Agus an dorchadas ag luí anuas go míthrócaireach orainn na laethanta seo, tarlaíonn sé go mbímid ag cuimhneamh ar anamacha na marbh. Le linn na Samhna i ndúiche Ghaeltacht na nDéise sa taobh seo tíre, tosaímid ag cur liostaí le chéile d’ainmneacha na ndaoine atá imithe ar shlí na fírinne. Mar pharóiste ag tráth seo na bliana, bailímid do shearmanas pobail i ngrúpa ollmhór sna séipéil chun slán agus beannacht a fhágáil leis na daoine atá sciobtha uainn ag an mbás le bliain nó le blianta beaga anuas. Táimid aontaithe ag an mbrón, tagtha chun guí os ard. Gan dabht is ócáid a thugann sólás agus suaimhneas dos na daoine atá ag fulaingt. Tarlóidh sé oíche amárach, Dé Céadaoin an 25 Samhain sa Rinn.

Fé láthair, sula dtagaimid le chéile, in ainneoin an uaignis agus na péine, scríobhaimid ainmneacha na ndaoine amach ar liostaí agus cuirimid isteach i gclúdaigh iad. Smaoinímid siar orthu, le linn na míosa seo agus nóibhéine na nAifreann, na daoine a fuair bás – na gaolta, na cairde, na daoine ón bparóiste nó na daoine nach ón bparóiste iad ach go raibh aithne againn orthu, agus cuirimid peann le pár chun na liostaí a scríobh amach. Bíonn orainn na hainmneacha a litriú amach, gach duine a ainmniú agus a aithint go neamhbhalbh. Is éacht fisiciúil, ionraic é, gníomh a thugann cumhacht de shaghas éigin don té atá in ísle brí. Aitheantas don té atá in easnamh, agus gníomh a thugann spás don bhrón agus don éagmais.

Amárach ag an searmanas speisialta, atá mar chuid den Aifreann, lasfar coinnle, lorgófar suaimhneas síoraí dos na mairbh, agus déarfar paidreacha ar a son. Ansin, fanfaidh cách ina dtost, gach aoinne againn caillte in umar pearsanta na haimléise. Croithfear uisce coisricthe orainn atá bailithe agus cromfaimid ár gceann. Caithfimid a chreidiúint go bhfuil na mairbh atá glaoite as an saol seo i gcomhluadar na naomh. Ní chloisfear faic sa bhfolúntas a bhorrfaidh sa bhfoirgneamh cloiche seo.

Mar chuid eile den searmanas paróiste seo, crochtar roinnt ainmneacha in airde i litreacha móra ar fhallaí an tséipéil chomh maith. Nuair a bhíonn an phaidreoireacht faoi lán tseoil, léitear na hainmneacha amach agus iarrtar ar na daoine atá ceangailte i slí éigin leis na hainmneacha crochta seo dul in airde le coinneal. Téimid suas i líne, duine i ndiaidh a chéile, go han-chúramach mar caithfidh tú a chinntiú nach múchfaidh an choinneal. Téann tú suas chuig an altóir agus leagann tú an choinneal ar a barr. Leanann na paidreacha ag altóir an tséipéil.

De ghnáth, tarlaíonn an searmanas san oíche nó go déanach sa tráthnóna nuair atá sé dorcha lasmuigh, nuair atá sé geimhriúil fuar. Bíonn na tinteáin fágtha againn agus bímid clúdaithe i gcótaí troma, hataí agus láimhíní teolaí. Bíonn stoirmeacha i réim agus bíonn sé scéiniúil babhtaí faire amach ar an bhfarraige. Cuireann an bailiú poiblí seo go mór le tocht agus le hatmaisféar na hócáide a tharlaíonn laistigh den séipéal. Go minic múchtar na soilse ann agus bíonn ar mhuintir an phobail brath go hiomlán ar sholas na gcoinnle. Bíonn gach cúinne dorcha agus tosaíonn scáthanna móra ag bogadh thart agus ag at. Tá sé éasca a cheapadh go bhfuilimid gairid don saol eile, do dhomhan eile na spiorad.

Thiomáin Oíche Shamhna spioraid na dtaibhsí isteach. Ansin bhí Oíche na Marbh go luath sa mhí. An ea go dtuigtear go bhfuil leibhéal eile na cruinne ag bagairt orainn, ag gluaiseacht gar dúinn, ag fógairt go bhfuil saoirse agus fuascailt ón dorchadas de dhíth go géar uainn?

Mar chuid eile den searmanas paróiste seo, crochtar roinnt ainmneacha in airde i litreacha móra ar fhallaí an tséipéil chomh maith.

Is iontach an chabhair é do dhaoine atá ag fulaingt agus uaigneach i ndiaidh na gcailliúintí go bhfaigheann siad an deis seo dul os comhair an phobail arís chun a mbrón a léiriú – is deis í don duine seasamh arís agus guí poiblí a dhéanamh ar son an pháirtí, an mhic nó na hiníne, na máthar nó an athar, na seanmháthar nó an chol ceathair nó an chomharsan nó an charad agus scairt shíceach a dhéanamh in áit a tógadh go speisialta do mhothúcháin mar seo.

Tá deasghnátha na marbh riachtanach d’aon phobal in aon pharóiste. Cé go mbímid faoi bhrón, tá na coinbhinsiúin bháis agus na searmanais eaglasta mar threoir agus mar shólás in am an ghátair. Tá an tAifreann againn. Tá na hiomainn againn. Tá na nósanna againn. Is féidir linn siúl go réidh agus go hómósach go dtí an reilig i ndiaidh na cónra. Cabhraíonn gach mion-nós agus traidisiún le daoine atá faoi bhrón a threorú agus a choimeád ar bhóthar an mhisnigh in aghaidh an dóláis, iad ag iarraidh plé le cailliúint, le tragóid agus le briseadh croí.

Tá sé mar an gcéanna ar fud an domhain. Blianta ó shin, agus mé i m’aoi ag an gcarthanacht Trócaire, ar chuairt phreasa ar phobail na Máigheach i nGuatamala, cine a d’fhulaing go mór le linn chogadh cathartha na tíre san, d’fhreastail mé ar ollsochraid ann thuas sna sléibhte. Bhí teaghlaigh na ndaoine a maraíodh i gcinedhíothú na Máigheach ag fágáil slán leo. I ndiaidh dúinn an oíche a chaitheamh ag paidreoireacht, shiúlamar go moch ar maidin go dtí an áit a raibh réitithe do na cónraí. D’éalaigh deatach ón aisréad, é á luascadh ag an bhfear naofa. D’éirigh an ghrian san oirthear, lasadh na sléibhte maorga, agus dhruideamar níos gaire don pholl a bhí tochailte amach as an ithir dhearg. Cuireadh na cónraí simplí, cúig cheann déag acu, isteach san uaigh. Bhí sceimhle ag baint leis an searmanas ach, i ndáiríre, chuir sé deasghnátha na Rinne agus an tSeanphobail i gcuimhne don scríbhneoir seo. Bhí an brón agus an t-uafás i leith an bháis mar an gcéanna.

Foclóir:

míthrócaireach = unforgiving

séipéil = church/chapel

chun guí = to pray

taibhsí = ghosts

briseadh croí = heartbreak

ithir = earth

Source: The Irish Times · Catherine Foley

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira