An fuilibiliú agus an fuadar ar dlúthchodanna de shaol polaitíochta Stáit Aontaithe Mheiriceá iad, tá siad laghdaithe arís i ndiaidh na dtoghchán lár téarma a reáchtáladh coicís ó shin, agus tá an cró clampair thall fillte ar na gnáthleibhéil fuaime a bhfuil taithí againn orthu.

Tá córas polaitiúil SAM casta fiú don té ar suim leis parlaimintí agus pribhléidí, vótaí agus veto, ach is é bun agus barr an scéil gur tugadh buille nár bheag don Trumpach sna toghcháin is déanaí agus gur chaill na Poblachtánaigh an smacht a bhí acu ar an dá theach i gComhdháil na Stát Aontaithe, is iad sin Teach na nIonadaithe agus an Seanad.

Tá na Poblachtánaigh in aimhréidh ó shin, cuid acu ag tacú go docht lena gceannaire agus ionadaithe eile ag iarraidh bearna a chur idir iad féin agus an tUachtarán, ar eagla go dtarraingeodh sé go tóin poill iad in éineacht leis lá is faide anonn.

Ní haon fharraige réidh atá roimh a gcéilí comhraic, na Daonlathaithe, ach oiread, áfach, cé go bhfuil leithne ghaoithe bhreise ina seolta anois agus dóchas acu go mbeidh siad in ann an tír a stiúradh ar shiúl ó shorcas na díchéille agus na deighilte.

Leanfaidh an doineann ar aghaidh idir an dá linn.

Suimiúil go leor, is stoirm de chineál eile - dallcairt sneachta - a bhuail an Chomhdháil an chéad lá a tionóladh in Washington é, cothrom an lae inniu 226 bliana ó shin.

Is in 1789 a bunaíodh rialtas na Stát Aontaithe ach ní raibh aon bhaile ceart ag parlaimint na tíre nua sna blianta tosaigh sin agus thagadh an Chomhdháil le chéile i gcathracha éagsúla, Nua-Eabhrac agus Philadelphia go háirithe.

Cinneadh ar deireadh go bhforbrófaí príomhchathair úr ar bhruacha abhainn an Potomac - focal de chuid na bpobal Algancach a chónaigh sa dúiche sular díbríodh óna dtailte féin iad sa 17ú haois - agus tosaíodh ar fhoirgneamh Comhdhála, an Caipeatól, a thógáil ar chnoc os cionn an bhaile nua, Washington.

Ní raibh an foirgneamh iomlán críochnaithe áfach nuair a cruinníodh an chéad tionól ann i mí na Samhna 1800, agus d’fhág anfa mór sneachta nach raibh ach 15 sheanadóir i láthair ag an oscailt oifigiúil.

Bíonn gach tús lag, deirtear.

Críochnaíodh na ballaí de réir a chéile agus ardaíodh an cruinneachán clúiteach ar dhíon an Chaipeatóil in 1866, ach, mar atá ar fud an domhain, tá an daonlathas fós á thógáil agus á fhorbairt sna Stáit agus ní cosúil go mbeidh an leagan deiridh de réidh am ar bith go luath.

Rud eile is ceart a rá faoin fhoirgneamh Comhdhála chéanna ná go raibh sclábhaithe Afrai-Mheiriceánacha i measc na n-oibrithe a thóg é, fírinne a bhfuil cruthúnas uirthi i gCartlanna Náisiúnta na Stát Aontaithe.

Teach mór groí a bhí beartaithe le bheith ina shainchomhartha den neamhspleáchas agus den tsaoirse, is daoine bochta faoi dhoirse a shil a gcuid allais agus a chaith a gcuid fuinnimh lena thógáil, gan an phingin rua féin a fháil mar chúiteamh.

Is iomaí codarsnacht atá i gcroílár dhaonlathas SAM - díshealbhú na mbundúchasach, leithcheal córasach, olltionchar na gcomhlachtaí corparáideacha - ach caithfidh sé go bhfuil an íomhá sin de sclábhaithe ag obair ar an Chaipeatól ar na cinn is cumhachtaí.

Ghlacfadh sé i bhfad - ní áirím cogadh cathartha agus gluaiseacht cearta sibhialta - le feabhas a chur ar an scéal, agus níl an ceann scríbe bainte amach go fóill, ná baol air.

Léiríonn sé ar ndóigh gur próiseas fada malltriallach é forbairt an chine dhaonna agus gur streachailt leanúnach atá i bhforás an daonlathais féin.

Rudaí a raibh glacadh forleathan leo tráth - an sclábhaíocht, cuir i gcás, nó an vóta a bheith ag fir amháin - athraíodh na tuairimí ina leith le himeacht ama, a bhuí le plé agus le feachtasaíocht agus le gníomh, agus cuireadh leagan éigin a bhí ní b’fhearr ina n-áit.

Dúinne inniu, ciallaíonn sé sin go bhfuil an iliomad nós agus cur chuige agus barúlacha atá i bhfaisean faoi láthair, nó a ndéantar talamh slán díobh mar ghnáthchuid den tsochaí, a mbeidh cuma an aineolais nó na barbarthachta nó na daoithiúlachta orthu amach anseo.

Cad iad na cleachtais éagóracha sin atá thuas inniu? Cé na smaointe a bhfuil fadhb bhunúsach leo a bhfuil muidne dall uirthi - nó nach bhfuil sé de chumas ionainn a fhiosrú go fóill - ach a bheidh an-soiléir go deo do na glúnta atá le teacht? Tá an liosta rófhada don alt seo, is baolach.

Más furasta dúinn lochtanna na staire a aithint agus muid ag amharc siar orthu ón áit a bhfuil muid anois, níl sé ródheacair a admháil go bhfuil muidne fosta i lár caibidil den stair a chuirfidh náire ar dhaoine amach anseo, bíodh sé ó thaobh na gcóras polaitiúil atá againn nó i dtaca le gnéithe d’iompar an duine agus d’oibríochtaí na sochaí trí chéile.

Ach seachas titim faoin ualach smaointeoireachta nó éirí lagmhisneach faoin riocht ina bhfuil an domhan, is fiú cuimhneamh ar cheist an phróisis arís.

Ní thar oíche a tógadh Caipeatól SAM - ní raibh sé ullamh lá a oscailte go fiú - agus tá an mórthogra a bhfuil sé ina shiombail air á mhúnlú agus á choigeartú i gcónaí chomh maith.

Ar an dóigh chéanna, is fada uainn uilig ceann cúrsa ach bíodh an todhchaí níos fearr sin ina spreagadh againn, dár ngríosú agus dár dtarraingt chun tosaigh, in ainneoin stoirmeacha agus lochtanna agus moilleanna.

Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin, agus na comhdhálacha.

Foclóir:

Comhdháil = congress

Fuilibiliú = hullabaloo

Casta = complicated

céilí comhraic = adversaries

bruacha abhainn = river banks

anfa = storm

sclábhaithe = slaves

Source: The Irish Times · Tomaí Ó Conghaile

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira