I mí na Samhna achan bliain, tugann mic léinn na Gaillimhe aghaidh ar Thúr Tumadóireachta na Carraige Duibhe agus léimeann siad isteach san fharraige mhór gach maidin le hairgead a bhailiú ar son carthanachta.
Is é seo an naoú bliain de Coldvember, agus dar le Roseanne Ní Cheallaigh, iníon léinn Cumarsáide in Ollscoil na Gaillimhe agus duine d’fhoireann Coldvember 2026, tá siad ag súil le €20,000 a bhailiú do Oranmore Maree Coastal Search Unit i mbliana.
“Is grúpa é atá lonnaithe i nGaillimh agus déanann siad obair an-chrua chun teacht ar dhaoine atá ar iarraidh i gCuan na Gaillimhe. Tá níos mó ná 100 oibrí deonach acu agus tá an t-airgead ag teastáil uathu i mbliana ach go háirithe mar go bhfuil siad ag iarraidh bád nua a cheannach,” arsa Roseanne.
“Téann muid síos go Bóthar na Trá ag 7:30 chuile mhaidin, bíonn muid ag éisteacht le ceol agus ag damhsa, bíonn tae agus caife againn, agus bíonn éagsúlacht ag baint le gach uile lá. Fiú mura bhfuil tú muiníneach ag snámh, is féidir leat dul ann chun éisteacht leis an gceol agus chun tacú le daoine eile.
“Go ginearálta, cabhraíonn an snámh chun strus a laghdú. Nuair a éiríonn tú go moch ar maidin, is é sin an rud is deacra a dhéanann tú don lá ar fad. Cabhraíonn sé leat a bheith réidh don lá, tugann sé fuinneamh duit, agus mothaíonn gach duine i bhfad níos fearr ina dhiaidh.”
Is féidir tacú leis an fheachtas agus súil a choinneáil ar an chraic ar fad ag @coldvember ar na meáin shóisialta. Má tá tú ag iarraidh airgead a thabhairt, is féidir sin a dhéanamh ag idonate.ie/fundraiser/ColdvemberCrew2026.
Oíche cabaret a bheidh oscailte do chách
Is é Ian Lynam a thosaigh Spoons, cabaret a chuireann fáilte roimh dhaoine de gach leibhéal cumais, sa bhliain 2018. Is fuirseoir uathach é Ian a bhfuil obair den scoth déanta aige le grúpaí agus carthanachtaí éagsúla i gcaitheamh na mblianta. Chuir sé tús leis an imeacht le hardán a thabhairt d’fhuiseoirí faoi mhíchumas agus le deis a thabhairt do gach duine sult a bhaint as siamsaíocht in áiteanna a bhfuil teacht orthu go héasca.
Beidh oíche cabaret Spoons ag tarlú san ionad Drop Dead Twice i mBaile Átha Cliath 8 an Domhnach beag seo, 22 Samhain. I measc na dtaibheoirí a bheidh ag dul ar an ardán ar an oíche tá an fuirseoir Cúnla Ní Bhraonáin Morris.
“Ó thaobh fuirseoirí de, ní minic a chloistear guthanna daoine faoi mhíchumas. Tá sé tábhachtach spás mar seo a bheith ann do na daoine sin, agus do dhaoine LADTA, do dhaoine de dhath agus do mhná go ginearálta,” a dúirt Cúnla liom an tseachtain seo.
“Tá Drop Dead Twice inrochtana don lucht féachana agus tarlaíonn gach rud ar an leibhéal céanna, mar sin tá daoine a úsáideann cathaoireacha rothaí in ann a bheith linn. Tá súil agam go bhfeicfidh muid tuilleadh spásanna inrochtana mar seo mar tá an greann tábhachtach do chuile duine. Is minic a bhíonn an saol róbhrónach, ródháiríre, róstrusmhar.
“Tá bealach áirithe agamsa le breathnú ar rudaí mar gheall ar an uathachas agus tá súil agam daoine a chur ag gáire. Tá mé an-sásta go mbeidh mo chairde a bhfuil míchumas orthu in ann teacht agus an dreas grinn a fheiceáil chomh maith.
“Tá na ticéid ar fáil anois ar Eventbrite agus tá fáilte romhat aon phraghas ar mhaith leat a íoc. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an t-imeacht inrochtana ó thaobh cumais de agus ó thaobh airgeadais de freisin, rud atá go hiontach.”
Téigh chuig Eventbrite le do thicéad a fháil anois. Cuirfear tús leis an seó ag 6pm Dé Domhnaigh, 22 Samhain.
Foghlaim faoi cheird an scríbhneora ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne
An scríbhneoir thú atá ag teacht i gcrann? Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoi cheird an scríbhneora, nó faoi na deiseanna agus na dushláin a bhaineann leis an earnáil? Beidh painéal cainte iontach suimiúil ar siúl mar chuid d’Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne an Satharn beag seo, 21 Samhain, ag 3pm sa Díseart.
Cuirfidh Úna Nic Cárthaigh triúr scríbhneoirí, Laoighseach Ní Choistealbha, Eoin McEvoy agus Aedín Ní Thiarnaigh, faoi agallamh faoina gcuid taithí scríbhneoireachta agus labhróidh siad faoin fhilíocht, iriseoireacht, scríbhneoireacht chruthaitheach agus drámaíocht fosta.
Níl costas ar bith ag baint leis an imeacht seo ach ní mór d’áit a chur in áirithe roimh ré ag dinglelit.ie.
Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Solas Irish Design
Ní fada anois go mbeidh ceiliúradh na Nollag faoi lán seoil, mar sin anois an t-am na héadaí galánta gáifeacha a ghlacadh amach as an vardrús!
Is breá liom éadaí agus oiriúintí drithleacha a chaitheamh i rith shéasúr na Nollag, agus thit mé i ngrá le málaí Solas Irish Design a luaithe agus a leag mé súil orthu. Tá na dathanna, na dearaí Gaelacha agus na réinchlocha a úsáideann sí galánta ar fad. Is maith liom go bhfuil na málaí mór go leor le tabhairt leat ar oíche amuigh fosta, agus bheadh ceann acu foirfe don spórt agus spraoi ar fad a bheidh ar siúl idir seo agus deireadh na bliana.
Lean Solas Irish Design ar na meáin shóisialta @solas_irish_design.
Source: The Irish Times · Áine Ní Dhonnaile
At a glance
- Topic
- World
- Country
- 🇮🇪 IE
- Publisher language
- EN
- Added to Allnira