“… Agus má úsáideann aon Sasanach, nó aon Ghael atá ina chónaí i measc na Sasanach, an Ghaeilge eatarthu féin, in aghaidh an reachta, agus má eisreachtaítear leis sin é, gabhfaidh a thiarna seilbh ar a thailte agus ar a thionóntáin, má tá talamh nó tionóntáin aige, go dtí go dtiocfaidh sé go háit de chuid ár dtiarna, an rí, agus go n-aimseoidh sé leorurra chun glacadh leis an Bhéarla agus é a úsáid, ansin tabharfar a thailte agus a thionóntáin réamhráite ar ais dó, tógfaidh oifigigh de chuid ár dtiarna, an rí, é agus cuirfear sa phríosún is cóngaraí é, agus is ann a fhanfaidh sé go dtí go n-aimseoidh sé féin, nó duine eile thar a cheann, leorurra sa tslí réamhráite.”

Leis an chlásal thuas, cuireadh cosc ar an Ghaeilge faoi Reachtanna Chill Chainnigh in 1366. Is é an sampla is luaithe a bhfuil eolas againn faoi de thoirmeasc ar theanga – ach ón uair sin i leith, ní beag líon na dteangacha a chuirfí faoi chosc am éigin i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.

Is parlaimint d’uaisle agus d’eaglaisigh Angla-Normannacha a tionóladh i gCill Chainnigh faoi Lionel d’Anvers, mac le Rí Edward III Shasana, a rith Reachtanna Chill Chainnigh. Rinneadh Fear Ionaid an Rí in Éirinn de Lionel in 1361 agus é de chúram air an choilíneacht a dhaingniú, óir bhí riail Shasana sách lag agus faoi shíorbhagairt ó na taoisigh Ghaelacha.

Chonacthas borradh mór faoin oideachas stáit le linn na réabhlóide tionsclaíche – agus leis sin, chuirfí tús le sraith nua toirmeasc ar theangacha mionlaigh.

Mar sin féin, cé gur réitíodh an bealach do na céadta bliain de leatrom ar mhuintir na hÉireann agus ar an Ghaeilge, ní ar na Gaeil a bhí Reachtanna Chill Chainnigh dírithe. Níor achtaíodh iad chun an Ghaeilge a chur faoi chois ach chun an Béarla a chosaint. Bhí imní ar ionadaithe Shasana go raibh na coilínigh Shasanacha á gcomhshamhlú leis “na naimhde” – bhí siad ag pósadh Gael agus ag glacadh le nósanna, dlíthe agus teanga na tíre seo – agus dá bharr sin, shocraigh siad cosc a chur ar ghnéithe iomadúla den chultúr Gaelach (an Ghaeilge, an Féineachas, sloinnte Gaelacha, oirfidigh agus spóirt, stíl mharcaíochta agus feisteas na nGael) agus ar chaidreamh (pósadh, altram, oird choisricthe agus idirbheartaíocht gan mhaoirseacht) idir Gaeil agus Gaill.

Na Glúine Gafa: páistí bundúchasacha i scoil chónaithe san Astráil. Grianghraf - fearann poiblí, Peter Spillett Collection, Wikimedia Commons

Na Glúine Gafa: páistí bundúchasacha i scoil chónaithe san Astráil. Grianghraf - fearann poiblí, Peter Spillett Collection, Wikimedia Commons

Ní raibh údaráis Shasana in acmhainn na reachtanna a chur i bhfeidhm, áfach, agus níor éirigh leo an comhshamhlú a mhaolú. Ach d’ainneoin theip Reachtanna Chill Chainnigh, bheadh na prionsabail a bhí mar bhonn fúthu go mór chun tosaigh sa bheartas coilíneach ar feadh na gcéadta bliain – agus tá siad le brath go fóill.

Sna reachtanna, moltar deighilt idir coilínigh agus dúchasaigh na tíre, agus tá sé le léamh orthu go rabhthas ag dúil go mbeadh cultúr na gcoilínitheoirí in uachtar i measc na gcoilíneach – is é sin, an scothaicme – ar a laghad. In 1535, cuireadh cosc ar úsáid na Breatnaise i gcúirteanna na Breataine Bige agus cuireadh d’iallach ar shealbhóirí oifigí poiblí an Béarla a úsáid. Faoi reachtaíocht a ritheadh in 1537 agus in 1541, cuireadh cosc ar úsáid na Gaeilge i bParlaimint na hÉireann agus sna limistéir a bhí faoi riail Shasana.

Threiseofaí an tuiscint gur fearr cultúr agus teanga na gcoilínitheoirí le teacht chun cinn an impiriúlachais ón 15ú haois, agus bhí baint nach beag ag an chreideamh leis an smaointeoireacht sin freisin. Maíodh go raibh bundúchasaigh na gcoilíneachtaí neamhshibhialta agus págánach, agus nuair a chuir pobail dhúchasacha in éadan na gcoilínitheoirí, dúradh gur fianaise é sin ar an cheangal idir cultúr agus teanga na bpobal sin agus an cheannairc, an naimhdeas agus an bharbarthacht. Faoi thionchar idé-eolaíocht chiníoch den chineál sin, tugadh faoi fheachtais de chomhshamhlú éigeantach agus de chinedhíothú.

Níos faide i gcéin, thoirmisc Jose I, Rí na Portaingéile, teanga an Tupinambá sa Bhrasaíl in 1757, agus i gcaitheamh na 25 bliana ina dhiaidh sin, chuirfí cosc ar theangacha bundúchasacha eile sa Bhrasaíl, i bPeiriú agus i gcoilíneachtaí eile na Spáinne (ainneoin gur thacaigh Rí na Spáinne leis an Nachuáitlis 200 bliain roimhe sin d’fhonn cumarsáid le bundúchasaigh a éascú).

Le forbairt choincheap an náisiúnstáit nua-aoisigh, thiocfadh forbairt eile ar an fhealsúnacht a bhí mar bhunchloch leis na toirmisc sin. Ón 18ú haois, thosaigh teoiricithe éagsúla ag maíomh go raibh cobhsaíocht agus rath an stáit ag brath ar an aonchineálacht, agus leag fealsúna áirithe béim ar thábhacht an chultúir choitinn agus na teanga coitinne.

Chun an aonchineálacht a chur chun cinn, is iomaí beart a rinneadh i gcoinne teangacha mionlaigh – idir theangacha dúchasacha agus teangacha pobal inimirceach – san iliomad tír, ón Spáinn agus an Fhrainc go dtí an Rúis agus an tSín. Níor bhain an cur chuige sin le haon idé-eolaíocht ná le haon chóras polaitiúil ar leith: cuireadh an Aidhniúis agus teangacha Ryukyu faoi chois faoi olagarcacht thiarnasach na Seapáine, cuireadh cosc ar an Choirdis faoi phoblacht phobalach Mustafa Kemal Atatürk sa Tuirc, agus chuir an deachtóir faisisteach Francisco Franco an Bhascais, an Chatalóinis agus an Ghailísis faoi thoirmeasc sa Spáinn.

Caisleán Chill Chainnigh. Grianghraf: iStock/Getty

Caisleán Chill Chainnigh. Grianghraf: iStock/Getty

Agus é ag scríobh sa 20ú haois, nasc an t-antraipeolaí Ernest Gellner caighdeánú cultúrtha leis an tionsclaíocht: bhí teanga choiteann riachtanach chun cumarsáid agus oiliúint a éascú i measc na n-oibrithe. Chonacthas borradh mór faoin oideachas stáit le linn na réabhlóide tionsclaíche – agus leis sin, chuirfí tús le sraith nua toirmeasc ar theangacha mionlaigh.

Bhí na toirmisc a cuireadh ar theangacha sa tseomra ranga thar a bheith cruálach, agus d’fhág siad a lorg ar chomhfhios an phobail. Nach iomaí uair a léirítear pionóis á ngearradh ar dhaltaí Gaelacha in úrscéalta agus i mbeathaisnéisí na tíre seo – cuntais ar bhain Brian Ó Nualláin casadh grinn astu i radharc dodhearmadta in An Béal Bocht. Is údar feirge do na Breatnaigh go fóill an Welsh Not, comhartha a cuireadh d’iallach ar pháistí a chaitheamh má labhair siad Breatnais sa scoil agus a raibh baint láidir aige leis an náiriú agus leis an phionós corpartha: bhí córas den chineál céanna in úsáid anseo in Éirinn (an bata scóir) agus i dtíortha eile lena n-áirítear an Fhrainc agus an tSeapáin. Uaireanta, thacaigh tuismitheoirí leis na bearta araíonachta sin toisc gur cuireadh ina luí orthu nach raibh aon rath i ndán do chainteoirí a dteanga.

Dá olcas na cleachtais sin, ba mheasa fós na scoileanna cónaithe a bunaíodh i dtíortha lena n-áirítear Ceanada, SAM, an Astráil agus tíortha Chríoch Lochlann – scoileanna a bhí fós á reáchtáil le cuimhne na ndaoine, agus a dtéann sé an-dian ar mharthanóirí agus ar na pobail níos leithne aghaidh a thabhairt ar an uafás a tharla iontu. Baineadh páistí bundúchasacha dá dtuismitheoirí d’fhonn iad a scaradh óna gcultúir. Gearradh pionóis ar na páistí as teangacha bundúchasacha a labhairt, agus is minic a d’fhulaing siad faillí agus mí-úsáid chorpartha agus ghnéasach.

Ó Reachtanna Chill Chainnigh ar aghaidh, spreag ciníochas an choilíneachais agus tóir an náisiúnachais ar an aonchineálacht (dhá rud nach bhfuil ar bhealach ar bith comheisiach) an iliomad toirmeasc ar theangacha mionlaigh. Bhí toradh ar na polasaithe sin, faraor, agus inniu, tá cuid mhór de na teangacha ar cuireadh cosc orthu faoi bhagairt – agus díothaíodh teangacha eile go hiomlán.

Mar sin féin, san iliomad cásanna, tá iarrachtaí ar bun chun na teangacha sin a chaomhnú agus a athbheochan. Leis na toirmisc, cuireadh in iúl nach fiú a dhath iad, ach anois tá pobail choilínithe ar fud an domhain ag ardú a nglórtha chun luach a dteangacha agus a gcultúr a fhógairt. Tá muid uile ar chéimeanna difriúla den phróiseas sin, ach tacaímis le chéile chun an fód a sheasamh ar son ár gceart.

Foclóir

Reachtanna Chill Chainnigh = Statutes of Kilkenny

tailte = lands

toirmeasc = prohibition

feisteas = atire

comhshamhlú = assimilation

cobhsaíocht = stability

Source: The Irish Times · Natalie Nic Shim

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira