Níl mórán daoine taobh amuigh de Theach Laighean ar an eolas faoin Oifig Buiséid Pharlaiminteach (OBP). Cuireann an Oifig, atá maoinithe ag an Oireachtas, anailís neamhspleách eacnamaíochta agus airgeadais ar fáil do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí. Déanann sí scagadh ar réimse leathan ábhar, go háirithe ar nithe a bhaineann leis an gcáinaisnéis, agus cuireann sí léargas beacht agus sothuigthe ar fáil ar na figiúirí, agus ar na ceisteanna móra, atá á bplé.

An mhí seo caite, d’fhoilsigh an OBP tuarascáil thar a bheith neamhghnách. Anailís chuimsitheach a bhí inti ar thionscal rásaíocht na gcon in Éirinn. Agus bhí sí crua neamhbhalbh chomh maith. Fuarthas amach inti go bhfaigheann Rásaíocht Con Éireann (RCÉ) beagnach leath dá ioncam ó mhaoiniú Stáit, is é sin timpeall €20 milliún in aghaidh na bliana.

Is léir ó thuarascáil an OBP nach bhfuil an tionscal seo in ann seasamh ar a chosa féin a thuilleadh.

Is é RCÉ an t-eagras a chuireann rásaíocht na gcon chun cinn sa tír agus a dhéanann rialú ar an spórt chomh maith.

Is díol suntais é gur shéan Teachtaí Dála tuaithe de chuid Fhianna Fáil agus Fhine Gael torthaí na tuarascála go láidir agus gur sheas siad leis an tionscal.

An rud a bhí eisceachtúil faoin tuairisc ná níor breathnaíodh ar cheist an airgid amháin ach ar ghnéithe eile den tionscal chomh maith. Fuarthas amach, mar shampla, go raibh líon na ndaoine a bhí ag freastal ar chruinnithe rásaíochta con tite go mór le deich mbliana anuas. Ar an meán, ní raibh ach 235 duine ag freastal ar na rásaí, i gcomparáid le 388 duine deich mbliana roimhe sin.

Dúradh sa tuarascáil de chuid an OBP go raibh an meath leanúnach seo ag cur amhras ar an mbunús le hairgead mór Stáit a bheith á thabhairt go leanúnach don tionscal.

Ansin rinneadh iniúchadh sa tuarascáil ar leas na gcon féin. Fuarthas amach go raibh líon an-ard con ag fáil bháis agus iad idir trí bliana agus cúig bliana d’aois. Cé gur cheart go mbeadh ionchas saoil idir 10 agus 14 bliana ag cú, bhí 3,000 cú a rugadh in 2022, agus nach raibh ag rásaíocht a thuilleadh, marbh faoi 2025. Bhí siad idir trí agus ceithre bliana d’aois. Sin as líon iomlán 4,000 cú a bhí éirithe as an rásaíocht agus a bhí fós in Éirinn.

Ciallaíonn sé sin go raibh 70 faoin gcéad de na madraí tar éis bás a fháil. Seoladh líon mór thar lear chomh maith. Ní fios cad a tharla dóibh.

Tá an tionscal tar éis é féin a chosaint trí thagairt a dhéanamh do thuarascáil eacnamaíochta a scríobhadh in 2021. Maíodh sa tuarascáil sin go gcruthaíonn an tionscal níos mó ná 4,000 post agus go ngineann sé airgead sna ceantair ina bhfuil na raonta rásaíochta suite. Is fiú a lua, áfach, gurbh é an tionscal féin a bhí taobh thiar den tuarascáil sin.

Tháinig ionadaithe ó RCÉ os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí an tseachtain seo caite. Dúirt an príomhfheidhmeannach nach raibh sé in ann míniú a thabhairt ar an gcúis a bhfuair líon ard con bás.

Thug sé le fios go mbíonn roinnt madraí gortaithe agus go mbíonn orthu iad a chur chun báis, agus go bhfaigheann cúnna bás nó go gcuirtear síos iad ar chúiseanna éagsúla eile chomh maith.

“Ní bhíonn roinnt acu oiriúnach le bheith (á gcur isteach le teaghlach), agus i gcásanna eile, b’fhéidir gurb é an cinneadh is fearr é ar mhaithe le leas an ainmhí agus a dhéanann an t-úinéir ag am faoi leith,” a dúirt sé.

Fuair an OBP amach freisin nach n-íocann, ar an meán, ach beagán os cionn leath de na daoine a fhreastalaíonn ar na rásaí cead isteach sa staid.

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Martin Heydon, go raibh sé ag súil leis go n-ullmhódh Rásaíocht Con Éireann tuarascáil ar chúrsaí airgeadais agus ar leas na n-ainmhithe, agus dhiúltaigh sé don éileamh go ndéanfaí iniúchadh neamhspleách.

Is díol suntais é gur shéan Teachtaí Dála tuaithe de chuid Fhianna Fáil agus Fhine Gael torthaí na tuarascála go láidir agus gur sheas siad leis an tionscal.

Cuireadh an tacaíocht sin in iúl go soiléir oíche Déardaoin nuair a vótáil an Dáil, le tromlach mór, ar son €20 milliún a chur ar fáil do rásaíocht na gcon in 2027.

Chaith 136 Teachta vótaí i bhfabhar an rúin agus ní raibh ach 24 ina choinne. Chomh maith le páirtithe an Rialtais, vótáil Sinn Féin, Éire Neamhspleách agus Aontú ar son an mhaoinithe.

Tugadh saoirse vótála do bhaill Pháirtí an Lucht Oibre. Thacaigh Alan Kelly, Mark Wall agus Eoghan Kenny leis an Rialtas. Vótáil na Daonlathaithe Sóisialta, Pobal Seachas Brabús agus an Comhaontas Glas ina choinne.

Is cosúil go bhfuil rásaíocht na gcon ag dul i léig mar thionscal. Tá cosc curtha uirthi i dtíortha agus i réigiúin áirithe, ar nós na hAlban, na Nua-Shéalainne agus na Breataine Bige, ar chúiseanna a bhaineann le leas ainmhithe.

Cé go bhfuil lucht leanúna fós ag an spórt in Éirinn agus go bhfuil traidisiún láidir ag baint leis - go háirithe faoin tuath - is dócha go bhfeicfí an meath ag leanúint ar aghaidh sa 10 nó 15 bliana atá amach romhainn.

Má tá rásaíocht na gcon le fanacht ar an bhfód, beidh orthu siúd atá i gceannas ar an tionscal i bhfad níos mó a dhéanamh ar mhaithe le leas na n-ainmhithe.

Níl an líon mór con a fhaigheann bás go hóg, nó a dtugtar biorán suain dóibh, ag réiteach go héasca leis an maíomh a dhéanann an tionscal féin gurb é leas na n-ainmhithe an rud is tábhachtaí dó.

Foclóir:

rásaíocht na gcon = greyhound racing

Cuimsitheach = comprehensive

ionchas saoil = life expectancy

i bhfabhar = in favour

ag dul i léig = going into decline

biorán = needle

Source: The Irish Times · Harry McGee

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira