Léiríonn na sonraí ó shuirbhé de chuid na Roinne Oideachais, a rinneadh i mí na Samhna anuraidh agus a foilsíodh ar na mallaibh, nach bhfuil ar chumas líon mór teaghlach ar fud na hÉireann a gcuid páistí a chur chuig Gaelscoil ina gceantar féin.

Bhí ráta freagartha 42% i measc na dtuismitheoirí incháilithe a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar bhunscoil nó ar naíscoil faoi láthair, agus mar sin bhí níos mó ná 200,000 freagra ó dhaoine i ngach paróiste ar fud na tíre.

Tugtar le fios san anailís a choimisiúnaigh an grúpa feachtasaíochta Gaeloideachais IMEASC go bhfuil 22.1% de na tuismitheoirí uilig a ndearnadh suirbhé orthu ag iarraidh go bhfreastalódh a gcuid páistí ar Ghaelscoil áitiúil. Ag an bhomaite, áfach, níl ach 7.9% de pháistí na tíre seo ábalta freastal ar Ghaelscoil.

Mar sin, níl an deis ag 64% de na teaghlaigh ar fud na tíre ar mian leo oideachas Gaelscoile dá gcuid páistí iad a chur ar aghaidh chuig Gaelscoil. Deir IMEASC go bhfágann sé sin easnamh de 97,000 áit sa chóras.

Chuir IMEASC sraith cruinnithe eolais ar siúl in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin seo caite chun Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó gach cearn den tír a chur ar an eolas faoin easnamh seo, agus chun “aird a tharraingt ar an bhearna mhór idir an t-éileamh atá ag tuismitheoirí ar bhunoideachas trí mheán na Gaeilge agus líon na n-áiteanna atá ar fáil i nGaelscoileanna ar fud na tíre”.

D’fhreastail níos mó ná 50 Teachta Dála agus Seanadóir ar an seisiún, Pat ‘The Cope’ Ó Gallachóir, Danny Healy-Rae, Holly Cairns, Roderic O’Gorman, Darragh O’Brien, Ruth Coppinger agus James Lawless ina measc.

Bhí sé mar aidhm ag IMEASC eolas ríthábhachtach a roinnt leis na polaiteoirí ar an lá maidir leis na 314 Limistéar Pleanála Scoile atá mar bhonn faoin anailís.

Cé go bhfuil éileamh seasmhach idir 15% agus 25% i bhformhór na tíre, deir IMEASC nach bhfuil Gaelscoil ar bith i níos mó ná leath de na Limistéir, agus nach bhfuil ach Gaelscoil amháin in dhá thrian de na Limistéir eile. Mar thoradh air sin, tá éileamh suntasach neamh-chomhlíonta i ngach contae.

Sheol siad suíomh gréasáin úrnua ar an lá fosta a thugann deis do na polaiteoirí agus don phobal dul isteach agus eolas a fháil faoin éileamh atá ar an Ghaelscolaíocht ina ndáilcheantar nó ina gcontae féin.

Dúirt Rachel de Bhailís, urlabhraí de chuid IMEASC, go bhfuil an tAire “ag baint úsáid as an Tascfhórsa faoi láthair mar leithscéal gan dul i ngleic leis an ngá atá le reachtaíocht.”

“Tuigimid, mar chuid de mholtaí an Tascfhórsa, go bhfuil a cuid oifigeach ag ullmhú 10-15 bunscoil tuaithe lán-Bhéarla, atá ag fulaingt de bharr laghdú déimeagrafach, a roghnú le hathrú ina nGaelscoileanna.

“Cé go bhfuil tábhacht le gach Gaelscoil, is í fírinne an scéil nach leor do scoileanna tuaithe páistí a mhealladh ó scoileanna eile atá ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin dhéimeagrafacha chéanna,” arsa Rachel.

“Is é ár dtaithí mar fheachtasóirí nach bhfuil suim dháiríre ag oifigigh na Roinne dul i ngleic go héifeachtach leis an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge atá riachtanach chun freastal ar an éileamh. Léiríonn ár n-anailís go mbeadh ar thart ar 400-500 scoil athrú go scoileanna lán-Ghaeilge chun freastal ar an éileamh.

“Chun go n-éireodh leis an gcur chuige seo, bheadh orainn an acmhainn riachtanach a fhorbairt, agus tógfaidh sé sin 10–15 bliana ar a laghad. Sin an fáth a gcreidimid go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh reachtaíocht chuí mar bhonn agus mar thaca faoin bpróiseas seo.

“Tá roinnt mhaith Airí de chuid Fhine Gael ann a thacaíonn leis an tionscnamh seo, ach nuair a ardaítear an cheist leis an Aire, is ábhar díomá an toradh a bhíonn air. Ba mhór againn an deis a fháil cás na reachtaíochta a chur faoi bhráid an Aire. Go dtí seo, áfach, níor ghlac sí páirt in aon phlé fiúntach linn maidir leis an gceist seo.”

Tá súil ag IMEASC anois reachtaíocht a bhaint amach “chun méadú seasta agus inbhuanaithe a sholáthar san oideachas lán-Ghaeilge”, creat dlí atá “soiléir agus seasta” a bhunú taobh istigh de chóras dlí na hÉireann agus tacaíocht a fháil ó na Teachtaí Dála agus Seanadóirí chun “soláthar réasúnta oideachas lán-Ghaeilge a bhaint amach dár leanaí”.

Togra Gaeilge seolta ag an Uachtarán Catherine Connolly

Thug an tUachtarán Catherine Connolly cuireadh do réaltaí na meán sóisialta Gaeilge chuig Áras an Uachtaráin an tseachtain seo caite, áit ar sheol sí togra úrnua le húsáid na Gaeilge ar fud na tíre a spreagadh agus a cheiliúradh.

Beidh Togra Gaeilge an Uachtaráin ar siúl ar feadh bliana, ó Shamhain 2026 go Samhain 2027, agus tabharfaidh sí tacaíocht do go leor imeachtaí in Áras an Uachtaráin chomh maith le himeachtaí i measc an phobail mhóir ar fud na tíre.

Tá sé mar aidhm ag an Uachtarán cuairt a thabhairt ar gach aon Ghaeltacht sa tír le linn na bliana seo, agus rachaidh sí ar cuairt chuig leabharlanna timpeall na tíre le “spreagadh a thabhairt do léitheoireacht na Gaeilge agus béim a chur ar litríocht na Gaeilge sa saol comhaimseartha”.

Dúirt an tUachtarán Connolly gur “lár-aisling de chuid na hUachtarántachta seo ná go dtuigfí an Ghaeilge mar theanga bheo”, agus go leanfar ar aghaidh ag cur le cumas teanga fhoireann an Árais le go mbeidh an Ghaeilge mar “theanga oibre go laethúil”.

Source: The Irish Times · Áine Ní Dhonnaile

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira