Rinne mé staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin den chéad uair nuair a bhí an Mheánteist ar siúl agam. Bhí dánta ar nós Dignit an Bhróin agus An t-Earrach Thiar i bhfad níos fusa a chur de ghlanmheabhair ná na seandánta clasaiceacha agus thaitin na finéid áille d’Árainn san earrach go mór orm.
Thairis sin bhí an file féin beo fós agus bhí cuimhne dhoiléir agam ar an bhfear garbh maol a chuir scrúdú béil sa Ghaeilge orm cúpla bliain roimhe sin don Scrúdú Scoláireachta nuair a bhí mé tuairim is dhá bhliain déag d’aois.
Ní raibh tuairim dá laghad agam san am sin go n-éireodh liom cairdeas a dhéanamh leis an bhfathach seo i nualitríocht na Gaeilge blianta ina dhiaidh sin, agus go mbeadh an onóir agam go scríobhfadh sé an réamhrá don chéad chnuasach filíochta uaim, Sealgaireacht, ná go scríobhfainn tráchtas ar a chuid dánta féin.
Tar éis bhás a mhná céile, Áine, bhíodh a lón de ghnáth aige le muintir Attridge i nGort na Silíní, Baile Átha Cliath, gach Domhnach. Bhí seanaithne aige ar theaghlach Attridge. Bhí mé féin mór leis an teaghlach freisin agus cuireadh in aithne mé do Mháirtín. Mhínigh mé dó go raibh mo chéad chnuasach dánta scríofa agam sa Ghaeilge agus d’fhiafraigh de an mbeadh sé sásta é a léamh agus, b’fhéidir, réamhrá a scríobh.
Bhain sé taitneamh as gloine nó dhó seirí agus ina dhiaidh sin chruthaigh sé gurbh aithriseoir den scoth é.
Bhí sé sásta agus, go luath ina dhiaidh sin, thug cuireadh dom teacht go dtí a theach, bungaló ar Bhóthar an Halla Bháin. Ba ann a phléamar na dánta agus rinne sé moltaí tábhachtacha i dtaobh na caoi a gcuirfinn barr feabhais ar na línte - ghlac mé go fonnmhar leis an gcomhairle ón gcainteoir dúchais agus file cumasach.
Níl aon amhras ná gur chuidigh a réamhrá gearr le foilsiú mo chéad chnuasaigh le Clóchomhar Teoranta sa bhliain 1982. Ina dhiaidh sin bheartaigh mé ar thráchtas a dhéanamh ar fhilíocht Mháirtín ó na blianta 1939-79, ag aistriú an tsaothair go Béarla agus ag déanamh taighde air ó thaobh thraidisiún na Gaeilge, an traidisiúin Angla-Éireannaigh agus an Nua-Aoiseachais de.
I rith na mblianta a lean d’oibrigh mé go dlúth leis an bhfile agus bhí sé chomh cineálta is a bhí sé foighneach ag cabhrú liom ag aistriú smaointe casta a bhí fréamhaithe i ngnás agus i mbéaloideas Árann. Ba ghearr go raibh mé i mo Aide de Camp ag tabhairt Máirtín chuig ócáidí liteartha, agus ba bheirt aisteach muid ag siúl le chéile agus é i bhfad níos airde ná mé.
Bhí an greann riamh aige agus bhain sé an-taitneamh as scéal barrúil agus muid ag ól sa Terenure Inn. Bhain sé taitneamh as gloine nó dhó seirí agus ina dhiaidh sin chruthaigh sé gurbh aithriseoir den scoth é. Bhí mé an-sásta agallamh fada leis a chur sa tráchtas a léirigh mórán mar gheall ar an gcur chuige a bhí aige i leith an tsaoil agus na litríocha.
Thaifead mé an clár cáiliúil le Robert Flaherty, Man of Aran, dó agus nuair a bhí sé ina shuí i mo sheomra suite ag féachaint air ar an teilifís, bhí ionadh ar mo thriúr iníonacha óga roimh fhad a chos. Chuir sé áthas ar leith orm nuair a gheal a aghaidh agus é ag aithint carachtar ón am a bhí thart ar an scáileán.
Sular chríochnaigh mé an tráchtas fuair m’athair bás de mheall inchinne agus ba thréimhse an-chráite é dom féin is do mo theaghlach. Bhí Máirtín an-chabhrach ag an am sin. Cé go raibh ag teip ar a shláinte féin, bhrostaigh sé síos go hEaglais Naomh Agnes d’aistriú chorp m’athar agus bhí sé ar dhuine de na chéad daoine a rinne comhbhrón liom féin agus le mo mhuintir.
Bhí mé ar an ardán leis in Óstán Buswells ag léamh filíochta faoi stiúradh Éigse Éireann ag a raibh Rory Brennan, nach maireann, ina fhear an tí. Tháinig Máirtín freisin go Coláiste na gCnoc Glas mar a raibh mé féin ag múineadh. Faoin mbliain 1988 áfach, bhí teipthe ar a shláinte agus thug mé cuairt air i Stigh Lorgan agus ina dhiaidh sin i dteach altranais sna Clocha Liatha i gCill Mhantáin.
Ba mhinic ár dteaghlach ar laethanta saoire sa bhaile álainn sin cois farraige i rith an tsamhraidh, ach an babhta seo in Eanáir na bliana 1988 bhí an lá scamallach agus bhí an fharraige faoi bhrat liath ceo. Bhraith sé go raibh an aimsir ag cur le hatmaisféar na hócáide. Nuair a labhair mé le Máirtín don uair dheireanach dúirt sé liom go raibh sé ag fáil bháis.
Shuigh mé lena thaobh agus rug mé greim ar a láimh mhór. Ba bheag ár gcuid cainte. Fuair sé bás an 19 Márta 1988. Rinne Muiris Mac Conghail, dlúthchara, óráid chumasach i mbéal na huaighe i Reilig Chnocán Iaróm i rith báisteach throm. Ar an dea-uair, bhí ceamara breise aige a d’úsáid sé nuair a chlis ar cheamara RTÉ. Is iad na línte as Cranna Foirtil an fheartlaoi is fearr a d’fhéadfadh a bheidh aige:
Coigil aithinne d’aislinge
Scaradh léi is éag duit
Foclóir:
Na finéid - the vignettes
Garbh maol - craggy and bald-headed
Tráchtas - thesis
Mór leis - friendly with him
File cumasach - an accomplished poet
Ag déanamh taighde - researching
Smaointe casta - complex concepts/ideas
Aithriseoir - mimic
Meal inchinne - brain tumour
Source: The Irish Times · Declan Collinge
At a glance
- Topic
- World
- Country
- 🇮🇪 IE
- Publisher language
- EN
- Added to Allnira