Agus seimeastar tríú leibhéal eile ag teacht chun críche, tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil caint fós ar mhaoiniú na hearnála. In 2022, shocraigh an tuairisc neamhspleách Funding the Future go raibh easnamh €307 milliún in aghaidh na bliana le líonadh in infheistíocht an Stáit sa chóras tríú leibhéal. Dar leis an tuairisc: “aithníodh agus aontaíodh an tsuim seo idir an Roinn Ardoideachais agus an Roinn Caiteachais Phoiblí mar an t-ardú sa chroí-mhaoiniú a bhí de dhíth le feabhas a chur ar chur chuige, leasú straitéiseach agus caighdeán” sa chóras.

Is fiú an sliocht sin ó chonclúid na tuairisce a lua lena léiriú nach iad na hinstitiúidí ardoideachais a d’aontaigh an tsuim úd ach na ranna Rialtais féin. Mhaígh Simon Harris, a bhí ina Aire Ardoideachais ag an am, go mbeadh “socrú” ar an scéal agus go líonfaí an bhearna thar thréimhse bheag blianta.

Is fiú a lua freisin gur tháinig an tuairisc Funding the Future i ndiaidh tuairisc eile, tuairisc neamhspleách Cassells, a ainmníodh i ndiaidh an Chathaoirligh Liam Cassells agus a thóg dhá bhliain le críochnú, idir 2014 agus 2016. Is é sin le rá gur ceapadh in 2022 go mbeadh Funding the Future ina cheann scríbe tar éis aistear díospóireachta ocht mbliana.

Ach níorbh é sin deireadh an scéil. I bhfreagra ar cheist Dála ó Ivana Bacik i mí Mheán Fómhair, dúirt an tAire James Lawless gur cuireadh €174 mhilliún breise ar fáil ó foilsíodh Funding the Future, le coimitmint €100 milliún breise ón gCiste Náisiúnta Oiliúna faoi 2030. I gcáinaisnéis na bliana seo, cuireadh €10 milliún eile ar fáil. Ní gá céim sa mhatamaitic le tuiscint go bhfuil €174 mhilliún móide €10 milliún (móide gealltanas €100 milliún fiú) níos lú ná €307 milliún. Agus ní gá céim san airgeadas le tuiscint gur fiú níos lú €307 milliún in 2022 ná €307 milliún inniu agus é ráite ag Comhlachas Ollscoileanna na hÉireann (an IUA) go bhfuil easnamh €250 milliún fós le líonadh ag costais an lae inniu.

Tá comhrá níos ardéirime ag teastáil seachas ceann dírithe ar scipéad gréisceach an airgid agus ‘comhthéacs oibriúcháin’.

D’fhoilsigh an Roinn Ardoideachais páipéar roghanna ar Funding the Future roimh bhuiséad na bliana seo. Dhírigh fotheideal agus sonraí an pháipéir ar chostas an ardoideachais do mhic léinn - ábhar is fiú a phlé go cinnte ach ní hionann é agus ceist na hinfheistíochta cuí inár n-ollscoileanna.

In óráid ag cruinniú neamhfhoirmeálta de chuid Airí Oideachais an Aontas Eorpaigh an mhí seo caite, tuairiscíodh gur dúirt an tAire Lawless go bhfuil “comhthéacs oibriúcháin” ár n-ollscoileanna athraithe go mór agus go raibh sé chun tabhairt faoi athbhreithniú eile ar mhaoiniú ollscoileanna i bhfianaise na n-athruithe san Intleacht Shaorga agus sa gheopholaitíocht. Tar éis blianta de thuairisciú agus ceithre bliana ó deineadh ‘socrú’ nár comhlíonadh, tá athbhreithniú úr le déanamh. Thóg sé beagnach deich mbliana ó thosaigh coiste Cassells a chuid oibre go dtí gur foilsíodh Funding the Future. Thuigfeá go mbeadh an tuairim abhus gur méar fhada eile - agus dul siar ar choimitmint - atá i gceist.

Déarfaí ar ndóigh go luíonn athbhreithniú le réasún i bhfianaise na mórathruithe atá tarlaithe le tamall. Ar an taobh eile de, tá sé réasúnta go gcomhlíonfaí gealltanais a deineadh, agus go mbeadh amhras sa chóras faoi aon ghealltanas eile a bheadh le teacht. Agus tá ollscoileanna i gcaitheamh na haoise mar thithe solais a sheasann i leataobh ó stoirmeacha na linne seachas mar bháidín a chastar sa mhuir.

Sin díospóireacht atá de dhíth ach nach mbíonn go minic i mbéal an phobail. Bíonn nádúr agus caighdeán na hollscolaíochta á bplé go minic sa chóras féin, ach fíor-annamh lasmuigh de. Ach ní hionann an díospóireacht eiseach sin agus é a chur i gcomhthéacs athbhreithnithe eile - athbhreithniú síoraí a d’fhéadfaí a rá - ar mhaoiniú. Athraíonn sé sin bunús an chomhrá ina iomláine, á chlaochlú go cúlra cosantach, coimeádach. Tá comhrá níos ardéirime ag teastáil seachas ceann dírithe ar scipéad gréisceach an airgid agus ‘comhthéacs oibriúcháin’.

Sin rud a chur as dom agus mé i m’Uachtarán i nGaillimh. Aon agallamh ar na meáin, aon chruinniú leis an Aire, cuireadh an dealramh air gur ag lorg airgid a bhíonn na huachtaráin ollscoile. Go minic, fiú am nár luaigh mé maoiniú in agallamh raidió, dúradh liom ina dhiaidh gur cosúil go raibh mé á lorg! Níl dínit ag baint leis sin agus ní hé an fáth go ndeachaigh aon duine leis an saol acadúil.

Bhíodh aon chomhrá dá leithéid ar mhaoiniú cúirtéiseach, comhoibritheach i gcónaí. Bhíodh plé anois is arís i measc na n-uachtarán ollscoile gur cheart a bheith níos achrannaí i bhfianaise an fhrustrachais maidir leis an mbearna maoinithe. Ach is ar feadh bomaite i gcónaí a bhíodh an comhrá sin. Ní raibh sé de nádúr ionainn a bheith achrannach.

Agus, leis, má bhíonn tú trodach seans go mbuafá an cath ach go gcaillfeá an cogadh. Tuigeadh i gcónaí nach mbíonn an pobal ag smaoineamh ó lá go lá ar mhaoiniú an tríú leibhéal - ná ag vótáil ar a bhonn - agus iad ag streachailt le dúshláin eile sa saol. Ach bhí tuiscint ann freisin, má bhí cath le troid - gearradh siar ar an líon ofrálacha tríd an CAO mar shampla - gurb iad na mic léinn a bheadh thíos leis.

Agus tugann sé sin sinn ar ais chuig an easnamh maoinithe a d’aithin an Rialtas féin in 2022 agus nach bhfuil líonta fós. Cé atá thíos leis?

Samhlaítear go bhfuil mórán pribhléidí le bheith ag obair inár n-ollscoileanna, agus tá, pribhléidí nach n-aithníonn roinnt den fhoireann go minic agus iad ag clamhsán. Ach, cé go bhfuil an saol acadúil athraithe go mór le tamall maith anois agus níos mó brú ag baint leis, ní hiad siúd atá lánaimseartha, buan, tionachta a bhíonn thíos leis an easpa maoinithe. Is iad na daoine ar conradh, na mic léinn taighde ar scoláireachtaí easnamhacha a bhíonn ag brath ar roinnt uaireanta de mhúineadh le maireachtáil, agus na daoine ar imeall an chóras faoi míbhuntáiste - sin iad atá thíos leis don chuid is mó. Thar aon rud eile, is iad na mic léinn a bhfuil cabhair de dhíth orthu atá á ligint síos. Tá fáilte cinnte roimh infheistíocht bhreise sa tacaíocht airgid do mhic léinn sa scéim SUSI. Ach tá difríocht idir tacaíocht le teacht isteach sa chóras agus taithí na mac léinn agus iad ann.

De réir staitisticí na Comhairle um Ardoideachas, is mó seans go bhfágfaidh mic léinn ‘faoi mhíbhuntáiste’ a gcúrsa: iad 1.67 níos dóchúla ná an meán agus 2.5 níos dóchúla ná mic léinn atá ‘go maith as’. Moltar i dtuairisc ón gComhairle go bhfuil ‘deiseanna suntasacha’ le cur le córais foláirimh, le hanailís tuartha agus le monatóireacht ar rannpháirtíocht na mac léinn. Cúinsí casta cinnte, ach leis an maoiniú cuí a d’aontaigh na rannóga Rialtais in 2022, is cinnte freisin go bhféadfaí i bhfad níos mó a dhéanamh ar son chuile mhac léinn ach go háirithe iad siúd atá fágtha ar lár, le ranganna níos lú, cabhair tré theagasc breise, monatóireacht agus meantóireacht thacúil, agus seirbhísí tacaíochta níos cuimsithí.

Tá na blianta ag dul isteach agus glúin eile fós ag fanacht ar réiteach ar an scéal agus ar chomhlíonadh gealltanas. Deacair a chreidiúint.

IarUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe is ea Ciarán Ó hÓgartaigh. Is i gcáil phearsanta a scríobh sé an t-alt seo.

Foclóir:

tuairisc neamhspleách = independent report

le maireachtáil = to live/survive

tréimhse= period (of time)

tacaíocht = support

mic léinn = students

córais foláirimh = warning systems

athbhreithniú = review

Source: The Irish Times · Ciarán Ó hÓgartaigh

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira