Le déanaí chuir Zoë Conway tús le tionscadal nua mar láithreoir. Cuireann sí an tsraith nua cheoil, Féile na Tána, i láthair ar TG4, ina bhfuil ceoltóirí ar nós Máirtín O’Connor, Tristan Rosenstock, Edel Fox, The Mary Wallopers, Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta agus níos mó.

Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?

An chéad phíosa a thagann chun cuimhne ná The Plains of Kildare le Andy Irvine, Paul Brady, Dónal Lunny agus Kevin Burke. Tá leibhéal na ceoltóireachta agus na sraitheanna agus an chóiriúcháin ceoil ar an taifead sin dochreidte.

Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?

Caithfidh mé an cumadóir Bill Whelan a rá, duine a bhfuil aithne an-mhaith agam air agus a bhfuil mé ag obair leis le blianta fada ar thionscadail éagsúla. Is breá liom a cheol agus an chaoi a n-oibríonn sé, chomh maith leis an díograis atá aige chun ceol nua a chumadh agus smaointe nua a aimsiú.

Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lag trá cruthaitheachta a shárú?

Éistim le ceol ó gach cearn den domhan agus cruthaím seinnliostaí de phíosaí a bhfuil dathanna, spiorad, léiriúcháin agus fuaimeanna iontu a thaitníonn go mór liom. Tá sé easca go leor inspioráid a aimsiú, ach tá sé deacair an t-am a fháil chun cumadóireacht a dhéanamh.

Zoë Conway

Zoë Conway

Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén réimse cruthaitheach ba bhreá leat a fhiosrú?

D’fhéadfainn mo chuid laethanta a chaitheamh go lách ag déanamh ceardaíochta; bláthanna, garraíodóireacht, déanamh ciseán, bácáil, péinteáil, potaireacht. Is breá liom é sin ar fad.

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

Tá bród orm as na píosaí ceoil agus na hamhráin ar fad atá cumtha agam thar na blianta, agus as na ceolchoirmeacha galánta ar fad, ach thar aon ní eile, tá bród orm gur féidir liom slí bheatha a bhaint amach as an cheol. Ceapaim gur rud draíochtúil é sin.

Cad é an chomhairle is measa a fuair tú riamh?

Go raibh mé ró-aosta chun an veidhlín clasaiceach a fhoghlaim (ag aois a 10).

Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?

The Fiddler on the Road, an tsraith Fhrancach Dix Percent, agus an leabhar The Sense of Being Stared At, le Rupert Sheldrake.

I ndáiríre, caithim an chuid is mó de mo chuid ama ag tabhairt aire don chlann agus ag plé le ríomhphoist agus cruinnithe.

An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?

Bhí an oiread sin múinteoirí inspioráideacha agam, ach ba iad Sheila Thompson agus Maeve Broderick an bheirt phríomh-mhúinteoirí a bhí agam don veidhlín chlasaiceach. Mhúin siad an oiread sin dom, agus mhúin siad dom a bheith gan eagla agus mé ag seinm ar an uirlis. Chomh maith leo, bhí MacDara Ó Raghallaigh agam mar phríomh-mhúinteoir don fhidil thraidisiúnta. Mhúin sé dom gur rud fíor-iontach a d’fhéadfadh a bheith i gceist le ceol traidisiúnta a sheinm.

Féile naTána- Tristan Rosenstock, Edel Fox, Mary Bergin, Caoimhín Ó Fearghail. Grianghraf: Zoë Conway

Féile naTána- Tristan Rosenstock, Edel Fox, Mary Bergin, Caoimhín Ó Fearghail. Grianghraf: Zoë Conway

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Bhí ceol ag dhul gan stad sa bhaile agus mé ag fás aníos – ceol traidisiúnta den chuid is mó, ach bhí ceol clasaiceach agus ceol ó The Beatles le cloisteáil ann chomh maith. Is breá le mo thuismitheoirí an ceol. Cé nár sheinn siad féin riamh é, theastaigh uathu go mbeadh a gcuid páistí go léir ina gceoltóirí. Mar sin bhí uirlisí, leabhair, ceol scríofa agus ceachtanna againn uilig - ár mbuíochas leo - agus tugadh chuig seisiúin cheoil agus féilte ar fud na tíre sinn.

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?

The Bothy Band i nGlaschú cúpla bliain ó shin, mar chuid de Celtic Connections. Tá an-dúil agam iontu, agus bhí gach nóta agus na ceoltóirí cáiliúla ar fad ar eolas agam. Bhí go leor cairde againn sa lucht féachana chomh maith, mar sin bhí oíche den scoth againn.

An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?

Rinneamar scannán cúpla bliain ó shin faoin déantóir fidle, Jim Mc Killop - scannán a raibh fuaimrian ceolfhoirne ag gabháil leis agus a raibh an teideal Forais Go Fidil air - i gcomhar le Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ. Ba bhreá liom an scannán sin a thabhairt ar camchuairt timpeall na hÉireann, agus b’fhéidir go tíortha eile chomh maith. Lá éigin, b’fhéidir.

Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?

Mo dhlúthchairde Cathal Hayden agus Máirtín O Connor ag seinm i ndráma le Marie Jones, The Blind Fiddler, sa Lyric Theatre i mBéal Feirste - bhí sé ar fheabhas.

Cad iad na hionaid, na gailearaithe, nó na pictiúrlanna is fearr leat?

Is é an tIonad Oidhreachta i gCairlinn an t-ionad is fearr liom, agus an Ceoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath díreach ina dhiaidh sin. Chomh maith leis sin, téim go minic chuig an nGailearaí Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.

Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?

Creidim go bhfuil cuid den ealaín agus de na healaíontóirí is fearr ar domhan le fáil anseo in Éirinn. Is breá liom go bhfuil an ealaín mar chuid den saol laethúil anseo. Cuirim fáilte roimh an tacaíocht atá tugtha ag BIA d’ealaíontóirí le déanaí, ach ní théann sé chun tairbhe ach do líon beag daoine. I mo thuairimse, tá gá le tuilleadh tacaíochta airgeadais d’ealaíontóirí agus le cosaint cóipchirt in Éirinn ón Aontas Eorpach agus ón rialtas go háirithe sa lá atá inniu ann.

Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?

Nach bhfuil ann ach ceol a sheinm! I ndáiríre, caithim an chuid is mó de mo chuid ama ag tabhairt aire don chlann agus ag plé le ríomhphoist agus cruinnithe.

Cén cineál áite a spreagann thú?

Faighim inspioráid ón gceantar álainn ina gcónaím, Sléibhte Chuailgne: ón bhfarraige, ó na sléibhte féin, ó idirghníomhaíochtaí le daoine, agus ó na ceoltóirí agus ealaíontóirí a mbím ag comhoibriú agus ag comhrá leo.

Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú de bharr do chuid oibre?

An uair a thaisteal mé ar eitleán príobháideach chun seinm ag Stocmhalartán Nua-Eabhrac sa bhliain 2000.

Cad iad do thuairimí faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?

Tá athbheochan agus borradh mór ag tarlú faoi láthair sna healaíona Gaeilge. Spreagann saothar Gaeilge ealaíontóirí eile mé chun tabhairt faoi na tionscadail Ghaeilge s’agam féin. Tá áilleacht ceoil faoi leith ag baint le fuaim filíochta na Gaeilge agus dar liom gur binne i bhfad sa cheol í ná an Béarla mar shampla.

Cad é do mhana?

Déan inniu é! Carpe diem!

Foclóir:

Caithim = I spend

Le déanaí = recently

Cóiriúcháin ceoil = musical arrangement

Cumadh = compose

Tairbhe = benefit

Áilleacht = beauty

Source: The Irish Times · Una Mullally

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira