D’fhógair Gaillimh le Gaeilge creat beartais mar chuid de phlean cúig bliana an eagrais i nGaillimh an tseachtain seo caite.

Ba é Aire na Gaeltachta Dara Calleary a sheol Straitéis Ghaillimh le Gaeilge 2027-2031 i Halla na Cathrach agus sinn ag druidim le 2027, bliain chomórtha 40 bliain an eagrais.

Ar phríomhspriocanna thréimhse an phlean, tá sé i gceist 25 bliana de ghradam gnó dátheangach na Gaillimhe, Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh, a cheiliúradh, uirlis dhigiteach nua do ghnólachtaí a fhorbairt, agus obair i dtreo ionad Gaeilge a bhunú sa chathair.

Dúirt an tAire Calleary go dtabharfar maoiniú €647,682 thar thréimhse 3 bliana (€208,236 in 2027, €215,733 in 2028, agus €223,713 in 2029) do Ghaillimh le Gaeilge.

Ag tagairt don straitéis nua, dúirt Siubhán Nic Grianna, LeasChathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge: “Is fiú gach iarracht. Sin croílár na straitéise seo, agus sin é an gealltanas atá á thabhairt ag Bord Ghaillimh le Gaeilge don chathair.”

Dúirt sí go bhfuil sé “mar aidhm” leis an straitéis rannpháirtíocht an phobail a leathnú, trí chainteoirí nua, daoine óga agus teaghlaigh a mhealladh, agus deiseanna nua a chruthú dóibh an Ghaeilge a úsáid i saol na cathrach.

Ag an ócáid chéanna, d’fhógair an tAire Calleary go bhfuil allúntas €5,576,000 ina iomláine curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge an bhliain seo chugainn “chun cúram a dhéanamh d’fheidhmiú leanúnach an phróisis pleanála teanga.”

Ag ól blogaim sa Nead

Ag ól blogaim sa Nead

An Nead ag ceiliúradh bliain iomlán ar an fhód

Is caifé pobail lán-Ghaeilge agus ‘cultúrlann bheag’ í An Nead a chuireann caife blasta agus seirbhísí Gaeilge ar fáil don phobal i gcroílár Bhaile Mhuineacháin. Tá spás galánta cruthaithe acu a chuireann fáilte roimh phobal an bhaile agus cuairteoirí araon, agus a thugann deis dóibh seal a chaitheamh i measc na nGael agus giota beag Gaeilge a úsáid agus a fhoghlaim chomh maith céanna.

Bhí roinnt mhaith imeachtaí ar siúl sa Nead ag tús na míosa seo agus bliain iomlán de sheirbhís á ceiliúradh acu. Chuir siad tús leis an mhí le scoth an cheoil ag seisiún ceoil ‘Tapas agus Trad’, tráthnóna do pháistí leis an fhear grinn Giggles agus cóisir mhór don phobal an 8 Samhain. Ag caint di le Scéal an tseachtain seo, dúirt Courtney Nic Uilis, a oibríonn sa Nead, go raibh an ceiliúradh “iomlán galánta”.

“Ag smaoineamh siar ar an bhliain seo caite, tá sé dochreidte go raibh muid díreach oscailte an t-am seo anuraidh. Bhí sé galánta an áit a fheiceáil iomlán plódaithe agus bliain ar an fhód bainte amach againn. Tá sé iontach deas go bhfuil an fhoireann chéanna againn ó thosaigh muid amach fosta, mar tá aithne mhaith againn uilig ar a chéile,” arsa Courtney.

“Ón uair a bunaíodh muid, sílim féin go bhfuil athrú mór tagtha ar shaol na Gaeilge i Muineachán. Bíonn comhlachtaí eile atá ar an tsráid chéanna linn ag teacht isteach chugainn le rá go gcluineann siad níos mó Gaeilge thart ar an cheantar, rud atá ollmhór dúinne ar ndóigh. Sin sprioc s’againn i ndáiríre – an Ghaeilge a dhéanamh feiceálach sa bhaile mór, agus áit a thabhairt don phobal leis an Ghaeilge a labhairt agus a chleachtadh ann.

“Achan rud a dhéanann muid sa Nead, is ar son na Gaeilge atá sé, ach ní bhaineann achan rud leis an teanga ó thaobh gramadaí agus rudaí mar sin de. Bíonn ranganna rialta againn, ach tá club óige againn fosta agus tá grúpa nua fiadhúlra bunaithe againn le hIontaobhas Fiadhúlra na hÉireann ar na mallaibh. Tá sé mar aidhm againn cur le saol an phobail trí mheán na Gaeilge gan díriú ar rialacha amháin.

“Agus bliain curtha dínn againn anois, is dóigh go bhfuil muid ag amharc chun tosaigh ar na chéad chéimeanna eile. Tá muid ag iarraidh cur leis na ranganna agus leis na himeachtaí a bhíonn againn sa Nead, agus cur leis an phobal s’againn fosta. Glacann sé airgead an áit a choinneáil ag dul ar ndóigh ach ní ritheann muid an caifé ar mhaithe le hairgead. An sprioc atá againn amach anseo ná leanúint orainn leis an teanga a chur chun cinn agus an pobal a chruthú agus a neartú.”

Margadh na Nollag ag Seanscoil Sailearna

Beidh deis ar dóigh ag pobal Chonamara roinnt bronntanais Nollag a cheannach Dé Domhnaigh seo chugainn, 6 Nollaig, mar go mbeidh Margadh na Nollag 2026 ar siúl ag Amharclann Chois Fharraige idir 11am-4pm. Beidh suas le 20 seastán ag ceardaithe áitiúla, le táirgí lámhdhéanta, bia den scoth agus deochanna blasta.

I measc na gcomhlachtaí agus na ndearthóirí a mbeidh seastán acu ar an lá tá Sliabh Candles, Mara Duit, Scéal Eile, POTA Café, Micil Distillery, Cló Iar-Chonnacht, Futa Fata agus tuilleadh nach iad. Ní chaithfidh tú rud ar bith a íoc le cuairt a thabhairt ar an mhargadh seo, agus leithscéal den scoth a bheidh ann tacú le comhlachtaí beaga Gaeltachta agus cúpla féirín a fháil don stoca Nollag chomh maith.

Ní hamháin sin ach tagann cuairteoir iontach speisialta chuig an mhargadh achan bhliain! Beidh deis ag na páistí bualadh leis an fhear mór é féin agus cuairt a thabhairt ar Dhaidí na Nollag idir 1-3pm. Costas €10 atá ar thicéad don ócáid sin, ach tabharfaidh Daidí na Nollag bronntanas do gach páiste agus beidh péinteáil aghaidhe agus sóláistí san áireamh. Ní bheidh ticéad ar bith de dhíth ar thuismitheoirí ná ar chaomhnóirí. Iarrtar ar dhaoine ticéad a chur in áirithe roimh ré de bharr spásanna teoranta, agus is féidir iad a fháil ag daidinanol.eventbrite.ie.

Ceardlanna Amhránaíochta le hAmhránaithe an Chlub

Cuirfear tús le cúrsa amhránaíochta an gheimhridh de chuid Amhránaithe an Chlub san oíche amárach, 25 Samhain 2026, agus beidh fáilte roimh chách ann. Gach oíche Chéadaoin idir seo agus an 16 Nollaig, stiúrfaidh na hamhránaithe Iarla Ó Muirthile agus Amano de Londra Miura seisiúin amhránaíochta do thosaitheoirí (a bheidh ar siúl 6-7pm) agus seisiúin d’fheabhsaitheoirí (7-8pm) i dTigh Uí Bhruaidí i mBaile Átha Cliath. Mar sin is cuma más glantosaitheoir thú nó más rud é go bhfuil tú ag iarraidh snas a chur ar na scileanna amhránaíochta atá agat cheana féin, beidh cúrsa ann duitse.

Reáchtálfar na ceardlanna seo le tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge agus ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Tá costas €50 ag baint leis an tsraith ceardlann iomlán 4 seachtaine. Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le amhranaithe@gmail.com nó ar na meáin shóisialta @amhranaithe.

Source: The Irish Times · Áine Ní Dhonnaile

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira