D’fhógair Sinn Féin an tseachtain seo caite go mbeidh triúr MP dá gcuid ag seasamh i dtoghchán an Tionóil i mí Bealtaine na bliana seo chugainn agus súil dháiríre acu suíocháin a bhaint. I gcúpla cás acu sin is bua stairiúil a bheadh i gceist don pháirtí agus don phobal náisiúnach ó thuaidh trí chéile.
Le cúpla seachtain anuas, tá Sinn Féin i ndiaidh láithreacht láidir a chur in iúl sna meáin maidir le seasamh an pháirtí ar cheist Dhroim Crí agus ar roinnt ábhair eile, agus iad ag súil anois le torthaí níos fearr a fheiceáil sna pobalbhreitheanna agus, níos tábhachtaí, i dtorthaí an dtoghchán don Tionól agus do na Comhairlí Áitiúla a bheidh ar siúl ar an bhliain seo chugainn.
Fógraíodh go mbeidh Chris Hazzard, atá ina MP don Dún Theas i láthair na huaire, ag seasamh i dtoghcheantar Loch Cuan agus é ag iarraidh suíochán a fháil sa Tionól. Agus athruithe curtha i bhfeidhm ar theorainn an toghcheantair le déanaí, creideann Sinn Féin gur féidir leo suíochán a bhaint amach ann den chéad uair riamh. Ní raibh MLA náisiúnach i Loch Cuan i stair an Tionóil riamh, agus mar sin de bua ollmhór a bheadh ann dá n-éireodh leo.
Ní raibh MLA náisiúnach i Loch Cuan i stair an Tionóil riamh, agus mar sin de bua ollmhór a bheadh ann dá n-éireodh leo.
Bhí Hazzard ina MLA sa Dhún Theas ó 2012 go 2017, agus bhí sé ina Aire Bonneagair ag Cnoc an Anfa ó 2016 go 2017 nuair a thit an Feidhmeannas. Toghadh é i dtoghchán Westminster in 2017, an chéad bhall de Shinn Féin chun suíochán a bhaint sa Dún Theas, a bhí i lámha an SDLP le fada an lá go dtí sin.
Is é Paul Maskey an t-iarrthóir nua in Iarthar Bhéal Feirste. Is ag Sinn Féin atá ceithre shuíochán amach as na cúig cinn sa toghcheantar, agus súil ag an pháirtí na suíocháin siúd ar fad a choinneáil. Fógraíodh nach mbeidh an MLA reatha Aisling Reilly ag seasamh mar iarrthóir sa chéad toghchán eile de bharr cúrsaí sláinte, agus is é Maskey anois a bheidh ag seasamh ina háit. Tá Paul Maskey ina MP ó 2011, agus leis an chinneadh seo tá próifíl ard ag gach duine den cheathrar iarrthóirí a bheidh ag Sinn Féin sa rás seo.
Cé go bhfuil Sinn Féin an-láidir in Iarthar Bhéal Feirste, seans go mbeidh sé dúshlánach go leor acu na suíocháin uilig a choinneáil agus an SDLP, PBP agus DUP in iomaíocht chun suíochán a bhaint amach sa toghcheantar chomh maith.
I dtoghcheantar Bhéal Feirste Theas agus an Dún Láir, is í an MP reatha do cheantar Fhear Manach agus Thír Eoghain Theas, Pat Cullen, atá le seasamh ann. Is de bhunadh Thír Eoghain í Cullen ach tá sí ina cónaí i mBéal Feirste le fada an lá. Bhí sí ina Príomhfheidhmeannach ar Choláiste Ríoga an Altranais sa Ríocht Aontaithe le blianta fada sula ndeachaigh sí isteach i saol na polaitíochta nuair a sheas sí i dtoghchán Westminster in 2024.
Beidh Cullen ag seasamh don pháirtí in éineacht le Deirdre Hargey, atá ina MLA don cheantar ó 2020 agus a bhí mar Aire Pobal ag pointe amháin. Sprioc iontach uaillmhianach atá ann don pháirtí an dara hiarrthóir a chur isteach sa toghcheantar seo, go háirithe agus an SDLP agus Páirtí na Comhghuaillíochta ag súil le tacaíocht láidir a mhealladh sa cheantar chomh maith. Is é seo an cás is dúshlánaí as na trí cinn maidir le MP ag aimsiú suíochán sa Tionól. Tá próifíl ard ag Hargey i mBéal Feirste Theas agus níl raibh an páirtí fiú cóngarach don dara suíochán ag an toghchán Tionóil deireanach.
Má éiríonn leis an chur chuige seo, spreagfar fothoghcháin do na suíocháin Westminster a bheadh folamh, agus dúshlán as an nua a bheadh sa mhéid sin do na páirtithe uilig. Go deimhin, dá dtarlódh siad, bheadh seans maith ann go mbeadh na toghcháin seo ag titim amach sa tréimhse chéanna ina mbeadh Feidhmeannas úr ag iarraidh a chosa a aimsiú agus Clár Rialtais a chur le chéile. Ach straitéis uaillmhianach atá ann chun cuid de na polaiteoirí is aitheanta atá ag Sinn Féin ó thuaidh a bhogadh chuig an Tionól, áit a mbeadh siad níos feiceálaí agus ar fáil le bheith ceaptha ina n-airí amach anseo chomh maith.
Cuirfidh na cinntí seo imní ar an SDLP agus ar Pháirtí na Comhghuaillíochta ach go háirithe. I mBéal Feirste Theas agus sa Dún Láir, tá dhá shuíochán ag Páirtí na Comhghuaillíochta agus is ón fhoinse sin a mbeidh Sinn Féin ag súil le tacaíocht a mhealladh. Mar an gcéanna i dtoghcheantar Loch Cuan, beidh Sinn Féin ag meas gur féidir leo an bua féideartha stairiúil a úsáid chun vótóirí Pháirtí na Comhghuaillíochta agus an SDLP a tharraingt chucu féin.
Gan amhras, tá Sinn Féin ag bogadh i dtreo dearfach le tamall anuas agus borradh ag teacht faoi fhuinneamh an pháirtí arís i ndiaidh cúpla bliain dheacair, ó tharla gur chuir deacrachtaí san Fheidhmeannas bac ar an pháirtí spriocanna a bhaint amach. Ach léiríonn na cinntí toghcháin seo go mothaíonn an páirtí an-mhuiníneach faoi na deiseanna atá rompu sa bhliain seo chugainn.
Foclóir:
i láthair na huaire = currently
toghcheantar = constituency
ag seasamh = standing
Páirtí na Comhghuaillíochta = Alliance Party
straitéis uaillmhianach = ambitious strategy
Source: The Irish Times · Ursula Savage
At a glance
- Topic
- World
- Country
- 🇮🇪 IE
- Publisher language
- EN
- Added to Allnira