cristina Nicotra, freisin.

Salon Liteartha le Róisín Nic Ghearailt

Salon Liteartha le Róisín Nic Ghearailt

Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lag trá cruthaitheachta a shárú?

Téim amach sa domhan mór. Éistim le comhráite mórthimpeall orm. Freastalaím ar sheónna éagsúla agus déanaimse iarracht mé féin a bhrú as mo zón compoird.

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

Mo shalón liteartha, Salon Rógaire. Thosaigh mé Salon Rógaire beagnach dhá bhliain ó shin, is salón litríochta dátheangach agus déghnéasach í agus tá sí ag dul ó neart go neart. Tá an t-ádh dearg linn in Éirinn. Tá an oiread sin daoine ag scríobh agus ag cumadh rudaí spéisiúla. Fuair mé maoiniú ó Dublin UNESCO City of Literature chun salón speisialta a chur ar siúl ar an 7 Samhain.

Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?

Nuair a bhí mé 24 agus díreach tar éis briseadh suas le mo bhuachaill agus bogadh go Nua-Eabhrac, chuaigh mé ar m’aonar chun an file Yrsa Daley-Ward a fheiceáil. Bhí sí chomh galánta agus álainn agus ag deireadh an imeachta sheas muid i scuaine fhada chun a síniú a fháil sna leabhair filíochta. Scríobh sí nóta sa leabhar sin a thug misneach dom agus mé sa chaibidil nua sin de mo shaol.

Cad é an chomhairle is measa a fuair tú riamh?

Go bhfuil clú agus cáil níos tábhachtaí ná do choinsias.

Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?

Brooklyn, Adults, agus Sweetbitter.

Is aoibhinn liom obair Dhoireann Ní Ghríofa. Bhí sise ar cheann de na fáthanna ar bhog mé ar ais go Baile Átha Cliath tar éis tréimhse fhada thar lear.

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Bhí an t-ádh orm, bhí mo shaol lán le cultúr. Gach Nollaig, chuaigh mé féin agus mo dheirfiúr go dtí an bailé Rúiseach lenár n-aintín, agus tá suim mhór ag mo dhaid sa cheol. D’fhás mé aníos ag éisteacht le The Jam, The Clash agus Madness. Is breá le mo thuistí a bheidh ag léamh agus tá ár dteach sa bhaile lán le leabhair. B’aoibhinn le mo bheirt seanmháithreacha a bheidh ag léamh chomh maith. Bhí grá mór ag mo sheanathair don fhilíocht. Toisc gur fhreastail mé ar Ghaelscoil agus Gaelcholáiste bhí ceol traidisiúnta timpeall na háite. Chaith mé tréimhse i gConamara gach samhradh agus bhí seans agam éisteacht le sean-nós ansin. Bhí an-suim ag mo sheanmháthair sna scéalta Fiannaíochta agus nuair a bhí muid óg is minic is a d’inis sí iad dúinn.

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?

Na Noisettes in Vicar Street. D’oscail siad mo shúile don rud is féidir le ceolchoirm a bheith.

Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?

Táim an-tógtha le hEoghan Ó Ceannabháin, Trá Pháidín, agus ceol nua Gia Margaret faoi láthair. D’fhreastail mé ar Hedge School le déanaí san ionad Daylight agus spreag sin go mór mé. Tá an taispeántas atá san ionad ealaíon, Pallas, i mBaile Átha Cliath 8, faoi láthair ana-shuimiúil. Léigh mé The Dry Season le Melissa Febos agus molaim go mór é. Chomh maith leis sin, rinne mé cúrsa scríbhneoireachta sa Irish Writers Centre le June Caldwell, agus bhí na gearrscéalta a scríobh gach duine sa chúrsa sin dochreidte.

Róisín Nic Ghearailt

Róisín Nic Ghearailt

Cad iad na hionaid, na gailearaithe, nó na pictiúrlanna is fearr leat?

Is aoibhinn liom an IFI, an Light House, an RHA, an Gailearaí Náisiúnta, Pallas, agus Kirkos.

Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?

I ndáiríre, sílim go bhfuil an caighdeán atá againn anseo dochreidte agus ag dul i bhfeabhas i gcónaí. Tá ealaíontóirí cosúil le Róis ag déanamh rudaí iontach spéisiúil, agus grúpaí cosúil le Scanrá ag cur imeachtaí spreagúla ar bun. Cuireann mo dhlúthchara Maria Kelly an méid sin rudaí ar siúl sa chathair. An fhadhb is mó na spásanna saor in aisce chun rudaí a chur ar siúl agus, ar ndóigh, an ghéarchéim thithíochta. Bíonn tionchar aige sin ar gach rud.

Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?

Go mbíonn tú ag cruthú an t-am ar fad.

Cén cineál áite a spreagann thú?

Spás agus am chun smaoineamh. Chaith mé coicís i gCathair Saidhbhín i rith an tsamhraidh. Bhí mé ag cur tús le leabhar a scríobh, agus bhí spás agus ciúnas ag teastáil uaim. Rinne mé malartú oibre ansin agus bhí mé ag glanadh ar maidin, ag snámh um thráthnóna, agus ag scríobh san oíche. Ba shos ceart é ó fhreagrachtaí an tsaoil. Bhí seans agam smaointe agus spás a chruthú i m’inchinn.

Cad iad do thuairimí faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?

An rud is tábhachtaí, i mo thuairimse, maidir le forbairt na teanga ná déileáil leis an ghéarchéim thithíochta sna Gaeltachtaí.

Cad é do mhana?

Is fada an bóthar nach mbíonn casadh ann.

Source: The Irish Times · Una Mullally

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira