Díoladh pictiúir de bheirt – an scríbhneoir Pádraic Ó Conaire agus an t-ealaíontóir Charles Lamb – a raibh dlúthbhaint acu le Gaeltacht Chonamara ag ceant a bhí ar bun i mBaile Átha Cliath le gairid.

Tugadh €3,738 ar phortráid den scríbhneoir iomráiteach Pádraic Ó Conaire, nó Sean-Phádraic mar a thugtar air uaireanta, ag an gceant a bhí á reáchtáil ag na ceantálaithe Whyte’s.

Agus fritheadh €2,368 ar phortráid den ealaíontóir Charles Lamb a rinne pictiúir go leor de Chonamara is de mhuintir Chonamara i rith a shaoil.

An t-ealaíontóir Harry Kernoff a chruthaigh an dá phictiúr.

Chreid Lamb nár mhór d’ealaíontóir cur faoi i gConamara le go mbeadh ar a chumas an ceantar agus muintir an cheantair a phéinteáil i gceart…

Tá biseach an cheannaitheora de 20 faoin gcéad (agus CBL 23 faoin gcéad ar an mbiseach sin) san áireamh sna praghsanna seo. Is pastal déanta ar pháipéar, 16 orlach faoi 12 orlach, atá sa bpictiúr de Phádraic Ó Conaire agus bhí treoirphraghas idir €2,000 agus €3,000 luaite leis.

Nuair a cuireadh an dá phictiúr seo ar ceant ag Whyte’s i mBealtaine na bliana seo caite, níor díoladh iad. Treoirphraghas níos airde d’idir €3,000 agus €5,000 an ceann a bhí luaite leo an uair úd.

Thug an ceantálaí Ian Whyte le fios go raibh níos mó suime léirithe sa bpictiúr de Shean-Phádraic an uair seo. Tá sé deimhnithe ó shin ag Músaem Cathrach na Gaillimhe gurbh iadsan a cheannaigh é.

Sa mbliain 1933 a rinne Kernoff an phortráid de Ó Conaire, sin cúig bliana tar éis bhás an scríbhneora in 1928.

Deir an staraí ealaíne Kathryn Milligan, ó Choláiste na Trionóide, gur minic a rinne Kernoff portráidí de dhaoine nach raibh aithne aige orthu. Bhunaigh sé iad ar ghrianghraif nó ar shaothair ealaíne eile.

Treoirphraghas idir €2,000 agus €3,000 a bhí luaite leis an bpictiúr de Charles Lamb, chomh maith. 15 orlach faoi 10.5 orlach atá an pastal ar pháipéar seo.

Rinneadh é sa mbliain 1959, cúig bliana sular bhásaigh Lamb in 1964. Bailitheoir príobháideach a cheannaigh é, a dúirt Ian Whyte.

Sa dá phictiúr, tá an bheirt gléasta go snasta, iad ag caitheamh seaicéad le geansaí faoi agus léine is carabhat. Sa gcúlra de phortráid Uí Chonaire tá radharc den fharraige agus faoileán ag eitilt os a chionn.

Rugadh Pádraic Ó Conaire i gcathair na Gaillimhe in 1882 agus nuair a bhásaigh a mháthair in 1894 chuaigh sé chun cónaí le gaolta leis i Ros Muc i gConamara.

Agus é fós ina dhéagóir bhog sé go Londain, áit a raibh sé fostaithe sa státseirbhís ar feadh tamall de bhlianta.

D’fhill sé ar Éirinn in 1915 agus ba ann a chaith sé an chuid eile dá shaol.

Idir na blianta 1901 agus 1927, foilsíodh na céadta gearrscéalta leis in irisí is i nuachtáin éagsúla, agus foilsíodh a úrscéal Deoraíocht in 1910.

Ceathracha a sé bliana d’aois a bhí sé nuair a bhásaigh sé.

Cuirtear suim i gcónaí i saol agus i saothar an cheannródaí seo i scríbhneoireacht na Gaeilge sa 20ú haois.

Le gairid, foilsíodh an leabhar The Lives of Pádraic Ó Conaire, le hAindrias Ó Cathasaigh, agus níl sé i bhfad ó shin ó chraol RTÉ Raidió na Gaeltachta an tsraith clár Blaiseadh de Shaothar Shean-Phádraic Uí Chonaire, chomh maith le píosaí faoin scríbhneoir ón gcartlann.

Níos túisce i mbliana, foilsíodh macasamhail de M’Asal Beag Dubh, Aistí agus Mion-scéalta sa seanchló in éindí le haistriúchán go Béarla déanta ag Peadar Macken.

Portráid den ealaíontóir Charles Lamb le Harry Kernoff.

Portráid den ealaíontóir Charles Lamb le Harry Kernoff.

Ba i bPort an Dúnáin i gCo. Ard Mhacha a rugadh Charles Lamb in 1893.

Péintéir tí a bhí ina athair agus chleachtaigh Charles an cheird sin fhad is a bhí sé ag déanamh staidéar ar an ealaín i mBéal Feirste.

In 1917, fuair sé scoláireacht le freastal ar an Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath, áit ar chaith sé ceithre bliana.

Deirtear gurbh é Pádraic Ó Conaire a mhol dó cuairt a thabhairt ar an gCeathrú Rua i gConamara an chead lá ariamh in 1921.

In 1927, phós Charles Lamb Katherine Madox Hueffer, iníon an scríbhneora Ford Madox Ford. Bhí an-tionchar ag Madox Ford ar shaol na litríochta i Sasana ag tús na 1920idí agus d’fhoilsigh sé scríbhneoirí ar nós James Joyce, Joseph Conrad, Ernest Hemingway agus Jean Rhys in irisí dá chuid.

Sa mbliain 1935, thóg Charles Lamb teach agus stiúideo ar an mBóthar Buí ar an gCeathrú Rua.

Chreid Lamb nár mhór d’ealaíontóir cur faoi i gConamara le go mbeadh ar a chumas an ceantar agus muintir an cheantair a phéinteáil i gceart, agus b’in a rinne sé.

Ach an oiread le Ó Conaire, tá suim i saothair Lamb i gcónaí. Tá 44 phictiúr leis, a bhailigh Patrick agus Frances Smith thar thréimhse 30 bliain, á gcur ar ceant ag de Veres faoi láthair.

Pictiúir de thírdhreach agus de mhuintir Chonamara atá ina bhformhór. Is féidir tairiscintí a dhéanamh ar na pictiúir seo go dtí an 20 Deireadh Fómhair.

Is i Londain, in Eanáir na bliana 1900, a rugadh an t-ealaíontóir Harry Kernoff. (B’in an mhí is an bhliain chéanna a chuaigh Pádraic Ó Conaire chun cónaí sa gcathair.)

D’aistrigh a chlann go Baile Átha Cliath nuair a bhí sé 14 bliana d’aois.

Shaothraigh a athair a chuid ag obair mar chaibinéadaire agus d’oibrigh Harry leis fhad is a bhí sé ag freastal ar ranganna oíche sa Metropolitan School of Art, áit ar fhreastail Charles Lamb freisin.

Bhí Kernoff lárnach i saol cultúrtha na hardchathrach agus rinne sé portráidí go leor de scríbhneoirí, d’aisteoirí, d’amhránaithe is d’ealaíontóirí eile na linne. Orthu seo, bhí Patrick Kavanagh, Brian O’Nolan (Flann O’Brien), James Joyce, Peadar O’Donnell, Hilton Edwards agus Delia Murphy.

In 2004, íocadh €15,000 (gan táillí san áireamh) ar phictiúr a rinne Kernoff den scríbhneoir Liam Ó Flaithearta in 1933. (Bhain Kernoff agus Ó Flaithearta beirt leis an eite chlé ó thaobh na polaitíochta de.)

Rinne sé pictiúir go leor freisin de shaol na cathrach agus de dhaoine i mbun oibre, chomh maith le radhairc den tírdhreach timpeall na hÉireann.

Tá an-tóir ar phictiúir Kernoff sa lá atá inniu ann agus baineann siad praghsanna arda amach, ach ní hamhlaidh a bhí sa gcuid deiridh dá shaol.

Tuairiscítear go ndearna sé iarracht 42 cheann dá chuid portráid a dhíol le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann in 1966, ach nár ceannaíodh iad.

Ní saol éasca a bhí ag lucht an phinn ná ag lucht na scuaibe tráth.

Sa bheathaisnéis nua fhíorspéisiúil, tugann Aindrias Ó Cathasaigh le fios go raibh cuid de leabhair Uí Chonaire,Deoraíocht agus An Chéad Chloch san áireamh, as cló nuair a bhásaigh sé in Ospidéal Richmond i mBaile Átha Cliath.

Nuair a phós a iníon Eileen cúpla lá roimh a bhás, tugadh le fios ar an deimhniú pósta gur “labourer” a bhí ina hathair.

Ach an oiread le Pádraic Ó Conaire, tuigtear gur beag de shaibhreas an tsaoil a bhí ag Harry Kernoff nuair a bhásaigh seisean in Ospidéal na Mí san ardchathair Lá Nollag 1974.

Foclóir:

an t-ealaíontóir = the artist

ceant = auction

Treoirphraghas = guide price

Gléasta = dressed

Ceannródaí = pioneer

Iníon = daughter

an-tóir = great demand

Source: The Irish Times · Ciarán Ó Cualáin

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira