Is iomaí athrú atá feicthe againn le cúpla bliain anuas maidir le rialacha nua sa pheil Ghaelach. Ag deireadh mhí Mheán Fómhair, d’fhógair an grúpa comhairliúcháin peile go gcuirfí moltaí an ghrúpa faoi thriail i gComórtas Chorn Uí Riain - comórtas sraithe Roinn 1 sna Coláistí tríú leibhéal - agus i gcomórtais réamhshéasúir na gcúigí. Is fíor a rá gur aistear foghlama a bhíonn i gceist le rialacha nua ach má bhíonn an cluiche ag athrú agus ag síorathrú, an bhfuil an baol ann anois go gcaillfear fréamhacha na peile agus go gcuirfear srian le saoirse i gcás na n-imreoirí? Tá pleananna agus teaicticí tábhachtach in aon chluiche ach chaithfeá a bheith in ann smaoineamh ar an bpointe boise agus an dúshlán os do chomhair amach a shárú. Caithfidh sé sin teacht go nádúrtha, caithfidh sé sin a bheith ionat. Tá sé ráite ag an ngrúpa comhairliúcháin go mbeadh gá le ‘tairseach an-ard’ sula ndéanfaí aon athruithe breise ar na rialacha imeartha.

Is iad baill an ghrúpa comhairliúcháin ná Kevin McStay (Cathaoirleach), David Coldrick, Conor McManus, Maurice Fitzgerald, Johnny Bradley, Pat Doherty, Séamus Kenny agus John Tobin. Rinneadh tagairt do mheon Tobin san amhrán C’mon the Stars a scríobh Pádraig Stevens (a bhíonn ar stáitse leis an mbanna ceoil The Sawdoctors). An chomhairle a bhíodh ag Tobin dá chuid imreoirí agus atá luaite san amhrán ná “get the basics right”. Tá an baol anois ann go gcuirfidh an iomarca rialacha agus tuilleadh athruithe ar na bunrialacha isteach ar an gcluiche.

…nuair a bhíonn teannas sa chluiche agus brú ar imreoirí, cé chomh héasca is a bheidh sé na pasanna láimhe a chomhaireamh?

Tá athruithe móra tagtha ar na nósanna imeartha ó bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael. Siar sa bhliain 1885 a liostáladh rialacha na peile den chéad uair. An uair sin, bhí 21 imreoir ar an bhfoireann, b’shin 42 dhuine san iomlán ar an bpáirc nuair a caitheadh an liathróid isteach. Tháinig laghdú ar líon na n-imreoirí in 1901 (17 a bhí i gceist anois), bhí cead ionadaithe a thabhairt isteach dóibh siúd a gortaíodh, tugadh feadóg don réiteoir, agus ní raibh cead ag an té a raibh seilbh aige ar an liathróid níos mó ná ceithre chéim a ghlacadh. Ba in 1910 a tugadh isteach na póstaí H atá againn inniu agus trí bliana ina dhiaidh sin, beartaíodh gur 15 an taobh a bheadh i gceist. Ba bheag athrú suntasach a cuireadh ar rialacha na peile go dtí 1945 nuair a tugadh an cic taobhlíne isteach.

I measc na moltaí nua, táthar ag iarraidh teorainn a chur le líon na bpasanna láimhe as a chéile go trí cinn. Ach nuair a bhíonn teannas sa chluiche agus brú ar imreoirí, cé chomh héasca is a bheidh sé na pasanna láimhe a chomhaireamh? Dá mbeadh imreoir sa chúinne tar éis trí phas láimhe, an mbeadh an spás aige cic a thabhairt don liathróid? Tá ualach breise ar na réiteoirí cheana féin agus sílim go bhfuil sé dúshlánach súil a choinneáil ar gach uile rud leis na rialacha mar atá siad faoi láthair gan trácht ar phasanna láimhe a chomhaireamh. Baineann moltaí eile leis an stua 40m, leis an gcic amach agus leis an gcic taobhlíne. Deirtear go rachaidh an grúpa comhairliúcháin i mbun trialacha ar na moltaí seo le hintinn oscailte.

Moladh eile ná cosc a chur ar phointí a scóráiltear leis an dorn. Níl mé cinnte cén tionchar a bheadh aige sin ar an imirt. Creidim go bhfuil scil agus clisteacht ag baint leis na hiarrachtaí sin a chruthú agus a chríochnú. Nuair nach mbíonn a dhóthain spáis le cic a thógáil nó má bhíonn uillinn an-ghéar ann, airím go dtugann an dorn deis ar leith d’imreoirí an scór a fháil. Teastaíonn cosaint mhaith le stop a chur leo ar ndóigh agus is fiú na scileanna cosanta a fhorbairt agus a chaomhnú.

Maidir le luach cúil a ardú go ceithre phointe, baineadh triail as sin ar feadh tamall gairid i gcluichí idirchúige 2024, ach níor leanadh leis an moladh ina dhiaidh sin. Dar leis an ngrúpa comhairliúcháin, d’fhéadfadh an bhéim ar dheiseanna dhá phointe a chruthú a bheith ag cur ealaín na scórála cúl i mbaol. Tá méadú suntasach feicthe againn ar líon na scórtha dhá phointe. Ach táthar den tuairim go bhfuil tábhacht agus luach an chúil faoi bhagairt.

Baineann moladh eile le riail a thabhairt isteach le cosc a chur ar fhoireann an liathróid a chur siar chuig a leath féin tar éis dóibh í a thabhairt isteach i leath na foirne eile. Cuireann sé seo an chispheil i gcuimhne dom. D’imir mé cispheil agus d’airigh mé go raibh an riail sin an-éifeachtach, sa chluiche sin. Ach cuimhnigh go bhfuil an chúirt chispheile i bhfad níos lú ná páirc peile. Ina theannta sin, níl ach cúigear an taobh ar fhoireann cispheile agus cúigear déag ar fhoireann peile. D’fhéadfadh suas le triúr réiteoirí a bheith ag obair le chéile sa chispheil. Go dtí seo, níl ach réiteoir amháin sa pheil Ghaelach. Moltar líon na n-ionadaithe a cheadaítear a mhéadú ó chúigear go seisear.

Tá 15 chluiche i gComórtas Chorn Uí Riain roghnaithe do na trialacha. Tar éis na tréimhse sin, déanfar measúnú agus athbhreithniú orthu. Is é an sprioc atá ag an ngrúpa comhairliúcháin ná a gcuid moltaí agus an plé ar fad a thabhairt chun críche go luath i mí Eanáir in am don tsraith náisiúnta. Dúirt Kevin McStay go dteastódh fianaise láidir chun a chur ina luí orthu go gcuirfeadh na moltaí le caighdeán an chluiche sula molfaidís aon cheann acu mar athrú rialach ag Comhdháil CLG. Mar sin, cabhróidh na trialacha atá le teacht go mór le cinneadh a dhéanamh an bhfuil a gcuid moltaí fiúntach nó nach bhfuil.

Foclóir:

Réamhshéasúr = pre-season

grúpa comhairliúcháin = consulting group

uillinn = angle

fréamhacha = roots

liathróid = ball

Ina theannta sin = in addition

cosaint = defence

Source: The Irish Times · Máire Ní Bhraonáin

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira