Ní bheidh aon deireadh le deacrachtaí an DUP am ar bith go luath agus scoilteanna ag teacht chun cinn sa pháirtí. Agus tuairimí éagsúla sa pháirtí maidir leis an bhealach is fearr chun tosaigh ar cheist Dhroim Crí, tá todhchaí na n-institiúidí éiginnte. Lena chois sin, is léir go bhfuil an DUP ag streachailt teacht ar réiteach ar na ceisteanna seo, go hinmheánach agus go poiblí.

D’fhógair an DUP an tseachtain seo caite go mbeidh bac ar Michelle O’Neill freastal ar ócáidí ina ról mar Chéad-Aire. Thosaigh an cosc seo le hócáid eacnamaíochta a bhí ar siúl i nDún Éideann na hAlban an tseachtain seo caite, ach ní raibh sé de chumas ar O’Neill freastal ar an imeacht mar a bhí beartaithe mar gheall gur gá comhaontú a bheith idir an an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire le freastal ar aon ócáid ina gcáil oifigiúil.

Rinne ann DUP an cinneadh seo mar iarracht chun guthanna míshásta sa pháirtí a shásamh. Tá sé ráite ag Carla Lockhart, atá ina MP don pháirtí, gur chóir go mbeadh ‘impleachtaí móra’ ann do O’Neill as an ról a bhí aici san agóid a chuir bac ar mhórshiúl de chuid an Oird Oráistigh siúl síos Bóthar Gharbhachaidh ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Tá Lockhart den tuairim gur chóir don DUP Emma Little-Pengelly a bhaint de ról an LeasChéad-Aire, rud a chuirfeadh deireadh le tréimhse O’Neill mar Chéad-Aire. Dá dtarlódh a leithéid, bheadh Airí eile in ann leanúint ar aghaidh ina n-oifigí féin ach buille ollmhór a bheadh ann do na hinstitiúidí polaitíochta. Tá drogall mór ar cheannaire an DUP Gavin Robinson aon rud a dhéanamh a chuirfidh an Feidhmeannas i mbaol agus fios maith aige go mbeidh sé iontach deacair siúl siar ó aon seasamh mar sin agus dul i mbun oibre le Sinn Féin arís.

Tá Lockhart fós iontach míshásta go bhfuil Little-Pengelly fós i bpost, agus an-ghlórach faoi. Tá sé de chumhacht ag an DUP, dar le Lockhart, impleachtaí dáiríre a chruthú do Michelle O’Neill, agus cé go raibh sí ina guth uaigneach ar feadh tamaill, tá tacaíocht Lockhart ag bailiú nirt le déanaí agus baill eile, amhail Diane Forsyth, MLA don Dún Theas, anois ag seasamh léi.

Ar cheist maidir le cinneadh Státrúnaí Thuaisceart Éireann cosc a chur ar an mhórshiúl, dúirt 53% go raibh an ceart aige…

Tá Lockhart i mbun machnaimh maidir lena todhchaí féin sa pháirtí, agus dá n-imeodh sí ní bheadh ach ceithre MP ag an DUP in Westminster agus bheadh cailliúint mhór airgid i gceist chomh maith. Ag an am céanna, tá tuairiscithe go bhfuil baol ann go gcuirfear tús le dúshlán ceannasaíochta sa pháirtí agus triúr MLA, Johnathan Buckley, Edwin Poots agus Paul Givan, luaite le plean chun Robinson a chur amach as oifig.

Cheana féin, tá an DUP ag streachailt i measc an phobailagus ní dhéanfaidh na deacrachtaí seo aon rud chun an treocht seo a athrú. Go deimhin, an t-aon athrú mór atá le feiceáil i bpobalbhreitheanna le déanaí ná go bhfuil Sinn Féin ag baint buntáiste as gach rud atá ag titim amach, agus na páirtithe eile reoite san áit a raibh siad.

Léirigh pobalbhreith de chuid More in Common a foilsíodh an tseachtain seo caite go bhfuil Sinn Féin ar 30% (suas ó 25% i mí Iúil), agus tá an DUP a bheag nó a mhór mar an gcéanna ar 18% (bhí siad ar 17% i mí Iúil). Ní raibh athrú ar bith ann don UUP atá fós ar 13%, ná don SDLP atá fós ar 9%. Is léir gur ó na páirtithe beaga a tháinig an t-ardú do Shinn Féin, agus tá Páirtí na Comhghuaillíochta tite dhá phointe go 9% chomh maith.

Léiríonn na torthaí seo go bhfuil ag éirí le Sinn Féin dul i bhfeidhm ar an phobal agus tacaíocht an pháirtí a neartú mar gheall ar an seasamh atá acu faoi Bhóthar Gharbhachaidh. In ainneoin agallamh leis an PSNI agus éilimh leanúnacha go mbainfear Michelle O’Neill óna ról, tá lucht tacaíochta an pháirtí ag seasamh leo.

Tá ábhar eile sa phobalbhreith chéanna a bheadh ina chúis imní don DUP. Maidir le cinneadh Choimisiún na Mórshiúlta cead a thabhairt don mhórshiúl Oráisteach ar Bhóthar Gharbhachaidh sa chéad dul síos, dúirt 53% gurb é an cinneadh mícheart a bhí ann, i gcomparáid le 29% a dúirt go ndearnadh an cinneadh ceart. Ar cheist maidir le cinneadh Státrúnaí Thuaisceart Éireann cosc a chur ar an mhórshiúl, dúirt 53% go raibh an ceart aige agus 30% nach ndearna sé an cinneadh ceart sa chás sin. Rud nach gcuirfidh iontas ar aon duine faoi na torthaí seo ná go bhfuil treochtaí láidre ann idir an pobal lena mbaineann duine (an náisiúnach nó aontachtach iad) agus na tuairimí atá acu ar na ceisteanna seo.

Rud eile atá soiléir ná nach bhfuil foinse dhomhain thacaíochta ann do na hinstitiúidí ar chor ar bith, agus 64% ag maíomh nach ndéanann an Feidhmeannas nó an Comhthionól mórán difir dá saol.

An deacracht is mó atá ann don DUP faoi láthair ná go bhfuil ar an pháirtí seasamh docht a ghlacadh chun mionlach a shásamh, cé nach gcabhraíonn sé sin leo an móramh a choinneáil leo ach an oiread. Tá codarsnachtaí sna cinntí a bheidh le déanamh ag an pháirtí chun baill áirithe a cheansú go gearrthéarmach agus chun a oibriú amach cad a bheadh ar leas an pháirtí go fadtéarmach. Ach léiríonn na pobalbhreitheanna nach mbeidh mórán ama acu an taoide a chasadh.

Foclóir

Dún Éideann = Edinburgh

guthanna = voices

pobalbhreith = opinion poll

neartú = strenghten

ag maíomh = boasting

Source: The Irish Times · Ursula Savage

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira