D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an tseachtain seo caite go bhfuil €5.4 milliún sa bhreis ceadaithe aige le leanúint leis an chéad chéim eile den athfhorbairt ar cheannáras Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair.
Tá an fhorbairt seo i lár Bhaile Átha Cliath roinnte i gcéimeanna agus ceadaíodh €3.2 milliún le tabhairt faoin chéad chuid den togra i mí Feabhra anuraidh. Ceann de thrí mhórthionscadal caipitil Gaeltachta atá á gcur chun cinn ag an Roinn is ea 6 Sráid Fhearchair, mar aon le hathfhorbairt ché Inis Oírr, tionscadal ar fiú €35 mhilliún é, agus ionad oideachais agus óige úrnua in Indreabhán i gContae na Gaillimhe.
Tá an athfhorbairt ag Ceannáras Chonradh na Gaeilge ag teacht le sprioc Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 go mbeidh mol teanga agus cultúrtha i lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Cruthófar “eispéireas dinimiciúil stairiúil” don phobal agus do thurasóirí ag an lárionad Gaeilge agus cuirfear spás oifige ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge ar nós Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá.
Dúirt an tAire Calleary gur “cúis mhór bróid” dó an dul chun cinn a fheiceáil ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair.
“Baineann an tionscadal seo le caomhnú foirgnimh a bhfuil tábhacht náisiúnta stairiúil ag baint leis agus tá sé ríthábhachtach todhchaí an fhoirgnimh sin a chinntiú do phobal na Gaeilge amach anseo,” a dúirt sé.
“Leis na hoibreacha athchóirithe atá déanta go dtí seo ar an tionscadal, tá sláine an fhoirgnimh stairiúil reatha caomhnaithe agus an struchtúr á thabhairt suas go caighdeán nua-aimseartha.
“Cinntíonn an maoiniú go bhféadfar na hoibreacha riachtanacha a dhéanamh chun an foirgneamh agus an suíomh a réiteach de réir na gcaighdeán is airde, mar ullmhúchán do na céimeanna forbartha atá le teacht. Cinntíonn an infheistíocht seo go bhfuil todhchaí láidir ag an obair thábhachtach a mbíonn Conradh na Gaeilge ag tabhairt fúithi agus iad ag neartú na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.”
Is ón Chlár Caipitil de chuid Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge a thagann an maoiniú seo, atá dírithe ar eagraíochtaí Gaeilge lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht.
Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Chathal Mac Coille
Bronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar an iriseoir agus craoltóir aitheanta Cathal Mac Coille ag searmanas bronnta i gCill Airne, Contae Chiarraí san oíche amárach, an 28 Deireadh Fómhair 2026. Tá na Gradaim Chumarsáide ar cheann de mhórócáidí Oireachtas na Samhna agus cuireann siad tús beo bríomhar leis an fhéile gach bliain.
Is as Baile Átha Cliath do Chathal Mac Coille agus ba é an chéad chomhfhreagraí polaitíochta a bhí ag Teilifís na Gaeilge nuair a bunaíodh an stáisiún sa bhliain 1996. Chaith sé tréimhsí le RTÉ mar thuairisceoir polaitiúil, mar iriseoir agus mar láithreoir raidió agus teilifíse, agus tá colún seachtainiúil aige faoi láthair ar tuairisc.ie.
Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais: “Cúis áthais don Oireachtas is ea Buaic-Ghradam Cumarsáide 2026 a bheith á bhronnadh ar Chathal Mac Coille. Saothar le háireamh a bhfuil bainte amach aige óna chéad choiscéim isteach i ngort na cumarsáide i lár na seachtóidí. Tá a ghrinn-chumas anailíse, a dhomhain-tuiscint ar chúrsaí polaitíochta agus a chur i láthair soiléir, deisbhéalach, ionraic, le sonrú i ngach gné dá shaothar, san iriseoireacht, sa tuairisceoireacht agus sa chraoltóireacht. Is gradam é seo atá rí-thuillte ag Cathal, agus tréaslaím leis a shaothar eisceachtúil san iriseoireacht agus sa chraoltóireacht thar na mblianta.”
Dúirt Cathal Mac Coille: “Gabhaim buíochas ó chroí leis an Oireachtas as an ngradam an-speisialta seo agus le heagarthóir agus léitheoirí Tuairisc.ie toisc gur dóigh leo gur fiú mo cholún a fhoilsiú agus a léamh.”
Déanfar an ócáid speisialta a shruthú beo ar antoireachtas.ie agus tg4.ie ag 8pm oíche amárach.
Foras na Gaeilge ag dul i ngleic leis an BBC maidir le ciorruithe
Tugadh le fios d’fhoireann BBC Gaeilge ag cruinniú ar líne an mhí seo go gcaillfear 60% de na poist Ghaeilge san eagraíocht mar chuid de chiorruithe tras-eagraíochta. Má chuirtear na ciorruithe seo i bhfeidhm, ní bheidh ach beirt den bhreis is 600 duine atá ag obair sa BBC ó thuaidh ag plé leis an Ghaeilge.
Deir Foras na Gaeilge go bhfuil teagmháil déanta acu le foireann ardbhainistíochta BBC Thuaisceart Éireann le moladh go ndéanfaí ardú suntasach ar an gcaiteachas ar ábhar i nGaeilge ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne, “in ainneoin na ndúshlán mór maoinithe atá roimh an BBC faoi láthair”.
Deir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go bhfuil sé “buartha faoi inmharthanacht agus leas na craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh amach anseo, mura mbíonn foireann acu le bheith ag plé le cláir Ghaeilge”.
Deir sé fosta go bhfuil sé “deacair na ciorruithe atá fógartha a thuiscint nuair a dhéantar comparáid leis an chaiteachas de níos mó ná £40m a dhéanann an BBC ar ábhar Breatnaise, gan an £95m a chaitear ar S4C as an táille ceadúnais a chur san áireamh, agus an caiteachas a dhéantar ar Ghaeilge na hAlban in Albain, áit a gcaitheann BBC Scotland £10m ar BBC ALBA, £4m ar BBC Radio nan Gàidheal, agus caiteachas mór eile ar ábhar ar líne”.
Ag caint dó le Fachtna Ó Drisceoil ar Raidió na Gaeltachta, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Feirsteach bródúil, gur “léirscrios” atá i gceist leis na ciorruithe “éagothroma” agus “díréireacha” seo.
“Cuireann an BBC seirbhísí lárnacha ar fáil do phobal na Gaeilge agus do theaghlaigh agus tá sé sin uilig anois ag imeacht. Tá muid ag caint i gcomhthéacs go bhfuil pobal na Gaeilge agus an Ghaeilge trí chéile anseo faoi bhláth. Tá sé ag teacht salach ar an treo a bhfuil an pobal ag dul,” a dúirt sé.
“Tá sé doiligh a shamhlú cinneadh níos measa a ghlacadh ag an BBC anseo.”
Source: The Irish Times · Áine Ní Dhonnaile
At a glance
- Topic
- World
- Country
- 🇮🇪 IE
- Publisher language
- EN
- Added to Allnira