‘Fágann chuile Oireachtas a oidhreacht féin.”

Sin a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, ceannasaí ar fhéile iltréitheach na nGael, Oireachtas na Samhna, agus í ag caint le Tuarascáil roinnt laethanta roimh thús fhéile na bliana seo i gCill Airne.

“Tá súil agam go bhfágann an tOireachtas oidhreacht ar an gceantar ina mbíonn sé ar siúl ann ach freisin, is cinnte go bhfágann chuile cheantar marc ar an Oireachtas,” a dúirt sí.

Bhí Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste anuraidh den chéad uair le beagnach tríocha bliain, agus b’fhianaise é an tsuim a chuir pobal na cathrach ann ar thábhacht na féile do chultúr agus do phobal na nGael.

D’fhreastail sluaite móra ar chomórtais damhsa, agallaimh beirte agus amhránaíochta ar an sean-nós, chomh maith le léachtaí, seimineáir, ceardlanna agus go leor eile.

…tá borradh ‘as cuimse’ tagtha ar chomórtas na n-agallamh beirte freisin: bhí 78 n-iomaitheoir ann anuraidh, ach tá 106 cláraithe i mbliana.

“An rud is mó ar thug muid faoi deara ná an méid cainteoirí Gaeilge a bhí thart timpeall orainn an t-am ar fad,” arsa Nic Dhonnchadha. “Agus muid ag siúl na sráide, bhí Gaeilge agus canúintí as chuile cheard den tír le cloisteáil i ngach áit.

“Déarfainn gur chuir sé iontas ar an dream s’againne a bhí i mBéal Feirste den chéad uair le fada go raibh an oiread sin Gaeilge le cloisteáil ar na sráideanna, agus le feiceáil ar na comharthaí.”

Creideann sí “gan dabht ar bith” go dtreisíonn féile Oireachtais na Samhna agus an pobal Gaelach a chéile.

“Tá muid dóchasach go bhfuil pobal nua leanúna ag an bhféile de bharr Oireachtas na bliana seo caite. Ní féidir a rá nach raibh tionchar thar a bheith dearfach ag Oireachtas na bliana seo caite ar chlár na féile i mbliana.”

Méadú

D’iompair Oireachtas na Samhna lasóg phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le fada an lá agus is láidre atá sí agus na healaíona traidisiúnta anois dá bharr.

Tá méadú tagtha ar líon agus ar raon na gcomórtas i mbliana agus thug maoiniú breise deis don eagras tuilleadh foirne a fhostú.

I dteannta na gcomórtas sean-nóis, ceoil agus scéalaíochta, tá comórtas rapcheoil, comórtas cóir agus comórtas in onóir don amhránaí agus gníomhaí Albert Fry ar chlár na bliana seo.

Tá 1,200 iomaitheoir cláraithe i gcomparáid le beagán breis agus míle duine anuraidh. Beidh 54 chomórtas ar siúl don aos óg agus 21 chomórtas don aos fásta, agus tá méadú tagtha ar líon na n-iomaitheoirí ar fud an chláir.

Beidh 198 nduine faoi 18 mbliana d’aois ag iomaíocht i gcomórtais amhránaíochta ar an sean-nós i mbliana agus tá borradh “as cuimse” tagtha ar chomórtas na n-agallamh beirte: bhí 78 n-iomaitheoir ann anuraidh, ach tá 106 cláraithe i mbliana. San iomlán, tá súil go mbeidh breis agus 14,000 duine, idir chuairteoirí agus iomaitheoirí, ag déanamh aeir ag an Oireachtas i mbliana.

Creideann Nic Dhonnchadha gur imir rannpháirtíocht phobal agus eagrais áitiúla Bhéal Feirste tionchar ar an ardú sin.

Bhí go leor eagras, scoileanna agus grúpaí pobail rannpháirteach sna himeachtaí, agus baineadh leas as árais lena n-áirítear Áras Mhic Reachtainn agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Dar le Nic Dhonnchadha go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh caidreamh mar sin idir an tOireachtas agus na heagrais Ghaeilge, cuma cá bhfuil an comórtas á reáchtáil.

“Tá a phobal féin thart timpeall ar chuile cheann de na hárais sin agus chuir sé sin go mór leis an bhféile,” a dúirt sí.

“Ceapaim, leis an leagan amach a bhí ar an bhféile anuraidh, an spás a bhí ann do na comórtais, gur thug sé deis dúinn i bhfad níos mó lucht féachana a bheith againn in go leor de na comórtais agus gur spreag sé sin an t-ardú.

“Má fheiceann gasúir gasúir eile ar an stáitse, tugann sé sprioc dóibh é a dhéanamh iad féin má tá spéis acu ann. Osclaíonn sé an doras dóibh é a dhéanamh iad féin.”

Ar ndóigh, is cabhair mhór a bhí sa maoiniú stáit €4 mhilliún a leithdháileadh ar Oireachtas na Gaeilge dhá bhliain ó shin dá Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta, chun ealaíona na Gaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Tá ochtar déag ag obair ar chroífhoireann an Oireachtais anois i gcomparáid le seisear dhá bhliain ó shin agus tá siad sin ag obair i réimsí éagsúla sna healaíona teangabhunaithe.

“Tá scéim againn ar a dtugtar Ar Bharr do Theanga a thacaíonn le scoileanna agus le clubanna teagascóir a fháil isteach le cuidiú leo ullmhú do na comórtais nó amhránaíocht a dhéanamh i lár scoile, sa seomra ranga, nó sna clubanna,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

“Tá níos mó agus níos mó scoileanna ag baint leas as an scéim agus is léir go bhfuil tionchar á imirt aige.”

Tá comhpháirtíocht nua le hOllscoil Notre Dame le seoladh i mbliana freisin a bhaineann le drámaíocht na Gaeilge agus reáchtálfar comhdháil, i gcomhar leis an Oireachtas, i mí Feabhra na bliana seo chugainn.

Osclóidh an tUachtarán féile na bliana seo in Airéine Óstán an Gleneagle i gCill Airne Dé Céadaoin.

Dar ndóigh, is cur chuige mór é imeacht ar scála Oireachtas na Samhna a reáchtáil agus luann Nic Dhonnchadha an buíon oibrí deonach a thugann cabhair chuile bhliain.

“Ní fhéadfadh muid é a reáchtáil gan iad,” a mhíníonn sí.

“Tá muid thar a bheith buíoch díobh agus tá an t-ádh linn go dtagann siad ar ais bliain i ndiaidh bliana.” Luann sí an 20 teicneoir fuaime agus físe a thugann cabhair freisin chomh maith le foireann an INEC i gCill Airne agus foirne na n-óstán.

“Tuigeann siad muid, tá siad cosúil le teaghlach. Tá siad ar nós na gcol ceathracha nach bhfeiceann tú ach uair sa bhliain.”

Nós seanbhunaithe atá ann go gcuirtear tús le mórfhéile na nGael agus na Gaeilge ar an gCéadaoin deiridh i mí Dheireadh Fómhair ach de bharr an fháis atá tagtha ar líon na n-iomaitheoirí agus líon na gcomórtas i mbliana tá roinnt imeachtaí seachtracha ar siúl níos luaithe sa tseachtain ná mar a bhíonn de ghnáth.

“Ciallaíonn sé sin go bhfuil an pobal ag triall ar an bhféile níos túisce sa tseachtain ach is tarraingt iontach é freisin go bhfuil Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, le bheith i láthair, agus gurb ise a bheidh ag seoladh na féile go hoifigiúil.”

Dar ndóigh, is iad na comórtais taibhealaíon, cultúr agus traidisiún na Gaeilge croílár na féile. Cuirtear fáilte roimh chách agus is iomaí deis atá ag daoine nach bhfuil sáite sa phobal páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

“Is ag na seisiúin bheaga neamhfhoirmiúla is mó a mbíonn spórt ag daoine acu, go háirithe nuair a thagann siad orthu gan choinne,” a deir Nic Dhonnchadha.

“Tá an t-uafás ócáidí plé ar siúl, bíonn seimineáir ag Conradh na Gaeilge chuile bhliain, arís i mbliana tá cúrsaí tithíochta á bplé, tá ollscolaíocht lán-Ghaeilge ar an gclár freisin á plé ag mic léinn.”

Tá neart eile ar siúl chun daoine a mhealladh - “craic agus spraoi, drámaíocht, léitheoireacht filíochta agus próis, club na féile, agus míle rud eile.”

“Tá súil againn tús spleodrach a chur leis nuair a bheidh an tUachtarán ar an stáitse, tráthnóna Dé Céadaoin,” a dúirt sí.

Beidh Oireachtas 2026 ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí, ón 28 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain 2026. Beidh aip an Oireachtais ar fáil ón Máirt ar chostas €5. Tuilleadh eolais: onas.antoireachtas.ie.

Foclóir:

Oidhreacht = legacy/heritage

Anuraidh = last year

Ionad = centre

Eagrais = organisations

Deonach = voluntary

Fadbhunaithe = long-standing

Teaghlach = family

Príomhchúram = main responsibility

níos túisce = earlier

Source: The Irish Times · Éanna Ó Caollaí

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira