“Are we sideways?” Tá triúr de na deartháireacha Dunford (tá ceathrar acu ann san iomlán) ar scáileán os mo chomhair, ag útamáil lena bhfóin ar chúl veain ionas go bhfeicfear iad uilig ar an gceamara. Táim buíoch as a ndíograis agus iad - an banna ceoil The Wran - ar an mbóthar ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath mar chuid dá gcamchuairt náisiúnta, atá díolta amach ar fud na tíre.

“Bhí uainn bealach a aimsiú… to squeeze it in.” Labhraíonn siad d’aon ghuth nach mór, ag cur le habairtí a chéile: “Tá sé tar éis a bheith craiceáilte. Brionglóid atá ann é a dhíol amach.”

Ní hé seo an chéad mhórléiriú díograise atá feicthe agam ón mbanna, a thaistil ó ardán Salty Dog ag Electric Picnic oíche Aoine le casadh i nGlaschú oíche Shathairn, agus ansin ar ais go dtí an Chollchoill i gContae Laoise oíche Dhomhnaigh.

“Ceapaim nach mbíonn muid bog linn féin. Ní ghlacann muid an bóthar éasca riamh,” arsa Stephen. Cuireann Tommy leis sin: “chonaic muid an deis agus dúirt muid ‘you know what? Is féidir linn muid féin a bhrú’. Ba dheas an deireadh seachtaine a chríochnú le seit wholesome sa Chollchoill. Bhí sé thar a bheith tuirsiúil. Ach b’fhiú é. Mothaigh sé an-dlúth.”

Sileann an caidreamh seo, agus a nasc leis an mbaile, isteach i ngach rian den albam The Stone Man.

Is as Port Láirge do The Wran, agus is léir bród na nDéise uathu. “Maidir leis an gcathair,” arsa Stephen “i dtaobh folk, tá sé ag teacht ar aghaidh ach níl sé ann fós. Táimid i mbun abhcóideachta ar a shon.”

“Go leor trad,” arsa Tommy, “go háirithe ag an bhFleadh agus a leithéid.” “Agus ceoltóirí iontacha ar nós Seamas Hyland ón Rinn.” “Ceol ailtéarnach freisin, Stella and the Dreaming, Echo North Star, cúpla duine in ØXN as Port Láirge ceapaim.” Luaitear Bank Lane agus Theatre Royale a bhfuil trom na hoibre á dhéanamh acu.

Cé gur fhás siad aníos ag casadh ceoil, is rac, giotár agus drumaí a bhí ag na deartháireacha is sine Tommy agus Danny, ach ceol clasaiceach agus traidisiúnta trí Chomhaltas ag Stephen agus Seán, a deir go raibh orthu an bheirt is sine a tharraingt leo thar thairseach an cheoil thraidisiúnta.

“Deireadh seachtaine amháin ag Willie Clancy!” a chuir Tommy ar bhóthar a leasa ar deireadh. Níor rith sé leo casadh lena chéile áfach go dtí an Nollag sa mbaile dhá bhliain ó shin. Dea-smaoineamh a n-athar a bhí ann: “bhí an-chraic againn, chas muid cúpla gig agus… táimid ag dul ó neart go neart ó shin.”

The Wran

The Wran

Tá cothú dearfach baile lárnach i scéal The Wran. Is óna seanathair a fuair siad a n-ainm: “ár seanathair, agus athair, rachaidís ‘on the wran’ lá an dreoilín. Déarfadh sé ‘wran’ seachas ‘wren’. Rachaidís chuig na tithe ag casadh ceoil agus ag damhsa,” arsa Seán. “Tá sé greannmhar,” a fhreagraíonn Tommy, “bíonn muid anois ag dul thart ag casadh ceoil do dhaoine. Tá sé oiriúnach, ceapaim.”

Cuimsítear an nasc teaghlaigh sin ina lógó. “Clann Lir?” a fhiafraím díobh. “Díreach é,” a deir Tommy, a dhear an íomhá mar chárta Lá na nAithreacha. “Léiriú orainne a bhí le bheith ann, an ceathrar páistí. De ghnáth le snaidhmeanna Ceilteacha bíonn gach rud siméadrach. Ba chóir go mbeadh cloigne na n-ealaí ar bun sa treo eile, ach cheap mé nach mbeadh sé sin ionadaíoch orainn mar cheathrar ar comhchéim, mar sin chas mé iad le go mbeadh na cloigne ar fad ag breathnú sa treo céanna.”

Thaitin an cárta chomh mór sin lena n-athair gur thóg sé go seodóir áitiúil é le ceithre shlabhra a dhéanamh den íomhá, agus tá na slabhraí sin á gcaitheamh ag na deartháireacha timpeall ar a muiníl anois.

Sileann an caidreamh seo, agus a nasc leis an mbaile, isteach i ngach rian den albam The Stone Man. Tá tírdhreach agus logainmneacha go tréan sa rogha amhrán traidisiúnta agus nuachumtha atá sa gcnuasach seo acu.

“Go leor acu, míníonn siad ár dtaithí i bPort Láirge, go háirithe Dún Garbhán. Kilbrien, sin ceann mór freisin, ábhair ar nós na deoraíochta, béim ar an mbaile. Go leor amhrán as Cúige Mumhan, agus ceann amháin, Aird Uí Chuain, a tháinig ón tuaisceart,” a mhíníonn Stephen.

Léiríonn siad meas don traidisiún gan bheith srianta aige. Tá domhan rithimiúil dorcha tógtha acu ina suíonn a rianta nuachumtha, leithéidí Dunford’s March, go compordach in aice leis na hamhráin thraidisiúnta atá bailithe acu. Buaic is ea an leagan aoibhinn den amhrán sean-nóis Aird Uí Chuain, atá chomh beo ábhartha anois is bhí sa 19ú céad.

“Faoin tuath in Éirinn,” arsa Tommy “tá go leor seantithe tréigthe, agus daoine atá cineál fágtha ar lár freisin. Go leor seandaoine, a bhfuil a dteaghlaigh imithe, nó clann imithe chuig an Astráil nó mar sin de. Léiríonn The Devil is Dead sin, agus The Waterford Boys, cuireann siad ar fad le scéal iomlán.”

“Ceol na ndaoine atá ann,” ar seisean. “Táimid sa domhan digiteach seo, scartha óna cháile, agus tá daoine sa tóir ar bheith i láthair lena chéile. Léiríonn an ceol sin.”

Aontaíonn Stephen leis: “bíonn ceol folk i gcónaí ábhartha.”

Foclóir:

camchuairt náisiúnta = nationwide tour

na cloigne = the heads

slabhraí = chains

greannmhar = funny

deoraíocht = wandering/exile

srianta = restricted

Source: The Irish Times · Emma Ferrari

At a glance

Topic
World
Country
🇮🇪 IE
Publisher language
EN
Added to Allnira