Is iad Edward Sapir agus mac léinn dá chuid, Benjamin Whorf, a tharraing caint agus díospóireacht faoi choincheapa, a ról agus a dtionchar ar fhoghlaim agus ar úsáid teangacha. I Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí an bheirt seo ag obair agus is in 1929 a tháinig an chéad fhoilseachán uathu faoin ábhar, agus tá díospóireacht go leor faoi ó shin. Sa Ghearmáin a rugadh Sapir ach bhog an teaghlach go Meiriceá nuair a bhí sé an-óg. I Meiriceá a tógadh Whorf. Antraipeolaithe a bhí iontu agus tá a lorg sin ar na hargóintí a chur siad chun cinn. Lena chois sin, bhí staidéar déanta acu ar theangacha na mbundúchasach i Meiriceá, agus ba léir dóibh go raibh dearcadh eile ar fad ag na cainteoirí sin ar an dóigh a ndéanann siad cur síos ar an tsaol atá thart orthu. Níorbh ionann an cur síos seo agus na bealaí a raibh cleachtadh ag cainteoirí theangacha na hEorpa orthu. Bhí míniú le tabhairt ar an difríocht seo agus cad é go díreach is cúis leis.

Anois an chéad rud a mhaígh Sapir agus Whorf go gcuireann na cineálacha idiridhealuithe a dhéanann cainteoirí ina dteanga féin isteach ar an dóigh a mbíonn tuiscint acu ar an tsaol a bhíonn thart orthu. Téann siad níos faide ná sin agus maíonn siad go múnlaíonn teangacha na slite agus na bealaí smaointeoireachta a bhíonn ag cainteoirí na dteangacha sin.

…is é an tuairim is láidre den teoiric go gcruthaíonn teanga dearcadh ar leith ar an tsaol. Is beag duine a chreideann é sin go hiomlán.

Luann siad go mbíonn bealaí an-éagsúil i dteangacha i gcoitinne agus iad ag plé le coincheapa ar nós dathanna, le cineálacha sneachta, le cineálacha uisce, le treonna agus go leor gnéithe eile. Bíonn argóintí go leor uaireanta ar an difríocht atá idir glas, uaithne agus gorm sa Ghaeilge. Cé mhéad cineál sneachta a idirdhealaíonn na hIonúitigh óna chéile? Is dóiche go gcaithfidh siad mórán mór ainmneacha a bheith acu mar go mbíonn a saol ag brath air. Cé mhéad focal atá againn féin anseo in Éirinn ar chineálacha uisce, fearthana agus báistí? Cuid mhaith mhór focal, a déarfainn.

Is cuimhneach liom a bheith ag plé dathanna i dteangacha na hEorpa le suas le cúig theangeolaí déag in 1993/94, agus as na 144 theanga a bhíothas a labhairt an uair sin, go raibh teanga amháin in áit éigin sa Rúis nach raibh oiread is dath amháin a raibh focal aonair acu air – rud a chuir na seacht n-iontas orainn! Is é an bealach a bhí acu leis na dathanna a rá, frásaí mar seo a úsáid – cosúil le sneachta, dath na fola is araile.

Noam Chomsky. Grianghraf: Lee Lockwood/Getty

Noam Chomsky. Grianghraf: Lee Lockwood/Getty

Ach ar ais linn chuig Sapir agus Whorf. Chuir siad tuilleadh treise lena dtuairimí. Mhaígh siad go láidir go n-imríonn an struchtúr agus an foclóir a bhíonn i dteangacha, agus i gcásanna áirithe, go socraíonn siad cén bealach a smaoiníonn cainteoirí ar a dtimpeallacht agus ar an dóigh a smaoiníonn siad ar an saol mór trí chéile. Is í an teoiric a bhí acu mar antraipeolaithe gurb é an sainmhíniú atá ar chultúr gur bailiúchán é de na luachanna, de na noirm agus de na nithe a gcreideann an pobal iontu. Agus, dá thoradh sin, go gcruthaíonn teanga smaointeoireacht an duine a labhraíonn í.

Tá bealaí éagsúla ag teangacha ar leith le códáil a dhéanamh ar aimsirí (Láithreach, Caite srl.), ar chúrsaí inscne agus mar a bhíonn rudaí i gcodarsnacht le chéile sa spás. Ach ainneoin na héagsúlachta, bíonn comhthuiscint idir cainteoirí, agus cé gur mhaígh Sapir agus Whorf gurb í an teanga amháin a imríonn tionchar ar smaointe agus ar ghnásanna cognaíochta, admhaíonn siad nach gcuireann teanga bac ar fhás teangacha.

Bhí agus beidh daoine ag easaontú faoi na gnéithe seo tamall eile ach ó tháinig smaointe nua chun cinn ón bhliain 1929, ní chreideann mórán an teoiric iomlán a bhí ag Sapir agus Whorf, ach mhúscail siad díospóireacht a lean ar feadh i bhfad. Is dócha gurb é an teangeolaí Noam Chomsky ó na 1950idí ar aghaidh is mó a chaith amhras ar an teoiric.

Le coimriú a thabhairt ar an scéal – is é an tuairim is láidre den teoiric go gcruthaíonn teanga dearcadh ar leith ar an tsaol. Is beag duine a chreideann é sin go hiomlán. Tá foirm níos laige den teoiric ann – go dtéann teanga i bhfeidhm ar dhearcadh an duine, ach nach gcuireann sin cosc ar fheidhmiú na smaointeoireachta. Tá lucht leanúna níos leithne ag an dara dearcadh seo.

Fágfaidh mé agaibh féin anois an scéal a spíonadh agus a chíoradh.

Foclóir

Antraipeolaí = Anthropologist

Bundúchasach = Aboriginal, native

i gcodarsnacht = Contrasting, opposite

Coincheap = Concept

Idirdhealú = Distinction (between things)

I gcoitinne = In general

Iniúiteach = Inuit

Maígh = State, declare

Source: The Irish Times · Dónall P Ó Baoill

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira