Bhí mé i Staid Aviva Dé Máirt seo caite nuair a bhain foireann sacair na Poblachta bua cuimsitheach amach i gcoinne na Cosaive. Tháinig na himreoirí agus an lucht tacaíochta le dóchas ina gcroíthe agus iad ag súil le taispeántas mór. Bhí an bua tuillte go huile is go hiomlán ag fir na Poblachta agus iad ag críochnú sa dara háit i ngrúpa 3B de Shraith UEFA na Náisiún.

Bhí meon réasúnta dearfach ag bainisteoir na foirne, Heimir Hallgrimsson, roimh an gcluiche, ainneoin gur chaill a fhoireann 1-0 in aghaidh na hOstaire ceithre oíche roimhe sin. Ba é Sasa Kalajdzic a d’aimsigh an cúl cinniúnach deireanach sa chluiche úd. Ina theannta sin, bhí brú ar na hÉireannaigh roimh ré agus iad ag smaoineamh ar an gcéad chluiche a d’imir siad in aghaidh na Cosaive i mí Mheán Fómhair, cluiche a chaill siad 1-0.

Mhothaigh mé gur fhoghlaim na cosantóirí ceachtanna luachmhara agus cheap mé nár thug siad an oiread céanna spáis do na Cosavaigh san Aviva Dé Máirt seo caite. Bhí Caoimhín Kelleher údarásach sa chúl agus é ag stiúradh na himeartha go minic ón leath eile den pháirc.

Ag tús an chluiche, bhí easpa spáis ag na himreoirí ar gach aon taobh. Ba léir go raibh frustrachas ar na hÉireannaigh faoi chiceanna saoire nár bronnadh agus faoi bhotúin a bhí déanta ag an réiteoir, dar leo. Ach d’oibrigh an fhoireann le chéile agus d’oibrigh siad go crua. Choinnigh siad orthu ag cruthú spáis agus bhí cuma níos slachtmhaire ag teacht ar an gcosaint. Tar éis 26 nóiméad d’imirt scaoilte go maith, bronnadh cárta dearg ar chosantóir de chuid na Cosaive, Kreshnik Hajrizi, tar éis dó a lámh a chur leis an liathróid agus é ag iarraidh í a choinneáil amach ón gcúl. Bronnadh cic éirice ar fhoireann na Poblachta agus ba é Troy Parrott - fear na gcúl - a sheas suas chun é a thógáil. Bhí radharc an-soiléir agam ar an gcúl báire Muric, a bhí ag brú Parrott agus ag iarraidh cur isteach air. Ach dhírigh tosaí Real Betis ar an sprioc agus d’aimsigh sé an cúl go cruinn agus go cumhachtach!

Bliain agus lá ó d’aimsigh sé trí chúl sa chluiche in aghaidh na hUngáire, chruthaigh Parrott go láidir arís le linn an chluiche i gcoinne na Cosaive le dhá chúl. Bhí sé tráthúil gur thug fear a bhí in aice liom pearóid bhréagach isteach chuig an gcluiche leis - b’fhéidir go raibh smut den ádh ag baint leis an éan ildaite agus í thuas san aer i measc an tslua ag coinneáil súil ar an imirt. Chuaigh sí le báiní nuair a chuir Troy an liathróid i gcúl na heangaí. Cé nach raibh sí beo, bhí an chuma uirthi go ligfeadh sí scréach ard aisti, ar nós chuile dhuine eile a bhí taobh léi.

…tá an t-aonad cosanta níos cróga agus ag imirt le níos mó muiníne ná mar a bhí sna cluichí roimhe seo.

Bhí an Chosaiv ag imirt le deichniúr ón bpointe sin ar aghaidh agus bhí na hÉireannaigh lán le muinín. Níor athraigh an scór roimh leath ama ach bhí a thuilleadh le teacht sa dara leath. Bhí iarracht ar chúl ag Jayson Molumby tar éis dhá nóiméad. Rinne an cúl báire Muric iarracht í a shábháil ach nuair a bhris an liathróid, tháinig Parrott isteach agus leag an cúl báire é. Bronnadh an dara cic éirice agus ní dhearna sé aon bhotún an uair seo ach an oiread.

Ag labhairt dó tar éis an chluiche, dúirt Troy gur chreid sé i gcónaí go mbeadh sé in ann an brú a sheasamh agus an geansaí glas a chaitheamh ar son na hÉireann. Tar éis an dá chic éirice a fuair sé an tseachtain seo caite, tá sé ar an dara himreoir Éireannach – i ndiaidh Robbie Keane – a bhfuil seacht gcúl idirnáisiúnta aimsithe aige in aon bhliain amháin.

Bhí 74 nóiméad ar an gclog nuair a fuair Éire an tríú cúl a tháinig ó Jack Moylan nuair a chuir Liam Kitching an pas isteach. Thapaigh Hallgrimsson an deis le hionadaithe a thabhairt isteach agus d’fhág Moylan agus John Egan agus tháinig Chiedozie Ogbene agus Jake O’Brien ar an bpáirc. Deich nóiméad níos deireanaí, tháinig Rocco Vata isteach in áit Abankwah. Bhí fuinneamh agus faoiseamh ar an lucht tacaíochta ag deireadh an chluiche agus iad thar a bheith sásta leis an mbua 3-0 agus an dara háit i nGrúpa B3 bainte amach.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an bhfoireann ó thús na bliana. Tá trí rud ar leith tugtha faoi deara agam faoina stíl imeartha. Ar an gcéad dul síos, tá níos mó deiseanna scórála á gcruthú acu. Anois, chuir siad go leor deiseanna amú sa dara leath den chluiche ach bhí siad gníomhach, bhí siad gnóthach agus ghnóthaigh siad trí chúl le linn an chluiche. De réir na staitisticí, chruthaigh siad 19 n-iarracht scórála Dé Máirt seo caite agus tá sé sin le moladh.

Ina theannta sin, tá an t-aonad cosanta níos cróga agus ag imirt le níos mó muiníne ná mar a bhí sna cluichí roimhe seo. Ar ndóigh, creidim gur mór an chailliúint é Séamus Coleman agus gur ghoill sé go mór ar an bhfoireann nuair a chaill siad peileadóir agus ceannaire leis an oiread taithí agus atá ag an gcosantóir as Dún na nGall.

É sin ráite, chruthaigh Dara O’Shea, Liam Scales agus John Egan go maith sa chluiche deireanach. Feictear dom go bhfuil siad ag teacht amach chun cinn anois chun stop a chur le hionsaithe lár páirce in áit a bheith ag fanacht siar - rud a d’fhágfadh an brú ar fad orthu ansin leis an bpas deireanach nó ruathar aonair a stopadh.

Tá an-tionchar ag na torthaí maithe in aghaidh foirne móra ar a gcuid muiníne freisin. An bua a bhí ag foireann na Poblachta in aghaidh na Portaingéile ar an 13 Samhain 2025, cuir i gcás. 2-0 an scór deiridh a bhí ann agus cé nár éirigh leo áit a bhaint amach i gCorn an Domhain an samhradh seo caite, thug an bua sin ardú meanman dóibh, agus dá lucht tacaíochta. Níos deireanaí an mhí chéanna, bhí bua 3-2 acu as baile in aghaidh na hUngáire. Sílim go bhfuil siad dírithe ar áit a bhaint amach in Euro 2028 agus is dóigh liom go n-éireoidh leo an sprioc sin a bhaint amach.

Beidh geansaithe glasa na hÉireann le feiceáil arís mí an Mhárta seo chugainn i gcluiche cáilithe de chuid Shraith na Náisiún agus beidh an fhoireann ag súil le hardú céime go Sraith A leis na foirne móra in 2028-2029.

Thug Hallgrimsson le fios an oíche faoi dheireadh go bhfuil deis mhór i gceist le cluichí cáilithe Euro 2028, mar gheall ar an mbua seo. Déanfar an tarraingt do chluichí cáilithe Euro 2028 i mBéal Feirste Dé Domhnaigh seo chugainn, an 6 Nollaig.

Foclóir

ceachtanna luachmhara = valuable lessons

fuinneamh = energy

faoiseamh = respite/relief

brú = pressure

dul chun cinn = progress

suntasach = significant

Source: The Irish Times · Máire Ní Bhraonáin

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira