Tá Creatlach Straitéiseach nua maidir le mionlú agus teangacha atá i mbaol le moladh ag ELEN (an Líonra Eorpach um Chomhionannas Teangacha) don Aontas Eorpach chun dul i ngleic leis an “ghéarchéim teanga” atá anois san Eoraip. Rinneadh plé ar an ábhar mar chuid d’Ard-Fheis ELEN, a eagraíodh i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine, an chéad uair a eagraíodh Ard-Fheis na heagraíochta in Éirinn ó 2018.
D’fhreastail breis agus 170 eagraíocht ar an Ard-Fheis bhliantúil arbh iad Conradh na Gaeilge agus Glór na Móna a d’óstáil agus a thit amach thar thrí lá sa chathair. Díríodh lena linn ar dheiseanna forbartha agus cosanta teanga fud fad na hEorpa agus a fiosraíodh na bealaí chun comhoibriú agus cur chuige níos straitéisí a chothú idir pobail teangacha mionlaithe.
I measc an phlé a bhí ann, bhí cainteanna agus ceardlanna ar réimse leathan ábhar: riachtanais tithíochta, cúrsaí óige, feachtais phobalbhunaithe, dlíthíocht straitéiseach, agus an teicneolaíocht agus an Intleacht Shaorga ina measc.
Páirteach sa phainéal a rinne imscrúdú ar an ghéarghá le cosaintí breise ón Aontas Eorpach, bhí an tOllamh Vesna Crnić-Grotić, Coiste na Saineolaithe, Comhairle na hEorpa, a dhéanann monatóireacht ar chur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh; an tOllamh Elin Haf Gruffydd Jones, Uachtarán ELEN agus Stiúrthóir an Ionaid um Ard-Léan Ceilteach agus na Breatnaise in Ollscoil na Breataine Bige; Davyth Hicks, Ard-Rúnaí ELEN; agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin.
Dúirt Mac Giolla Bhéin gur thug an Ard-Fheis deis “na comhchaidrimh sin a neartú, dea-chleachtas a roinnt agus an chomhfhoghlaim a bhuanú le haghaidh na ndúshlán agus na ndeiseanna atá romhainn uilig”.
Is é an sprioc leis an Chreatlach Straitéiseach nua a mholfar ná bunús comtháite a chur faoin obair cosanta teanga fud fad an Aontais Eorpaigh agus a chinntiú go bhfuil an t-aitheantas agus na hacmhainní cuí ag pobail mionteangacha a gcuid oibre a chur i gcrích.
Tagann an comhrá maidir le Creatlach Straitéiseach ag am tráthúil agus an tAontas Eorpach i mbun plé ar a chéad mhórbhuiséad eile.
Luaigh Davyth Hicks go mbeidh an chreatlach in ann “a chinntiú go mbeidh gach teanga mhionlaithe nó gach teanga atá i mbaol san Eoraip in áit sheasmhach, inbhuanaithe le gur féidir iad a thabhairt slán arís faoin bliain 2040”. Dúradh chomh maith gur “uirlis” a bheadh sa Chreatlach úr chun baill ELEN a tharraingt le chéile d’fheachtais chomónta.
Tagann an comhrá maidir le Creatlach Straitéiseach ag am tráthúil agus an tAontas Eorpach i mbun plé ar a chéad mhórbhuiséad eile. Táthar ag súil go mbeidh deis ann anois acmhainní a éileamh chun an obair cosanta teanga a neartú agus a fhorbairt ar bhonn straitéiseach, trasna na hEorpa ar fad.
Tá sé luaite i measc aidhmeanna an Aontais Eorpaigh meas a léiriú ar éagsúlacht teangacha na mór-roinne, ach go dtí seo níl mórán oibre déanta ag an Aontas sa réimse seo dar le ELEN, go háirithe i gcomparáid leis na cosaintí atá ann don oidhreacht fhisiciúil nó don bhithéagsúlacht. Dúirt Hicks gur gá “an cheannasaíocht pholaitíocht san Eoraip a cheangal leis an ghníomhaíochas ar an talamh” agus nach bhfuil meath na mionteangacha san Eoraip “dosheachanta”.
Cuireadh na hionadaithe ón Eoraip ar an eolas faoi cheisteanna Gaeilge chomh maith, le caint ó Daniel Holder ón Choiste um Riar an Chirt faoi staid reatha na polaitíochta sa Tuaisceart agus ar an tionchar a imríonn na deacrachtaí siúd ar fhorbairt phobal na teanga. Labhair Róisín Nic Liam faoin ról a d’fhéadfadh a bheith ag gluaiseachtaí Gaeilge san fheachtas chun Éire Aontaithe a fhíorú, agus labhair an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin faoi na dúshláin sochtheangeolaíochta atá ann don Ghaeltacht i láthair na huaire.
Thug an tOllamh Nicolas Levrat, Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Saincheisteanna Mionlaigh, príomhchaint na hArd-Fheise maidin Dé Sathairn. Rinne Levrat plé ar thuairisc dá chuid, a fhoilseofar go luath, ina ndéantar measúnú criticiúil ar theip an Aontais Eorpaigh gníomh dóthanach a dhéanamh chun teangacha mionlaithe a chosaint agus cearta lucht labhartha na dteangacha sin a dhaingniú. Táthar ag súil leis go mbainfear úsáid as an tuairisc chun cur le cás na Creatlaí Straitéisí atá molta ag ELEN.
Anailís: lch 5
Source: The Irish Times · Ursula Savage
At a glance
- Topic
- World
- Country
- 🇮🇪 IE
- Publisher language
- EN
- Added to Allnira