Agus breis agus 170 ball de ghrúpa cosanta mionteangacha Eorpacha tagtha le chéile i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine, tapaíodh an deis cás na Gaeilge a chur i gcomhthéacs na hEorpa agus solas a chaitheamh, ní hamháin ar an mhéid atá fós le baint amach, ach ar an dul chun cinn atá déanta le roinnt blianta anuas chomh maith.

An tOllamh Conchúr Ó Giollagáin ag labhairt ar an Satharn ag Ard Fheis ELEN (Greasán um Chomhionannas do na Teangacha Eorpacha).

An tOllamh Conchúr Ó Giollagáin ag labhairt ar an Satharn ag Ard Fheis ELEN (Greasán um Chomhionannas do na Teangacha Eorpacha).

Déanann ELEN ionadaíocht mar scáthghrúpa ar 183 bhall-eagraíocht a chuimsíonn 51 teanga i 25 stát Eorpacha. Is iad Conradh na Gaeilge agus Glór na Móna a d’óstáil Ard-Fheis na bliana seo agus cuireadh seisiúin phlé éagsúla ar siúl ina labhraíodh faoi théamaí amhail an tionchar a imríonn stádas sochtheangeolaíoch ar theanga mhionlaithe, na féidearthachtaí chun úsáid na Breatnaise a spreagadh trí chumasú na bpobal ina labhraítear an teanga, agus an ról atá ag gluaiseachtaí mionteangacha i bhfeachtais pholaitíochta.

Tá gach mionteanga, an Ghaeilge san áireamh, beo ina n-éiceachóras féin agus dúshláin ar leith acu, múnlaithe ag an chomhthéacs ina maireann siad. Ina ainneoin sin, léiríonn obair ELEN an oiread téamaí comónta atá ag mionteangacha fud fad na hEorpa, sin agus na deiseanna atá ann tacú lena chéile.

Tá an oiread le foghlaim ag gluaiseachtaí mionteangacha óna chéile agus thug Ard-Fheis ELEN deis dóibh na comhráite a dhéanamh…

Dúirt an tOllamh Elin Haf Gruffydd Jones, Uachtarán ELEN agus Stiúrthóir an Ionaid um an Ard-Léann Ceilteach agus na Breatnaise in Ollscoil na Breataine Bige, go bhfuil “fás na Gaeilge ó thuaidh in Éirinn ag dul ó neart go neart agus tá sé ina scéal ratha ollmhór i measc ghluaiseacht theangacha mionlaithe na hEorpa. Chinntigh gníomhaíochas pobail leanúnach achtú reachtaíochta nua don Ghaeilge agus breis infheistíocht phoiblí san oideachas agus sa chultúr. Tá bealach fada le dul go polaitiúil, ach is údar mór spreagtha é an méid atá bainte amach ag ár mball-eagraíochtaí sa ghort seo”.

Bheadh sé rófhurasta díriú i gcónaí ar an mhéid atá fós le baint amach ag an Ghaeilge ó thuaidh. Léirigh an Ard-Fheis, agus obair ELEN go ginearálta, dhá rud shoiléire, áfach. Sa chéad dul síos, tá an-chuid bainte amach ag pobal na Gaeilge sa Tuaisceart le roinnt blianta anuas, go háirithe reachtaíocht agus cosaintí úra nach raibh ann, fiú mura bhfuil siad foirfe. An dara rud ná gur fiú cuimhneamh nach i bhfolús atá pobal na Gaeilge, thuaidh nó theas, ag obair. Tá leagain éagsúla de na deacrachtaí céanna ag pobail mionteangacha ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

Cé nach n-athraíonn an dá rud seo aon ní faoi staid reatha na Gaeilge, ba chóir go mbeadh an t-aitheantas seo a léiríodh ag an leibhéal Eorpach ina chúis mhórtais.

In eochairchaint na hArd-Fheise, labhair an tOllamh Nicolas Lebras, Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Saincheisteanna Mionlaigh, ar thuairisc dá chuid, a fhoilseofar go luath, ina ndéantar measúnú criticiúil ar theip an Aontais Eorpaigh cearta teanga a chosaint agus gníomh dóthanach a dhéanamh sa réimse seo, in ainneoin go bhfuil cosaint ar éagsúlacht teangacha luaite go sonrach mar aidhm de chuid an Aontais. Labhair sé faoi chosaint mionteangacha san Eoraip agus taobh amuigh di, faoin nasc ar leith a bhraitear idir teangacha agus féiniúlacht san Eoraip, agus faoin tábhacht le cosaint a dhéanamh ar mhionteangacha mar chuid den chosaint a dhéantar ar mhionlaigh trí chéile.

I measc na dteachtaireachtaí a bhí ag Lebras, dúirt sé gur chóir an “áibhéil” atá sa chaint faoi mhonatóireacht a dhéanamh ar an Intleacht Shaorga (IS) faoi láthair a úsáid chun cosaintí níos láidre a chur i bhfeidhm don éagsúlacht teangacha ar domhan. Tá, dar leis, claonadh in úsáid samhlacha teanga móra IS a chuireann béim níos láidre fós ar an Bhéarla mar theanga idirnáisiúnta. Ba léiriú é sin ar an tábhacht le mionteangacha a chosaint i réimsí oibre nach mbíonn i mbéal an phobail ó lá go lá, ach a imríonn tionchar nach beag ar thodhchaí na dteangacha céanna.

Helle Kettner, CIEMEN (Centre Internacional Escarré per a les Minories Ètniques i les Nacions), a d'fhreastail ar Ard Fheis Elen i mBéal Feirste.

Helle Kettner, CIEMEN (Centre Internacional Escarré per a les Minories Ètniques i les Nacions), a d'fhreastail ar Ard Fheis Elen i mBéal Feirste.

Tá an oiread le foghlaim ag gluaiseachtaí mionteangacha óna chéile agus thug Ard-Fheis ELEN deis dóibh na comhráite a dhéanamh agus an caidreamh a thógáil atá riachtanach chun an obair sin a chur i gcrích. Ní hamháin gur caitheamh solas ar an obair atá fós le déanamh, ach ar na forbairtí atá bainte amach chomh maith.

Agus an iliomad dúshlán roimh phobal na Gaeilge i láthair na huaire, d’fhéadfaí dearmad a dhéanamh go bhfuil dúshláin chomónta ag go leor pobail teangacha mionlaithe fud fad na hEorpa agus níos faide i gcéin. Cé nach cuidiú ar bith an scéal seo ann féin, léiríodh ag an Ard-Fheis go bhfuil féidearthachtaí agus deiseanna foghlama úra á gcruthú agus á bhfiosrú i rith an ama, agus nach gá do phobal na Gaeilge ná na Gaeltachta an fód a sheasamh ina n-aonar i gcónaí.

Foclóir:

scáthghrúpa = umbrella group

gluaiseachtaí = movements

amhail = such as

a chur i gcrích = to complete

iliomad = great number

deiseanna foghlama úra = new learning opportunities.

Source: The Irish Times · Ursula Savage

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira