Fáilte is féasta ar bhruacha Loch Lao,

cathair faoi bhláth, í beoga lán brí,

gáire ár sinsear is fuaim na todhchaí,

Oireachtas éachtach a chuir áthas ar chroí.

Sin cúpla líne a bhreac mé síos beagnach bliain ó shin, díreach i ndiaidh Oireachtas na Samhna anuraidh. Luan úd na ngormacha iarfhéile a bhí ann - scamaill liatha an luathgheimhridh ina luí ar na cnoic agus braonta báistí ag titim anuas ón spéir throm - ach bhí fuinneamh tógálach Gaelach na laethanta roimhe go fóill ag preabadh i mo chuislí.

Is i mBéal Feirste a bhí an gabhar á róstadh ar ndóigh, an dara huair a reáchtáladh an tOireachtas sa dara cathair is mó sa tír agus an tríú babhta sa Tuaisceart trí chéile. Agus bhí sé speisialta. Cinnte, d’fhéadfá a rá go bhfuil mise giota beag claonta. Tá dáimh mhór agam le Béal Feirste óir is ann a chónaigh mé ar feadh 15 bliana agus is dlúth an ceangal atá agam le Gaeil ghalánta na cathrach dá bharr. Ach is fíor go raibh spiorad ar leith le brath ar na sráideanna agus sna seomraí, ar na bóithre agus sna beáir, ó thús deireadh na féile, agus bhí croí gach duine lán faoin am ab éigean dóibh filleadh abhaile arís, go Gaoth Dobhair agus go Gaillimh, go Corca Dhuibhne agus go Cluain Dolcáin, agus go gach Gael-log eatarthu.

Is ar an oilithreacht bhliantúil a bheidh na mílte daoine arís an tseachtain seo gan amhras mar is amárach a chuirfear tús le hOireachtas na Samhna 2026. Cill Airne Chiarraí an ceann scríbe i mbliana, baile ar geall le Meice na nGael é faoin am seo agus an fhéile ar siúl ann aon uair déag anois ó 2010.

Beidh a atmaisféar spleodrach féin ag ceiliúradh na seachtaine seo ach cé gur i bhfad ó athbheochan uirbeach Bhéal Feirste a bheidh an chraic agus an comhluadar i mbliana, beidh na buneilimintí mar an gcéanna: comórtas agus cairdeas, seoltaí agus seimineáir, cur agus cúiteamh, piontaí agus póit, sean-nós agus nuaghreann, pobal agus pocléimneach. Uilig inár dteanga álainn fheidhmiúil féin.

Gné bhuan lárnach eile den Oireachtas ar ndóigh ná na meáin Ghaeilge. An clúdach cuimsitheach a dhéanann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 ar na comórtais agus ar an chuideachta in éineacht; na comhchraoltaí spraíúla a chuireann Raidió na Life agus Raidió Fáilte i láthair; na pacáistí agus na podchraoltaí iontacha a sholáthraíonn stáisiúin agus ardáin eile; na hailt agus na colúin a fhoilsítear ar na meáin scríofa; gan trácht ar an charn cumarsáide a phostáiltear ar na meáin shóisialta anois chomh maith.

I measc na n-ardán meán sin ar fad bhíodh BBC Gaeilge, go háirithe Blas, irischlár Gaeilge BBC Raidió Uladh a bhuail na haerthonnta den chéad uair in 1998. Tá Blas ag craoladh ón Oireachtas le breis agus 20 bliain anuas agus bhí láithreacht láidir ag BBC Gaeilge ag an mhórfhéile anuraidh, seó beo speisialta ó Óstán an Europa san áireamh. Ní bheidh Blas - ná aon ionadaí de chriú cumasach cruthaitheach Gaeilge an BBC - i láthair i mbliana áfach. Mar a tuairiscíodh an tseachtain seo caite, tá ciorruithe le cur i bhfeidhm ag an BBC ar fud na Ríochta Aontaithe agus tá cinneadh déanta ag ceannasaithe na heagraíochta líon na mball foirne san Aonad Gaeilge a laghdú ó chúigear go beirt. Treascairt iomlán. Slad gan scrupall ar fhoireann a bhí beag cheana féin agus ag obair le hacmhainní teoranta le rófhada.

B’fhéidir nach raibh baint dhíreach ag an ghearradh siar leis an tsocrú gan craoladh ón Oireachtas i mbliana ach léiríonn sé na srianta buiséid agus an éiginnteacht mhór faoina bhfuil foireann Ghaeilge an BBC ag feidhmiú i láthair na huaire.

Is fiú a lua gur foireann í a cuireadh ar bun i ndiaidh feachtas tiomanta a d’eagraigh Gaeil an Tuaiscirt agus a chuir brú leanúnach ar an BBC ábhar Gaeilge a sholáthar do phobal na teanga sa chéad dul síos. Dul chun cinn suntasach a bhí ann nuair a ghéill an BBC sna 1980idí agus tá seirbhís ardchaighdeáin á cur ar fáil ag an Aonad Gaeilge ann le cúpla glúin anuas. Anois tá todhchaí na seirbhíse sin, agus an Aonaid féin, idir dhá cheann na meá.

Ar ndóigh dá gcaithfeadh an BBC le cainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt mar a chaitheann siad lenár gcairde ionúine Ceilteacha in Albain agus sa Bhreatain Bheag, ní bheadh ann don ghéarchéim seo. Bheadh nuacht laethúil, stáisiúin raidió agus cainéal iomlán teilifíse i nGaeilge ag an BBC blianta fada ó shin. Ach ní hamhlaidh an scéal, ní hann don chomhionannas sin, agus is ríléir nach suim leis an mhóreagraíocht aon chothromas dá shórt.

Doicheall seo cheannasaíocht an BBC i leith na Gaeilge, cuireann sé leis an tuairim nach dtiocfaidh feabhas mar is ceart ar an tsochaí sna Sé Chontae - ná ar an fhreastal a dhéanann cuid de na húdaráis ann ar phobal na Gaeilge - go dtí go mbeidh Éire nua ag feidhmiú, stát forásach a riarfaidh ar gach saoránach agus a léireoidh meas ar gach cultúr.

Beidh neart ama againn leis an cheist thábhachtach sin a chíoradh ach, san idirthréimhse, tá seirbhísí tuillte ag Gaeil an Tuaiscirt ón chraoltóir poiblí sa stát ina bhfuil siad. Lena chois sin, dá láidre iad na cearta agus na seirbhísí atá ag pobal na Gaeilge sa dá dhlínse atá in Éirinn faoi láthair, is amhlaidh is fearr a bheidh cás na teanga in aon stát aontaithe a bheidh ann amach anseo.

Cronófar Gaeil an BBC i gCill Airne an deireadh seachtaine seo, ach ní fearr áit ná an tOireachtas lena chur i gcuimhne dúinn gur pobal muid a bhfuil teacht aniar agus beocht ann, agus go bhfuil sé de chumas ionainn aghaidh a thabhairt le chéile ar na dúshláin éagsúla atá romhainn, thuaidh, theas, thoir agus thiar. Mar, i gcás seirbhísí poiblí agus cearta teanga, ní bhíonn blas ar an bheagán.

Foclóir

Éiginnteacht = uncertainty

gabhar = goat

scamaill = clouds

ciorruithe = cuts

spraíúil = playful

doicheall = reluctance/unwillingness

comhionannas = equality

Source: The Irish Times · Tomaí Ó Conghaile

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira