Deir Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Tiarnaigh, go bhfuil “réiteach buan” de dhíth ar na Gaeil ó thuaidh atá ag streachailt leis an gheobhlocáil a bhaineann le cuid de na cláracha is mó agus is aitheanta ar RTÉ agus TG4 le fada an lá.

Tá tuarascáil nua foilsithe ag OFCOM, an rialtóir neamhspleách reachtúil cumarsáide agus craolacháin de chuid na Breataine, maidir leis an cheist fhadbhunaithe seo agus an réimse leathan cláir Ghaeilge nach bhfuil teacht ag na Gaeil orthu ar ardáin éagsúla ó thuaidh, go háirithe ar sheinnteoirí ar ghléasanna digiteacha, cosúil le Bluey (RTÉ), Spongebob agus Dora (TG4/Cúla4), agus cláir bheo spóirt ar nós GAA BEO, i measc imeachtaí móra idirnáisiúnta eile.

Tugtar le fios sa tuarascáil nua, a rinneadh ar son na Roinne Eacnamaíochta ó thuaidh, go bhfuil dhá phríomhchúis leis an gheobhlocáil: 1) ceadúnas tráchtála an chláir (nó an imeachta) faoi chaibidil; agus 2) seoladh IP an lucht féachana.

“Is ábhar mór frustrachais do Ghaeil atá lonnaithe ó thuaidh an cosc a chuirtear orainn teacht ar ábhar trí Ghaeilge a chraoltar ar RTÉ agus TG4. Más suim leat an spórt, bíonn neart imeachtaí móra ann nach mbíonn rochtain againn orthu, agus is údar mór díomá é sin, go háirithe nuair a bhíonn foirne nó iomaitheoirí ó na sé chontae páirteach ann,” arsa Ó Tiarnaigh.

Deir sé fosta gur fadhb shuntasach atá sa gheobhlocáil do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge, mar nach bhfuil teacht acu ar chuid de na cláracha is mó le rá atá ar fáil i nGaeilge do pháistí.

“Aithníonn muid go ndéanann TG4 ceadúnais a cheannach ar bhonn 32 contae, ach fiú sa chás sin, bíonn cosc orainn ar neart gléasanna. An toradh air sin ná go dtiontaíonn ár ndaoine óga i dtreo an Bhéarla. Cén fáth an gcuirfeadh fiú an Gael is díograisí am amú ag iarraidh teacht ar bhealach éigin chun Bluey a shrúthú nuair is féidir teacht air gan srian trí Bhéarla ar an BBC? Cuireann muid i gcuimhne don dá Rialtas, ar chomhshínitheoirí iad ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, go bhfuil coimitmint shonrach sa Chomhaontú sin go ndéanfaidh siad ‘gníomh diongbháilte’ rochtain TG4 a fheabhsú sna sé chontae mar a bhaineann sé le craoltóireacht na Gaeilge. Tá ag teip orthu sin a dhéanamh faoi láthair.”

Deir sé go bhfuil Conradh na Gaeilge ag plé le TG4 chun teacht ar “réiteach a thugann rochtain chothrom do Ghaeil sna sé chontae ar iomlán cláracha an stáisiúin gan srian”.

Gabriel Rosenstock. Grianghraf: Máire Uí Mhaicín

Gabriel Rosenstock. Grianghraf: Máire Uí Mhaicín

Ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Gabriel Rosenstock ag IMRAM

Déanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Gabriel Rosenstock ag imeacht ar leith, Na Púcaí ina Cheann, ag Féile IMRAM na bliana seo. Bhí páirt lárnach ag an fhile agus scríbhneoir ildánach in go leor tograí IMRAM thar na blianta agus tiocfaidh aíonna speisialta, ina measc Amanda Bell, Paddy Bushe, Des Geraghty, Aifric Mac Aodha, Caitríona Ní Chléirchín, Séamus Barra Ó Súilleabháin agus mac Gabriel é féin, Tristan Rosenstock, le chéile le saothair Gabriel Rosenstock a léamh os comhair lucht féachana. Is é Cathal Póirtéir a bheas mar fhear an tí ar an oíche, an 9 Samhain, agus is í Margaret Lonergan a rinne na híomhánna.

Dúirt Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM, go bhfuair sé inspioráid maidir le hainm na hócáide seo ó Gabriel é féin.

“D’fhéadfá a rá go raibh níos mó ná Gabriel Rosenstock amháin ann. Uair amháin, d’fhiafraigh mé de Gabriel cén próiseas a bhí aige agus é ag tabhairt faoi Ghaeilge a chur ar liricí le Bob Dylan. ‘Próiseas?’ a d’fhreagair sé, ‘níl aon phróiseas ann, seachas na púcaí i mo cheann!’, arsa Liam Carson.

“Más rud é go raibh púcaí i gceann Gabriel, púcaí na cruinne (ní as Éirinn amháin) a bhí i gceist, iad líofa in achan teanga. Taobh istigh de chloigeann Gabriel, mhair mórfhilí ar nós Matsuo Bashō, Rabindranath Tagore, Günter Grass, Lí Hè, agus na céadta eile, iad uilig beo arís faoi chló Gaelach. Ach taobh amuigh de na filí sin, mhair roinnt pearsantachtaí in anam Gabriel. An leasainm a bhí ag a mháthair air na ‘The Wild Man of Borneo’, agus ghlac sé leis an ainm sin le fonn; cheap sé gur ‘onóir’ a bhí ann – agus ‘cuid de m’fhéiniúlacht feasta bheadh ann’”.

Costas €12 a bheidh ar an imeacht seo agus tá ticéid ar fáil anois ar Eventbrite. Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí eile a bheidh ar siúl mar chuid de IMRAM ar fáil ag imram.ie.

Iarratais oscailte do Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta i bPort Láirge

Tá “áthas” ar Oifig na Gaeilge Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge go bhfuil sé i gceist acu Scoláireachtaí Gaeltachta a bhronnadh ar dhaltaí meánscoile an chontae le freastal ar chúrsa Gaeltachta le linn shamhradh na bliana seo chugainn.

Bronnfar scoláireacht iomlán, nó dhá leath-scoláireacht, ar dhalta(í) a bhfuil cónaí orthu taobh istigh de limistéar riaracháin na Comhairle le freastal ar chúrsa samhraidh de chuid Choláiste na Rinne i Rinn Ó gCuanach in 2027.

Deir Oifigeach Gaeilge na Comhairle, Máire Seó Breathnach, go dtugann cúrsaí samhraidh “seans iontach do dhaltaí an Ghaeilge a fhoghlaim i dtimpeallacht thaitneamhach shábháilte”.

“Ní hamháin go mbeidh feabhas ag teacht ar a gcumas Gaeilge, ach gheobhaidh siad blaiseadh de chultúr agus d’oidhreacht na Gaeltachta chomh maith, fad is a bheidh siad sa Rinn. Tá áthas ar an gComhairle a bheith in ann tacaíocht a thabhairt do dhaltaí dul ar an aistear iontach seo sa Ghaeltacht,” arsa Máire.

Is é an spriocdháta d’iarratais ná 5pm Dé hAoine, 20 Samhain 2026. Tá foirm iarratais agus téamaí agus coinníollacha ar fáil ar líne anois.

Source: The Irish Times · Áine Ní Dhonnaile

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira