When I die

I want to die,

not in a home built for the unknown

But by the hand of a Maasai

- Damian Dempsey

Duine ar bith a bhfuil dúil acu i gceol croíúil an Duibhlinnigh Damien Dempsey, beidh a amhrán anamúil Maasai cluinte acu uair nó trí. Sa chúig rann ghairide léiríonn Damo an meas atá aige ar chultúir dhúchasacha na cruinne agus molann sé an nasc atá acusan leis an dúlra thart orthu. Is é an véarsa is mó a fhanann leis an éisteoir, áfach, ná an chéad cheann - a dhéantar a athrá ag an deireadh chomh maith - ina gcuireann sé in iúl go tréitheach tréan gurbh fhearr leis bás a fháil i dteach arbh iad na Maasai (pobal bródúil de chuid oirthear na hAfraice) a chuir suas é seachas i dteach cúraim nach eol d’aon duine cé a thóg.

In ainneoin gur leis an bhás a bhaineann liricí Uí Dhíomasaigh, is ar an bheatha atá sé ag caint i ndáiríre: maireachtáil le crógacht mar a bheadh gaiscíoch treibhe ann, faoi shaoirse, i dtiúin leis an nádúr, agus i gcaidreamh gníomhach leis na daoine timpeall ort.

Tá pointe eile níos follasaí i línte an amhráin fosta: is é sin gur minic sa lá atá inniu ann nach bhfuil barúil faoin spéir againn cé a thóg na foirgnimh a bhfuil muid inár gcónaí iontu.

Tráth dá raibh ba iad baill an teaghlaigh féin a thóg na tithe - má bhí an t-ádh orthu teach dá gcuid féin a bheith acu in aon chor - agus thiocfadh meitheal áitiúil le chéile le cuidiú leo an dúshraith a chur síos nó na ballaí a thógáil nó an díon a réiteach.

Obair chrua a bhí ann gan amhras, ach bhí cuideachta ann, agus cur le chéile, agus sásamh coiteann ag deireadh an togra. Bhí toradh an tsaothair le mothú sna clocha a thug cosaint don teach, sin agus sa teallach a choinnigh an chlann te teolaí le linn mhíonna dorcha an gheimhridh.

Athraíonn an saol ar ndóigh agus tá brící, nó modúil réamhdhéanta go fiú, tagtha in áit na gcloch a bailíodh sna páirceanna máguaird, agus tá an teaschaidéal - idir aerfhoinse agus talamhfhoinse, muna miste leat - ag teacht i dtreis anois in ionad na tine oscailte.

Tá na smaointe seo ag rith liom faoi láthair mar go mbeidh mé féin agus mo bhean ag bogadh isteach i seanteach ar ais i mo pharóiste féin in Ard Mhacha Theas go luath. Le 25 bliana anuas is in árasáin nó i dtithe cathrach atá cónaí orm - i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, sa Bhruiséil, sa Bharsalóin - agus ar feadh i bhfad níor smaoinigh mé mórán ar na daoine a chaith dua leis an tógáil ar mhaithe le háiteanna cónaithe a chur ar fáil don chuid eile againn.

D’athraigh sé sin sa Bheilg, áfach, mar bhíodh nós sa tír sin ag deireadh an 19ú haois agus ag tús an chéid seo caite ainm an ailtire agus bliain na tógála a ghreanadh, ar bhealach deas discréideach, i gcloch ar aghaidh an tí. Agus mé ag siúl thart ar an Bhruiséil, is minic a d’fheicinn sloinne nó dáta a spreag m’fhiosracht agus a chothaigh dáimh leis an tsaor a shaothraigh go dícheallach na blianta fada roimhe sin.

Ansin sa Bharsalóin anuraidh bhí orm séalóir a chur ar chúpla seanbhalla brící dearga san árasán, atá i bhfoirgneamh a tógadh ag tús an 20ú haois. Chaith mé ceithre lá os a gcomhair, mise agus na brící, ag amharc ar gach claisín iontu agus ag leagan mo láimhe ar an mhoirtéal eatarthu. Ba dheacair gan smaoineamh ar na lámha a chuir ann iad sa chéad dul síos.

Ní bhíonn ainmneacha na n-ailtirí ná na dtógálaithe le feiceáil taobh amuigh de thithe faoin tuath in Éirinn, agus ní bhíodh mórán brící dearga ann ach oiread, ach tá rudaí eile againn: eolas áite, seanchas, agus sonraí daonáirimh.

Is thart ar an bhliain 1850 a tógadh an teach a mbeidh muidne inár gcónaí ann agus bhí sloinne an teaghlaigh ar leis é fadó ar eolas ag gaolta liom agus ag daoine áitiúla eile, cé nach raibh an teaghlach féin ar an talamh le tamall fada.

Bhí mé ag iarraidh a thuilleadh a fháil amach fúthu mar sin chuardaigh mé daonáireamh 1901 agus 1911, agus is ann a bhí siad. Ní hamháin sin ach tugadh le fios sa dá dhaonáireamh gur cainteoirí Gaeilge a bhí i gcuid de bhall an teaghlaigh chéanna. Ní rud an-annamh a bhí sa mhéid sin ar ndóigh: bhí cúpla míle cainteoir dúchais Gaeilge in Ard Mhacha Theas in 1911, an bhliain deiridh a reáchtáladh daonáireamh in Éirinn roimh an chríochdheighilt. Ní chuirfí ceist arís ar mhuintir an cheantair faoina gcumas Gaeilge go dtí daonáireamh 1991.

Rinne mé iarracht dul níos faide siar arís agus fuair mé amach, a bhuí le Luacháil Griffith, go raibh an teaghlach ar an talamh i lár an 19ú céad. Is iadsan a thóg an teach mar sin.

Gaeil tuaithe a tháinig fríd an Drochshaol, a d’fhulaing agus a d’oibrigh agus a chruthaigh áit chónaithe lena lámha féin.

Gabhfaidh mé buíochas leo nuair a bheidh muid istigh faoin díon roimh an Nollaig, agus cuimhneoidh mé orthu agus muid ag obair ar an teach sna míonna atá le teacht.

Agus tá rud éigin ag rá liom go mbeidh áthas orthu go mbeidh a dteanga féin á labhairt os comhair an teallaigh athuair chomh maith.

Foclóir:

anamúil = spirited, lively

tréitheach = talent

crógacht = bravery

críochdheighilt = partition

daonáireamh = census

díon = roof

Source: The Irish Times · Tomaí Ó Conghaile

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira