D’éirigh le vóta i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste an tseachtain seo caite a cheadófar tuilleadh comharthaíocht dhátheangach sa chathair. Thug an DUP tacaíocht don rún, agus tá fáilte mhór curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an tacaíocht traspháirtí seo.
Bhain an vóta le £100,000 de chaiteachas atá anois le caitheamh ar chomharthaíocht dhátheangach a chur in airde sa Cheathrú Ghaeltachta in iarthar na cathrach. Tá limistéar na Ceathrún Gaeltachta méadaithe le déanaí, agus mar gheall ar an rún seo crochfar comharthaíocht i nGaeilge agus i mBéarla ar go leor sráideanna nach raibh san áireamh in obair a rinneadh go dtí seo.
…ní minic a thugann an DUP tacaíocht den saghas seo d’aon togra a bhaineann le cur chun cinn na teanga.
Thug Sinn Féin, an SDLP agus an DUP tacaíocht don rún. Cé go bhfuil aitheantas oifigiúil ag an Cheathrú Ghaeltachta ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, ní minic a thugann an DUP tacaíocht den saghas seo d’aon togra a bhaineann le cur chun cinn na teanga. Tá comharthaíocht dhátheangach i mBéal Feirste ina cnámh spairne le fada an lá sa Chomhairle, agus is iomaí díospóireacht agus easaontas a tharlaíonn mar gheall ar iarrachtaí phobal na Gaeilge comharthaíocht dhátheangach a chur in airde sa chathair, go háirithe sa Cheathrú Gaeltachta.
Tugadh polasaí úr sráidainmneacha isteach in 2022 agus athraíodh an próiseas iarratais chun comharthaíocht dhátheangach a chrochadh ar shráideanna. Níl de dhíth anois ach aontú ó 15% de na cónaitheoirí ar an tsráid sin, ísliú suntasach ón dá thrian a bhí de dhíth roimhe sin. Athraíodh an polasaí seo le teacht le samplaí dea-chleachtais idirnáisiúnta i leith na comharthaíochta dátheangaí, agus le haithint nach ionann gan freagra a fháil ó chónaitheoir agus easaontú leis an iarratas.
Dúirt Conradh na Gaeilge go mbeidh an vóta seo ina chuidiú leis an scuaine ollmhór iarratas atá roimh an Chomhairle Cathrach faoi láthair chun comharthaíocht dhátheangach a fheiceáil ar shráideanna áirithe. Mar gheall ar an vóta seo, aontaíodh cuid mhór iarratas in aon bhloc vótála amháin, in áit próiseas iomlán a chur ar bun do gach ceann acu, rud a bheadh costasach agus trom ó thaobh cúrsaí ama agus acmhainní de. Rinneadh é seo cheanna in 2024 nuair a aontaíodh 764 chomhartha a chur in airde ar 301 sráid in aon chinneadh amháin.
Rinneadh an cinneadh is déanaí seo mar chuid de vóta ar chiste lánroghnach a bhí os comhair na gComhairleoirí. Ba é an DUP a mhol an rún chun maoiniú dar luach £339,342 a thabhairt do 47 n-iarratas ar thacaíocht. Mhol Sinn Féin leasú ar an rún chun £100,000 de chaiteachas na comharthaíochta a chur san áireamh sa rún, agus ghlac an DUP leis an leasú molta sin.
Mar gheall nach bhfuil de dhíth anois ach tacaíocht ó 15% de chónaitheoirí ar shráid ar bith chun iarratas rathúil a dhéanamh, bhí i gcónaí seas fíor-láidir go mbeadh rath ar na hiarratais seo ar aon nós, fiú dá mbeadh siad le dul trí ghnáthchóras iarratais na Comhairle. Laistigh den Cheathrú Ghaeltachta tá tacaíocht fhorleathan ann do chur chun cinn na Gaeilge agus tá an-chuid eagraíochtaí Gaeilge, Gaelscoileanna, ionaid chultúrtha agus eile lonnaithe sa cheantar sin a bhfuil sé de sprioc acu an teanga a chur chun cinn.
Mar sin, cé go bhfuil sé suntasach gur thug an DUP tacaíocht don rún, ní léiriú ar bith é seo go bhfuil cur chuige nó dearcadh an DUP i leith na Gaeilge nó i leith na comharthaíochta ag athrú. Ciallaíonn an cinneadh seo nach mbeidh sráideanna sa Cheathrú Ghaeltachta fágtha i leataobh ón obair ar an chomharthaíocht dhátheangach atá déanta go dtí seo - ach mar gheall ar láidreacht na tacaíochta don teanga, bheadh an chomharthaíocht seo le crochadh ag pointe éigin faoi na rialacha reatha. Chuir an cinneadh dlús leis an obair seo, ach dá gcuirfí polasaí na Comhairle i bhfeidhm sa chéad dul síos, is dócha gur fait accompli a bheadh sa chinneadh seo cheana féin.
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh rith an rúin agus go mbeidh an t-airgead anois ar fáil chun an obair seo a chur i gcrích.
Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge, go bhfuil an eagraíocht “millteanach sásta go bhfuil iomlán na Ceathrún Gaeltachta anois aitheanta ag an Chomhairle anseo i mBéal Feirste. Cinnteoidh an tionscadal seo go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ó bhun go barr an limistéir sin.”
Céim shuntasach do chur chun cinn na Gaeilge sa chathair atá ann gur thacaigh an DUP leis an rún agus nach bhfuil bac á chur roimh an chomharthaíocht. Is é is dóichí, áfach, gur bhain an cinneadh seo le cur i bhfeidhm polasaithe a bhí le tarlú le fada, sin agus le haontú ar phacáiste níos mó a chuaigh fríd an chomhairle in aon am amháin, seachas le haon athrú meon sa DUP i leith na Gaeilge.
Source: The Irish Times · Ursula Savage
At a glance
- Topic
- World
- Country
- 🇮🇪 IE
- Publisher language
- EN
- Added to Allnira