Mar fhidléir, seinneann Ní Mhaonaigh ar fud an domhain ina haonar agus le bannaí aitheanta. Chomhbhunaigh sí an grúpa Altan agus thaifead sí cuid de na halbaim is mó tionchar riamh i stair cheol na hÉireann: Ceol Aduaidh, Island Angel, Harvest Storm, gan ach beagán a lua. Bhunaigh sí Cairdeas na bhFidléirí agus is ball de na grúpaí String Sisters agus T with the Maggies í chomh maith.

Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?

Nuair a bhí mé i mo ghirseach óg ag éirí aníos i nGaoth Dobhair, ba ghnách liom a bheith páirteach sna Geamaireachtaí agus i ndrámaí le hAisteoirí Ghaoth Dobhair ar an stáitse in Amharclann Ghaoth Dobhair. Tugadh cuireadh do chol ceathrar de chuid m’athara, Jack McCusker as an tSrath Bán, na seiteanna a dhearadh agus a phéinteáil do na drámaí. Shíl mé gur chruthaigh sé saol brionglóideach, mistéireach, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm ar mo shamhlaíocht mar pháiste. Bhí muid ag cur i gcéill ar an stáitse sin, bhí muid ag canadh agus ag damhsa mar shíoga, cailleachaí, aingle, banríona, banphrionsaí… achan sórt duine! Bhí gúnaí galánta á gcaitheamh againn. Mothaím an boladh a bhí as na héadaí sin go fóill - bhí mé faoi dhraíocht.

Mairéad Ní Mhaonaigh. Grianghraf: Colm Hogan

Mairéad Ní Mhaonaigh. Grianghraf: Colm Hogan

Cad é an chomhairle is measa a fuair tú riamh?

Thug ceoltóir aitheanta comhairle domh an chead uair a bhí mé ag tabhairt cuairt ar Mheiriceá gan amhráin i nGaeilge a chanadh. Ach níor ghlac mé an chomhairle sin!

Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?

Is breá liom íomhánna Sean Scully agus Bernadette Kiely, agus portráidí Colin Davidson agus Mick O’Dea chomh maith.

Cén cineál áite a spreagann thú?

Spreagann an nádúr mé. Na dathanna, na fuaimeanna agus boladh glan an dúlra. Is breá liom a bheith ag siúl na tráigheanna agus na coillte thart ar mo bhaile féin. Caithim mo shaol gairmiúil ar stáitse os comhair daoine ach is breá liom a bheith i m’aonar, gan rud ar bith nó duine ar bith ag cur isteach orm.

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

Gradam Ceoil TG4 do Cheoltóir na Bliana 2017 an t-éacht gairmiúil agus an onóir is mór a fuair mé ariamh.

Éistim go minic le hachan sórt ceoil ach le cúpla bliain pillim ar cheol Talos.

An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?

M’athair, Francie Mooney, an múinteoir is inspioráidí a bhí agam. Is duine cruthaitheach a bhí ann a chuir béim ar ealaín, ceol, amhráin, seanchas le cois an ghnáthchuraclaim scoile. Shuíodh sé sa seomra agus bhí scéalta no amhráin aige ar achan chnoc, oileán a bhí le feiceáil ón seomra ranga. Oiread agus go raibh Cú Chulainn agus Diarmaid agus Gráinne beo sna cnoic timpeall orainn.

Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lag trá cruthaitheachta a shárú?

Is breá liom tréimhsí lagtrá cruthaitheachta, mar is ansin a athnuann tú do chuid fuinnimh le breathnú ar an tsaol le súil eile. Is maith liom scíste ar shiúl ó achan rud, am le machnamh.

Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?

Scannán: The Piano. Sraith Theilifíse: Friends. Leabhar: Céad de Cheoltaibh Uladh le hÉnrí Ó Muirgheasa.

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?

An Bothy Band i mBéal Feirste i mbarr a réime sna seachtóidí. Draíochtúil.

Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén réimse cruthaitheach ba bhreá leat a fhiosrú?

Is breá liom a bheith ag tarraingt pictiúr agus ag dúdaláil le péinteanna agus dathanna. Faighim cuid mhór pléisiúir a bheith ag amharc ar íomhánna, agus ar an taobh tíre ag athrú leis na séasúir. Tá suim agam i scálaí agus in uige na ndathanna ar an chanbhás, agus i bpíosaí dealbhóireachta suimiúla. Chomh maith leis sin, cuirim iontas ar chomh furast agus a thig íomhá tharraingteach a chruthú gan stró le simplíocht peann ar phár.

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Bhí m’athair iontach gníomhach i ndrámaíocht, ceol agus cúrsaí spóirt. I ndiaidh am scoile is minic a rachadh muid ar cuairt chuig Siopa Mhicí an Chóp. Bhí boladh galánta tae scaoilte agus siúcra as an tsiopa. Thiocfadh leat pionna, ancaire, bia agus spád agus tuilleadh a cheannacht ansin. Ach is an comhrá a bhí suimiúil; téarmaíocht. Bheadh m’athair agus Micí ag caibidil diallait bheithí nó ainmneacha de pháirteanna cléibh, nó scéalta sí nó stair. Bheadh muidne mar pháistí leath ag éisteacht agus ag déanamh cuideachta thart fríd an tsiopa. Go minic nuair a bheadh na comharsanaí ar cuairt sa bhaile, bheadh amhrán á rá ag an tábla leis an tae, nó dán á aithris. Is sin na cuimhní is dlúithe agus is deise de m’óige. Bhí achan sórt ealaíne mórthimpeall orm agus bhí sé fite fuaite i mo ghnáthshaol le mo mhuintir.

Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?

Bá ghnách liom an chuid is mó de mo chuid ama a chaitheamh ag péinteáil nó ag déanamh cuideachta le mo chairde. Dhéanfadh muid ‘teach beag’ i lag nó i measc tom fraoch sa chaorán. Bheadh píosaí beaga deilfe briste againn a chruinneodh muid thart ar na tithe agus ligfeadh muid orainn féin gur cupáin agus plátaí a bhíodh againn in áit píosaí de Willow Pattern briste. Is iontach na tithe gleoite galánta a shamhlaigh muid a bhí againn agus is iomaí uair fhada thaitneamhach a chaith muid ag súgradh le chéile iontu.

Mairéad Ní Mhaonaigh,

Mairéad Ní Mhaonaigh,

Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?

Éistim go minic le hachan sórt ceoil ach le cúpla bliain pillim ar cheol Talos. Tá leochaileacht tharraingteach ag baint leis a tharraingíonn mé ar ais chuige go minic. Lena chois sin, d’éag Eoin French ó Talos ar an lá céanna le mo dheirfiúr Anna, dhá bhliain go leith ó shin. Bhí siad beirt ró-óg agus oiread eile le déanamh acu, rud a bhriseann mo chroí.

An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?

Bá bhreá liom, dá mbeadh sé ar mo chumas, mo chuid tionchar uilig, idir phéinteáil, cheol, amhráin, dhrámaíocht agus scríbhneoireacht, a thabhairt le chéile in aon thionscadal amháin. Ach ghlacfainn am lena chruthú.

Cad é do mhana?

Beir bua!

Foclóir

ina haonar = on her own

samhlaíocht = imagination

gníomhach = active

brionglóideach = dreamy

diallait = saddle

gleoite = pretty/charming

Source: The Irish Times · Una Mullally

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira