Níl amhras ar bith gurb í an díospóireacht faoin nglas triarach an cath polaitiúil is mó a bheas ann an fómhar seo.

Cuireadh an Bille Cosanta 2026 faoi bhráid Dháil Éireann an tseachtain seo caite, ag an dara céim den phróiseas reachtach. Ba í an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Helen McEntee, a chuir an bille os comhair na Dála.

Le linn na díospóireachta, chuir baill den fhreasúra plaicird in airde ar a raibh na focail: “Sábhálaimis an Neodracht” agus “Caomhnaímis an Triple Lock”. Ina dhiaidh sin, bhí malartú focal géar idir ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, agus an Taoiseach, Micheál Martin. Le lán na fírinne a rá, bhí an dá thaobh in adharca a chéile ó thús go críoch.

Lean an díospóireacht na téamaí a mbeifeá ag súil leo, agus na hargóintí céanna á gcíoradh arís agus arís eile ag an dá thaobh, cé go bhfuil neart plé déanta ar na ceisteanna sin cheana.

Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfeicfí comhordú i measc pháirtithe an fhreasúra agus iad ag cur in aghaidh an Bhille.

Chuir McDonald i leith an Taoisigh go raibh sé ag iarraidh dul i mbun eachtraíocht mhíleata mharfach thar lear. In éineacht le ceannairí eile an fhreasúra, rinne sí gearán freisin go raibh teorainn ama, nó gilitín, á cur leis an díospóireacht ag an dara céim. Stopadh an díospóireacht tar éis trí uair an chloig go leith.

Faoi chóras an ghlais thriaraigh mar atá sé faoi láthair, tá sé de dhualgas ar an Rialtas cead a fháil ó na Náisiúin Aontaithe sular féidir dhá bhall déag nó níos mó d’Óglaigh na hÉireann a chur ar imscaradh thar lear mar chuid d’fhórsa idirnáisiúnta.

Ó tharla go bhfuil Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe sáinnithe ó 2014 i leith, is beag seans atá ann go bhfaighfear an cead sin go ceann i bhfad. Mar sin de, ar mhórán bealaí, tá an Rialtas i sáinn. Beidh an misean deireanach ar a gcaitheann saighdiúirí na hÉireann bairéad gorm na Náisiún Aontaithe ag teacht chun críche i mí na Nollag. Níl aon rud ar na bacáin ina dhiaidh sin. Agus na Stáit Aontaithe, an Rúis agus an tSín ar an gComhairle Slándála - agus cumhacht na croise acu araon - ní dócha go bhfeicimid fórsaí na hÉireann ag gníomhú go hidirnáisiúnta go ceann scaitheamh maith.

Áitíonn an freasúra go bhféadfaí cead a fháil ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. Is é an deacracht leis an argóint sin ná nár baineadh leas as an rogha sin ó 1956, nuair a tugadh cead do bhuíon mhíleata idirghabháil a dhéanamh le linn Ghéarchéim Shuais.

Tá laigí i gcroí argóintí an dá thaobh, mar sin.

Is í ceist na neodrachta atá i gceartlár na díospóireachta anseo in Éirinn. Maíonn an Rialtas nach gcuirfidh deireadh leis an nglas triarach aon athrú ar neodracht na hÉireann.

Ar an taobh eile den scéal, deir an freasúra go mbeidh drochthionchar aige sin ar ár neodracht agus go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh baint ag Éirinn le comhghuaillíochtaí míleata amach anseo. Tá reifreann nó pobalbhreith á éileamh dá bharr.

Ní raibh an Taoiseach sásta glacadh leis an moladh sin. Níor thaitin an tagairt a rinne McDonald maidir le heachtraíocht mhíleata leis, beag ná mór, agus chuir sé ina leith go raibh an méid a dúirt sí áibhéalach agus iomarcach.

Ní laistigh den fhreasúra amháin atá easaontas faoin gceist seo áfach. Tá tuairimí éagsúla - malartacha fiú - á nochtadh i gceann de na páirtithe Rialtais chomh maith. Ní haon ionadh é gur ag cúlbhinseoirí Fhianna Fáil atá na hábhair imní (níl fadhb ar bith ag Fine Gael leis an reachtaíocht chomh fada is a fheictear domsa é). Ag cruinniú den pháirtí parlaiminteach an tseachtain seo caite, d’ardaigh an t-iarAire Cosanta, Willie O’Dea, an cheist arís. An bhunargóint a bhí aige ná go samhlaítear Fianna Fáil agus an neodracht le chéile i gcónaí agus go raibh an Bille seo chun an ceangal sin a bhriseadh agus ísle céime a thabhairt do choincheap na neodrachta sa Stát.

D’iarr sé ar an Taoiseach iarracht a dhéanamh an gad leis na Náisiúin Aontaithe a choinneáil ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, chun dlisteanú a dhéanamh ar aon chinneadh maidir le fórsaí míleata a chur thar lear sa todhchaí. Lena cheart a thabhairt dó, dúirt Martin go ndéanfadh sé iniúchadh ar an bhféidearthacht sin.

Cé nach raibh Teachtaí Dála ná Seanadóirí Fhianna Fáil ag cur i gcoinne na moltaí sa Bhille go hoscailte ag an gcruinniú sin, b’fhearr leo, tríd is tríd, dá bhfanfadh gné éigin de rannpháirtíocht na Náisiún Aontaithe sa reachtaíocht.

Thug an Taoiseach le fios ag an gcruinniú go ndéanfaí aon bheart faoin socrú nua (atá leagtha amach sa Bhille) de réir Chairt na Náisiún Aontaithe. Ach ní leor é sin do Theachtaí an pháirtí.

An ruaille buaille a chonaic muid an tseachtain seo caite, ní raibh ann ach an chéad seift. Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfeicfí comhordú i measc pháirtithe an fhreasúra agus iad ag cur in aghaidh an Bhille. Tá mé ag ceapadh chomh maith go mbeidh gach díospóireacht borb agus go gcothóidh sé crá croí ar an dá thaobh.

Thar aon rud eile, is é an píosa reachtaíochta seo a léiríonn don domhan mór an deighilt ollmhór idir an Rialtas agus an freasúra ar an gceist bhunúsach seo. Rud eile atá fíorshuimiúil faoin bhfreasúra: ní hiad na páirtithe clé amháin atá ag teacht le chéile sa mheitheal seo! Tá Aontú agus Independent Ireland, atá suite ar eite dheas na polaitíochta, ag teacht sna sála orthu agus ag argóint go fíochmhar i gcoinne an Bhille.

Mar a dúirt mé, tá gach cuma ar an scéal go mbeidh an díospóireacht seo ar cheann de na cathanna polaitiúla is mó agus is fíochmhaire a fheicfear sa Dáil idir seo agus an chéad toghchán eile.

Foclóir:

glas triarach = triple lock

gilitín = guillotine

bairéad = beret

cumhacht na croise = veto power

Géarchéim Shuais = Suez Crisis

pobalbhreith = plebiscite

neutrality = Neodracht

ruaille buaille = commotion

Source: The Irish Times · Harry McGee

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira